Niamh/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
“Bíodh ciall agat.”
[ 89 ]

CAIBIDIOL XVII.

“BÍOḊ CIALL AGAT.”

Do cuireaḋ rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba ṁó a ċuaiḋ ag ruiṫ na rás. Ċeap Conn go mbainfeaḋ sé cuid de'n ṁóráil d' “Ḟear na gCos,” dar leis. Ċuaiḋ sé isteaċ ar an rásanaiḃ. Níor ċuaiḋ Caoilte isteaċ orṫa i dtusaċ. D'ḟág sé ag na giollaíḃ eile iad. Níor ḋein Conn a ḋíċeal i dtusaċ. Do leig sé bár le duine des na giollaíḃ. Ar ball do deineaḋ taṫant ar Ċaoilte dul isteaċ. Do ċuaiḋ. Do riṫ Conn i dtreó gur ċoimeád sé suas le Caoilte, le “Fear na gCos,” dar leis. Níor ḃ'ḟada gur ḟág an ḃeirt na giollaí lastiar díoḃ ar fad. Do ġéaruiġ Conn. Má ġéaruiġ do ċoimeád Caoilte suas leis. Do ġéaruiġ sé tuille. Má ġéaruiġ do ċoimeád Caoilte suas leis. Do ġéaruiġ sé go dtí ná raiḃ ann géaruġaḋ a ṫuille. Ċoimeád Caoilte suas leis. Ansan d'ḟáisg Caoilte ċun an reaṫa agus do ġluais sé amaċ ó Ċonn i dtreó gur ḋóiċ leis na daoine naċ raiḃ Conn ag ruiṫ i n-aon ċor! Do stad Conn. D'éiriġ an liú ó n-a raiḃ ag feuċaint orṫa i dtreó gur ċriṫ an talaṁ fé ċosaiḃ na ndaoine go léir. Ní de Ċaoilte a baineaḋ an ṁóráil aċ de Ċonn, agus do baineaḋ an ṁóráil i gceart dé.

“Seaḋ!” adeireaḋ na h-uaisle eile leis agus iad ag gáirí, “siné ‘Fear na gCos’ agat! Siniad na cosa buíḋe árda agat! Má táid siad fada tá fuinneaṁ ionta. Is uaṫḃásaċ an ruiṫ atá aige. Ní ḟeaca a leiṫéid de ċuisiḋeaċt i gcosaiḃ duine riaṁ.”

Do críoċnuiġeaḋ an spórt. Ḃí Conn agus na h-uaisle eile a ḃain le teiġlaċ Ṫaiḋg Móir uí Ċealla ag caint agus ag tráċt ar an ngníoṁ uaṫḃásaċ reaṫa a ḋein Caoilte. Cé [ 90 ]ċífí ag teaċt fé n-a ndéin aċ Caoilte féin. Do ḃeannuiġ sé dóiḃ. Ḃeannuiġdar dó. Ḋeineadar raint cainte. Níor laḃair Conn sa ċaint. Ḃí sé gruama, doṫíġsaċ go maiṫ. Fé ḋeire do laḃair sé as a ṁaċtnaṁ féin, agus ní ró ċneasda an focal a dúḃairt sé.

“Má tá teaċtaireaċt agat ó Ḃrian, a ġiolla,” ar seisean, “b' ḟearra ḋuit imṫeaċt agus an teaċtaireaċt a ṫaḃairt. Ní maiṫ an teaċtaire teaċtaire ríġin.”

“Ní'l aon teaċtaireaċt agam ó Ḃrian, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Ó, an eaḋ?” arsa Conn. “Níor ṁeasas go ḃféadfaḋ aon ġnó eile ṫu ṫaḃairt anso aċ teaċtaireaċt éigin a ḃeiṫ agat 'á ṫaḃairt ó Ḃrian ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla.”

