Jump to content

Niamh/18

From Wikisource
181473Niamh — RáflaíPeadar Ua Laoghaire
[ 96 ]

CAIBIDIOL XVIII.

RÁFLAÍ.

An ḟaid a ḃí mór-ṡluaġ Ḃriain ag teaċt aḃaile ó Ṫeaṁair go Ceann Cora an uair sin ní raiḃ aon lá gan an uile ṡaġas ráflaí ag gluaiseaċt ameasg na ḃfear ar na neiṫiḃ iongantaċa a ḃí, dar le daoine, ar siúḃal lastuaiḋ i Leaṫ Ċuinn. Ḃí mór-ṡluaġ uaṫḃásaċ ag M'lṡeaċlainn á ċruinniuġaḋ, a deirṫí. Clanna Néill go léir ag cruinn- iuġaḋ as gaċ áird agus a gcáirde leó. Loċlanaiġ ag dul amaċ ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ ag caḃruġaḋ le M'lṡeaċlainn i gcoinniḃ Ḃriain. Loċlanaiġ ag dul óṫuaiḋ ó'n Múṁain ċun díoltais a ḋéanaṁ ar Ḃrian agus ar Leaṫ Ṁoġa. Slóiġte Loċlanaċ ag teaċt anall tar faraige ag caḃruġaḋ le Loċlanaiġ na h-Éirean i gcoinniḃ Ḃriain, i gcoinniḃ an aon ḟir aṁáin a ḃí tar éis cóṁaċt Loċlanaċ do ċur ar neaṁníḋ i n-Éirinn. Dar le luċt na ráflaí ḋein Brian botún uaṫḃásaċ nuair a ṫug sé an ḃliain do Ṁ'lṡeaċlainn ċun a nirt a ċruinniuġaḋ agus ċun é féin do ċur i dtreó i gcóir an ċaṫa ṁóir a troidfí nuair a ḃéaḋ an ḃliain istiġ.

Duḃairt daoine ná raiḃ aon ḃríġ leis na ráflaiḃ sin. Dúḃairt daoine eile go raiḃ agus gaċ aon ḃríġ leó, agus go neósfaḋ an aimsir go raiḃ bríġ leó.

D'airiġ Brian agus a luċt cóṁairle na ráflaí go léir. Níor ċuir sé aon tsuim ionta. Ní dúḃairt sé 'seaḋ ná ní h-eaḋ leó. Níor ġáḋ ḋó é. Ní raiḃ aon ṗáirt de Leaṫ Ċuinn ná raiḃ a ṫeaċtairí aige ann agus cúntas cruinn aige d'á ḟáġail uaṫa ar gaċ aon rud a ḃí ag tuitim amaċ lastuaiḋ. Isé Caoilte a ḃí 'n-a ċeann ar na teaċtairíḃ sin. Ċuireaḋ sé duine acu óḋeas i n-aġaiḋ an lae náċ mór, le blúire éigin eóluis, ag triall ar Ḃrian.

[ 97 ]Ḃí ḟios ag Niaṁ agus agá driṫáir Caoilte ḃeiṫ ag déanaṁ na h-oibre sin. Ḃí níḋ ar a n-aige féin a ḃí ag déanaṁ buarṫa ḋóiḃ. B'é níḋ é sin 'ná cad a ḃí imṫiġṫe ar Aṁlaoiḃ nó cé 'cu beó nó marḃ a ḃí sé. Ḃí an níḋ sin ag déanaṁ buarṫa do Ṫaḋg, mar ní áiteóċ' an saoġal air ná gur deineaḋ éagcóir ṫrom éigin ar Aṁlaoiḃ. Go dtiocfaḋ sé ṫar n-ais gan teip mura mbéaḋ nár fágaḋ ar a ċumas teaċt. Ḃí an níḋ sin ag déanaṁ buarṫa do Niaṁ, aċ má seaḋ ní buairt de'n tsaġas ċéadna a ḃí aige 'á ḋéanaṁ di. Ḃí an dá ṁaċtnaṁ úd 'n-a h-aigne aici mar ġeall air, agus gan ar a cumas an dá ṁaċtnaṁ a ṫaḃairt d'á ċéile.

