Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
89
NIAṀ

CAIBIDIOL XVII.

“BÍOḊ CIALL AGAT.”

Do cuireaḋ rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba ṁó a ċuaiḋ ag ruiṫ na rás. Ċeap Conn go mbainfeaḋ sé cuid de'n ṁóráil d' “Ḟear na gCos,” dar leis. Ċuaiḋ sé isteaċ ar an rásanaiḃ. Níor ċuaiḋ Caoilte isteaċ orṫa i dtusaċ. D'ḟág sé ag na giollaíḃ eile iad. Níor ḋein Conn a ḋíċeal i dtusaċ. Do leig sé bár le duine des na giollaíḃ. Ar ball do deineaḋ taṫant ar Ċaoilte dul isteaċ. Do ċuaiḋ. Do riṫ Conn i dtreó gur ċoimeád sé suas le Caoilte, le “Fear na gCos,” dar leis. Níor ḃ'ḟada gur ḟág an ḃeirt na giollaí lastiar díoḃ ar fad. Do ġéaruiġ Conn. Má ġéaruiġ do ċoimeád Caoilte suas leis. Do ġéaruiġ sé tuille. Má ġéaruiġ do ċoimeád Caoilte suas leis. Do ġéaruiġ sé go dtí ná raiḃ ann géaruġaḋ a ṫuille. Ċoimeád Caoilte suas leis. Ansan d'ḟáisg Caoilte ċun an reaṫa agus do ġluais sé amaċ ó Ċonn i dtreó gur ḋóiċ leis na daoine naċ raiḃ Conn ag ruiṫ i n-aon ċor! Do stad Conn. D'éiriġ an liú ó n-a raiḃ ag feuċaint orṫa i dtreó gur ċriṫ an talaṁ fé ċosaiḃ na ndaoine go léir. Ní de Ċaoilte a baineaḋ an ṁóráil aċ de Ċonn, agus do baineaḋ an ṁóráil i gceart dé.

“Seaḋ!” adeireaḋ na h-uaisle eile leis agus iad ag gáirí, “siné ‘Fear na gCos’ agat! Siniad na cosa buíḋe árda agat! Má táid siad fada tá fuinneaṁ ionta. Is uaṫḃásaċ an ruiṫ atá aige. Ní ḟeaca a leiṫéid de ċuisiḋeaċt i gcosaiḃ duine riaṁ.”

Do críoċnuiġeaḋ an spórt. Ḃí Conn agus na h-uaisle eile a ḃain le teiġlaċ Ṫaiḋg Móir uí Ċealla ag caint agus ag tráċt ar an ngníoṁ uaṫḃásaċ reaṫa a ḋein Caoilte. Cé