“Tá faoḃar ar do ġuṫ, a ríġ,” arsa Caoilte. “Ní'l aon ġáḋ leis an ḃfaoḃar. Má ḃuaḋas ort ba ċóir go ḃféadfá é ḋ' ḟulang mar a ḋéanfaḋ fear. Ní dóċa gur b'aṁlaiḋ a ṁeasfá ḋom gan mo ḋíċeal a ḋéanaṁ.”

“Ní tu buaċtaint orm sa ruiṫ atá ag déanaṁ aon ḃuarṫa ḋom, a ġiolla,” arsa Conn. “Ní raiḃ aon ċeart agam dul sa ruiṫ i n-aon ċor. Ní ró ṁaiṫ a ḋeineas é agus mé féin a ċur i gcomparáid le giolla turais.”

B' ḟuiriste aiṫint air go raiḃ árd ḟearg air. Ḃí an ċaint 'ġá ṫaċtaḋ ba ḋóiċ leat. Ċaiṫeaḋ sé stad idir gaċ aon dó nó trí ḟocalaiḃ le toċt feirge.

“Tá feirg ort, a ríġ,” arsa Caoilte. “Ní ḟeicim cad ḟéadfaḋ an ḟearg a ċur ort aċ mise do ḃuaċtaint ort sa ruiṫ. Ní ḃuaḋfainn ort mura mbéaḋ tu ṫeaċt am' ċoinniḃ sa ruiṫ. B'ḟéidir nár ḃ' ḟearra ḋúinn rud a ḋéanfaimís 'ná sinn féin a ṫriail i ngníoṁ éigin eile. B'ḟéidir dá dtrialaimís sinn féin i ngníoṁ éigin eile go ḃfaġfá an láṁ uaċtair orm agus ansan go n-imṫeóċ' an ḟearg díot.”

Níor ḟéad na h-uaisle eile gan sgeartaḋ gáire ḋéanaṁ. [ 91 ]Do laḃair Caoilte ċóṁ réiḋ sin agus an ḟearg ċóṁ fíoċṁar san ar an ḃfear eile.

“Dá mba ṁac ríġ ṫu,” arsa Conn, “níor ṁiste ḋuit laḃairt ar an gcuma san. Agus dá mba ṁac ríġ ṫu níor ṁiste ḋuit, b'ḟéidir, ḃeiṫ ag teaċt anso ar an ngnó a ṫugan ann tu. Aċ giolla turais!”

Níor ṫug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D'iompuiġ daṫ bán ar an ġnúis. D'ḟeuċ sé n-a ṫímpal ar na h-uaisliḃ eile. Ḃí Niaṁ agus a h-aṫair ag éisteaċt leis an gcaint. Ní ḟeidir sé cad ba ṁaiṫ ḋó a ráḋ ná cad ba ṁaiṫ ḋó a ḋéanaṁ. Ḃuail Niaṁ ċúċa anall go breaġ réiḋ. Ḃíodar go léir ag úṁlúġaḋ ḋi láiṫreaċ.

“A Ċuinn,” ar sise le Conn, “Tá gnó éigin ag Brian díot-sa. Oirean dóṁ-sa leis dul ċun cainte leis. Fan liom ansan tamal beag agus beiḋ mé i n-aonḟeaċt leat ag dul ag triall air. Tar-sa a leiṫ anso go fóil, a ġiolla,” ar sise le Caoilte. “Tá teaċtaireaċt agam le taḃairt duit.”

Nuair a ḃí sí féin agus Caoilte a' raon na gcluas do laḃair sí.