Dúḃairt Taḋg gur ḋóiċ leis gur ṁaiṫ an rud teaċtaire ċur óṫuaiḋ ag triall ar Ċaoilte 'ġá ráḋ leis ḃeiṫ ar ṫuairisg an t-é a ḃí uaṫa. Go mb’ ḟéidir go dtiocfaí suas le tuairisg éigin air lastuaiḋ, go mór mór ameasg Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Do socaruiġeaḋ air sin. Do soláṫruiġeaḋ an teaċtaire. Do sgríoḃaḋ leitir ḟada agus do tugaḋ dó í le breiṫ ag triall ar Ċaoilte. Do cuireaḋ síos sa leitir sin an uile ḃlúire eóluis d'á raiḃ ag an mbeirt ar Aṁlaoiḃ. Do cuireaḋ síos a ċóṁarṫaí go léir inti, a ḋriuċ agus a ḋeaḃraṁ, a aos do réir tuairim, a ṫéagar agus a aoirde agus caṫ a ġruaige. Ní baoġal ná gur ṁol Taḋg a ṗearsa agus a ṫréiṫe. D'imṫiġ an teaċtaire agus do rug sé leis an leitir. Tar éis raint aimsire ṫáinig sé suas le Caoilte agus ṫug sé ḋó í. Do léiġ Caoilte an leitir. Má léiġ ba ċuiṁin leis láiṫreaċ an t-ógánaċ Loċlanaċ a ḃí ar iaraiḋ. Ḃí aiṫne ṁaiṫ aige air, aċ ní raiḃ, dar leis, aiṫne ag Aṁlaoiḃ air-sean. Ċuir sé leitir ṫar n-ais ag triall ar Niaṁ agus ar Ṫaḋg 'ġá innsint dóiḃ go raiḃ aiṫne aige ar Aṁlaoiḃ, agus go ndéanfaḋ sé a ḋíċeal ar a ḋ' ḟáġail amaċ cá raiḃ sé, nó an raiḃ sé beó.

[ 98 ]Bíoḋ nár ċuir Brian suim ins na ráflaíḃ, mar ná ġáḋ ḋó é, do ḋein sé an uile ṡaġas díċil ar a ṡlóiġtiḃ do ṁéaduġaḋ agus do neartuġaḋ agus do ċur i dtreó i gcóir na h-oibre a ḃí roimis ar ṫeaċt na h-aṫḃliana. Ċuir sé tuille fear isteaċ ins gaċ buiḋin d'á ṡluaġ, agus ḋein sé buiḋeana eile i dteannta na mbuiḋean a ḃí aige. Ċruinniġ sé ualaí móra éadaiġ agus ualaí móra arḃair ó gaċ aon ṗáirt de'n Ṁúṁain agus d'á raiḃ d'oileán na h-Éirean fé n-a smaċt. Ṫáinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora ó gaċ áit 'n-a raiḃ iaran 'á ṫógaint as an dtalaṁ, agus b'éigean do Ṁeargaċ oiread eile gaiḃní ċur ag obair agus ḃí ag obair ċeana aige, i dtreó go raiḃ na h-airm d'á ndéanaṁ níos tiúġa ar dúbailt 'ná mar a déintí roimis sin iad. Nuair a ċonaic luċt na ráflaí an t-éirleaċ oibre ar fad ar siúḃal: “Aċ!” adeiridís, “buaḋfaiḋ Brian ar Ṁ'lṡeaċlainn agus ar a ḃfuil de Loċlanaċaiḃ fé luiġe na gréine!”

Do fuaraḋ amaċ lastuaiḋ, i gcaiṫeaṁ na bliana, cad é an t-éirleaċ ollṁúċáin a ḃí ar siúḃal i gCeann Cora. Má fuaraḋ isé rud a ḋein gaċ ríġ des na ríġṫiḃ ṫuaiḋ 'ná cúbaḋ ċuige agus M'lṡeaċlainn a ḋ' ḟágáilt gan ċaḃair gan ċongnaṁ. Ṫugadar cóṁairle ċóṁngaraċ neaṁ- ċongantaċ dó. Dúḃradar leis, nuair ná raiḃ ar a ċumas an Árdríġeaċt do ċosaint ar Ḃrian nár ḃ' ḟearra ḋó rud a ḋéanfaḋ sé 'ná an Árdríġeaċt a ṫaḃairt do Ḃrian agus luiġe isteaċ fé Ḃrian 'n-a ríġ cúige. Dúḃradar leis nár ḃ’ aon ṁaiṫ ḋóiḃ féin dul i gcoinniḃ Ḃriain agus Ḋál gCais. Ná géillfeaḋ Dál gCais an ḟaid a ḃéaḋ duine acu beó, agus ná fágfaidís naṁaid beó 'n-a ndiaiġ. Ná géillfeaḋ ríogra Ulaḋ aċ ċóṁ beag. Gur ḃ' aṁlaiḋ a ḋéanfaḋ an dá ṡluaġ a ċéile do ḋísgiuġaḋ. Ansan nár ḃ'ḟios cé aige go mbéaḋ Éire, ná cé aige go mbéaḋ Árdríġeaċt na h-Éirean. Gur ḃ' ḟearr an tsíṫċáin agus géilleaḋ do Ḃrian.

[ 99 ]B'éigean do Ṁ'lṡeaċlainn ḃeiṫ sásta. Ṫáinig deire na bliana. Do ġluais Brian agus a ṁór-ṡluaġ ó ṫuaiḋ airís go Teaṁair. Ṫáinig M'lṡeaċlainn ag triall air agus ṫug sé ḋó an Árdríġeaċt agus do luiġ sé féin isteaċ 'n-a ríġ cúige fé Ḃrian. Ar Ċúige na Míḋe iseaḋ ḋ' ḟág Brian 'n-a ríġ é.

Ḃí a lán daoine sásta go maiṫ. Ḃí a lán daoine agus ba ċuma leó. Agus ḃí raint daoine agus ḃíodar ana ṁí-ṡásta. Ḃí Gormḟlaiṫ ar an raint sin.