“A Ċaoilte,” ar sise, “taḃair aire agus ná leig ort go gcuirfiḋ an níḋ ata agam le ráḋ leat aon iongnaḋ ort. Táid na h-uaisle sin go léir ag faire orainn. Tá ḟios agam-sa cad a ṫugan anso ṫu. Agus tá ḟios ag Conn cad a ṫugan anso ṫu. An níḋ céadna a ṫugan anso é féin, agus tuille acu. Ṁeasas go dtiocfaḋ liom a ċur 'n-a luíġe ar a n-aigne, gan a ḃeiṫ orm laḃairt, gur gnó gan éifeaċt an gnó atá 'ġá dtaḃairt anso. Táim-se ceapaiṫe, a Ċaoilte, ar mo ṡaoġal do ċaiṫeaṁ ag taḃairt aire dom' aṫair an ḟaid is toil le Dia é féin agus mise ḋ' ḟágaint ar an saoġal. Má's ar m'aṫair is túisge a ġlaoḋfaiḋ Dia, fanfad singil ar an saoġal so go leanad é. — Imṫiġ anois, a Ċaoilte, agus bíoḋ mo ḃeannaċt agat, agus má's maiṫ [ 92 ]leat pósaḋ cuiṁniġ ar ṁnaoi éigin eile. Imṫiġ leat láiṫreaċ, i dtreó go measfar gur ad' ċur ar ṫeaċtaireaċt atáim.”

D'imṫiġ Caoilte.

D'ḟill Niaṁ ag triall ar na h-uaisliḃ a ḃí ag feiṫeaṁ léi.

“Téanam, a Ċuinn,” ar sise le Conn. Ṫugadar aġaiḋ ar ṗubal Ḃriain.

Mac driṫár céile do Ḃrian ab eaḋ Conn. Drifiúr do Ṁaolruanaiḋ na Paidre, do ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, ab eaḋ an ċéad ḃean a ḃí pósta ag Brian. B'í sin máṫair Ṁurċaḋ, agus ba léi tuille de ċlainn Ḃriain, leis.

Nuair a ṫánadar ċun cábáin Ḃriain ċonacadar Murċaḋ agus beirt nó triúr d' uaisliḃ Dál gCais 'n-a seasaṁ lasmuiċ de'n ċábán.

“D'oirfeaḋ dúinn laḃairt leis an ríġ, a Ṁurċaḋ,” arsa Niaṁ.

“Anois díreaċ a ṫánamair uaiḋ, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Dé ḃeaṫa-sa, a Ċuinn,” ar seisean. “Raġad isteaċ, a rígan,” ar seisean le Niaṁ, “agus neósfad dó ṫu ḃeiṫ anso. Ní'l aoinne i n' ḟoċair istiġ aċ Maolṡuaṫain, an sagart.”

B'é Maolṡuaṫain anamċara Ḃriain. Anamċara a tugtí an uair sin ar oide faoisdine.

Ċuaiḋ Murċaḋ isteaċ. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sé amaċ.

“Téanam, a rígan” ar seisean le Niaṁ.

Ċuaiḋ Niaṁ isteaċ agus do fágaḋ Conn amuiċ. D'úṁluiġ sí do Ḃrian mar ba ċeart, agus d'úṁluiġ sí do Ṁaolṡuaṫain. Ansan do laḃair sí.

“Ṫánag ag triall ort, a ríġ,” ar sise le Brian, “ċun go n-iarfainn ort congnaṁ a ṫaḃairt dom feuċaint a' ḃféad- fainn a ċur ḟiaċaiḃ ar ċuid d'ár n-uaisliḃ óga ḃeiṫ síṫċánta le n-a ċéile.”

“Ba ċóir, a 'nġean ó,” arsa Brian, “nár ḃeag dóiḃ na [ 93 ]Loċlanaiġ a ḃeiṫ le troid acu agus gan ḃeiṫ ag troid eatarṫa féin. Cad é an congnaṁ is dóiċ leat a ḋ'ḟéad- fainn a ṫaḃairt duit, a Niaṁ?”

“Ní ró ḟuiriste ḋom ainim a ċur ar an gcongnaṁ, a ríġ,” arsa Niaṁ, “aċ táim 'ġá ṫaḃairt fé ndeara go ḃfuil cuid acu go fíoċṁar agus go feargaċ le n-a ċéile, agus measaim gur mise fé ndeár é.”

“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá orṫa. Measan gaċ fear acu gur aige féin is ceart tu ḃeiṫ mar ṁnaoi, agus tá sé i raċtaiḃ an anama ḃaint as aon ḟear eile a ḋéanfaḋ oiread agus feuċaint ort.”

“Cúis ġáire ċúgainn, a ríġ,” arsa Niaṁ, agus go ġáir sí féin, “is cruinn díreaċ a ḃuailis do ṁéar air!”

“Ba ḋóiċ liom, a Niaṁ,” arsa Brian, “ná fuil aoinne ċun an sgéil sin do ṡocaruġaḋ aċ tusa féin, agus d'á luiġead baint a ḃeiḋ agam-sa ná ag aoinne eile leis an sgéal gur b' eaḋ is fearr a ḋéanfair é ṡocaruġaḋ. Inis dóiḃ lom díreaċ cé 'cu ḋíoḃ a ṗósfair. Gaḃaim-se orm go gcuirfiḋ san deire leis an imreasán.”

“Do ċuirfeaḋ gan aṁras, a ríġ, san deire leis an imreasán,” ar sise, “aċ ní féidir dom san a ḋ'innsint dóiḃ, mar ní ṗósfad aoinne acu. Ta m'aigne socair, a ríġ,” ar sise, “ar gan pósaḋ ċoíḋċe.”

Do stad sí. Níor laḃair aoinne ar feaḋ tamail. Ansan do laḃair Brian.

“Déanfad-sa aon níḋ is maiṫ leaṫ, a ríġan,” ar seisean.

“Tá duine acu anso amuiċ, a ríġ,” ar sise, “agus dá mb'áil leat glaoḋaċ isteaċ air agus a ráḋ leis ciall a ḃeiṫ aige. Gaol duit féin iseaḋ é. Mac do ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne iseaḋ é. Do laḃair sé go h-ana ḟeargaċ ó ċiainiḃ le duine eile.” [ 94 ]Do glaoḋaḋ isteaċ ar Ċonn. Nuair a ṫáinig sé isteaċ do laḃair Brian leis.

“A Ċuinn, a ṁic ó,” ar seisean, “ṁeasas go raiḃ ciall agat-sa”.

Ní féidir Conn an tsaoġal cad é an bun a ḃí leis an gcaint. Níor laḃair sé.

“Do h-iaraḋ orm laḃairt leat agus a ráḋ leat ciall a ḃeiṫ agat,” arsa Brian agus é ag gáirí.

Níor laḃair Conn focal. Ní ḟeidir sé cad ba ċeart dó a ráḋ, agus ċeap sé gur ḃ'ḟearr éisteaċt.

Do laḃair an sagart.

“B'ḟéidir nár ḃ'ḟearr rud a déanfaí 'ná an ceann a ḃaint de'n sgéal duit, a Ċuinn,” ar seisean.

“Leig dóṁ-sa imṫeaċt, a ríġ,” arsa Niaṁ.

Ċrom Brian a ċeann ċúiċi, agus d' imṫiġ sí amaċ.

“Do laḃrais go feargaċ ó ċiainiḃ, a Ċuinn,” arsa'n sagart. “Is dóċa go ḃfuil ḟios agat féin cad é an ċúis a ḃí agat leis an ḃfeirg. Ní'l agam-sa le ráḋ leat aċ an méid seo. Tá socair 'n-a h'aigne féin ag inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla gan pósaḋ ċoíḋċe.”

“Siné cúis, a Ċuinn” arsa Brian, “gur h-iaraḋ orm-sa laḃairt leat-sa agus a ráḋ leat ciall a ḃeiṫ agat.”

“Agus, a Ċuinn,” arsa'n sagart, “féadfair-se a ḋ'innsint d'á ṫuille, fé mar a ṫuigfir féin gur gáḋ é, ná fuil aon ḃreiṫ ag aon ḟear go deó ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir a ḋ'ḟáġail le pósaḋ.”

“Imṫiġ leat anois, a ṁic ó,” arsa Brian, “agus bíoḋ ciall agat.”

D'imṫiġ Conn gan laḃairt. Ḃí sé ag dul ó ḋearg go bán agus ó ḃán go dearg an ḟaid a ḃí sé ag éisteaċt leó, agus ansan d'imṫiġ sé gan laḃairt.

Ḋein sé an rud a dúḃraḋ leis, áṁtaċ. D'inis sé an rud a h-innseaḋ dó. As san amaċ níor deineaḋ a ṫuille éada [ 95 ]mar ġeall ar Niaṁ. Má 'seaḋ, níor luíġduiġ san an uraim a ḃí acu go léir di. Ba ḋóiċ leat gur ṁéaduiġ sé an uraim. Má ḃíodar úṁal di roimis sin ba ḋóiċ leat gur ṁéaduiġ ar an úṁluiġeaċt acu 'n-a ḋiaiġ san. Má ḃíodar ollaṁ roimis sin ar gaċ aon níḋ a ḋéanaṁ ar an gcuma ba ḋóiċ leó dob' ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ léi, ḃíodar níba ṫugṫa 'n-a ḋiaiḋ san ċuige, agus rud ab ḟearr 'ná gaċ níḋ eile, ní raiḃ sgamal an éada ag dorċuġaḋ gaċ maiṫeasa acu agus ag séideaḋ miosgaise suas eatarṫa.

Ba ró ṁaiṫ an ḃail orṫa féin an sgéal a ḃeiṫ mar sin acu. Ḃí a tuisgint ċóṁ h-aibiġ sin ag Niaṁ, agus a h-eólus orṫa ċóṁ cruinn sin, nár ṫúisge a ḃíoḋ gáḋ ag duine acu le cóṁairle leasa 'ná mar a ṫuigeaḋ sise an gáḋ. Ansan, ní túisge a ṫuigeaḋ sí an gáḋ 'ná mar a ṫugaḋ sí an ċóṁairle. Ḃí sí ċóṁ doiṁinn ċóṁ gasta san go dtugaḋ sí an ċóṁairle ar ṡlíġ nár ḃaoġal aon ġortuġaḋ ḋéanaṁ. Ḃí sí ana ċneasta leó, ana aicilíġe, ana ṡéiṁ. An t-aiṁleas n-a mbéaḋ duine acu lán ċeapaiṫe ar é ḋéanaṁ ḃéaḋ sé curṫa ḋé aici sar a' mbéaḋ ḟios aige go raiḃ sí 'ġá ċur dé i n-aon ċor, agus an gníoṁ fóġanta n-a mbéaḋ duine acu lán ċeapaiṫe ar gan é ḋéanaṁ ḃéaḋ sé meallta aici ċun an gníṁ sin a ḋéanaṁ sar a' mbéaḋ ḟios i gceart aige cad a ḃéaḋ ar siúḃal aici.

Is 'mó tairḃṫe a ḋein sí, ar an gcuma san, do Ḃrian. Do ṫuig Brian féin a lán de'n tairḃṫe sin, aċ ḃí mórán de ná raiḃ aon ṗioc eóluis aige air. Ḃíoḋ cosg curṫa aici le droċ obair go minic sar a’ mbíoḋ uain ag an ndroċ obair ar ṫeaċt, agus an droċ obair a ḃíoḋ tagaiṫe, is minic a ḃíoḋ sé curṫa ar neaṁníḋ aici, curṫa soir siar aici, sar a’ mbíoḋ uain aige ar aon díoḃáil a ḋéanaṁ, nó sar a’ mbíoḋ uain aige ar ṗuínn díoḃála ḋéanaṁ.

Ḃí uraim ṫar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go léir di. Aċ ḃí fuaṫ niṁneaċ ag Gormḟlaiṫ ḋi.