Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
88
NIAṀ

Ceann Cora ḃí aigne gaċ aoinne saor ó ḃuaireaṁ agus ḃí gaċ aoinne níba ṫugṫa do ṡult 'ná do ġruaim. Do ṫuig na ríġṫe agus na taoisiġ, ó ḃí san mar sin, gur ċeart spórt agus caiṫeaṁ aimsire ċur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i gcóir na h-oíḋċe i gcóṁnuiġe, go mbéaḋ rud éigin ċun daoine ċoimeád go suairc agus go sultṁar. Do cuireaḋ a lán neiṫe ar siúḃal. An ġleacaiḋeaċt úd a ḃíoḋ i gCeann Cora do cuireaḋ ar siúḃal raint di. Ḃíoḋ riṫ agus léimreaċ agus iomrasgáil ar siúḃal, agus caiṫeaṁ cloċ araige, agus a lán cleasaiḋeaċta a ṫaisbeánfaḋ neart agus fuinneaṁ. Ḃíoḋ uasal agus íseal measgaiṫe ar a ċéile sa ġleacaiḋeaċt. Uaireanta ḃíoḋ buaḋ ag an uasal agus uaireanta ḃíoḋ buaḋ ag an íseal.

Ḃí ógánaċ uasal ar ṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus Conn ab ainim dó. Ṫug sé fé ndeara Caoilte ag teaċt ċóṁ minic ċun teiġlaiġ Ṫaiḋg Ṁóir. Níor ṫaiṫn san leis. Ní leigfeaḋ sé air, áṁṫaċ, gur ḃ' aon éad a ḃí air. Is aṁlaiḋ a ḃeiḋfí ag magaḋ faoi dá leigeaḋ. Níor ḟág san é gan a ṫaisbeáint nár ṫaiṫn an giolla turais leis. Ṫug sé leasainim air, “Cosa Buíḋe Árda.”

“Feuċ,” adeireaḋ sé. “tá Cosa Buíḋe Árda ċúġainn.” Ṫugaḋ sé “Caoilte Cosaċ,” leis, air, agus “Fear na gCos.”


Mac ab eaḋ an Conn san do Ṁaolruanaiḋ na Paidre, ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, agus ógánaċ ana ċróḋa ab eaḋ é. Ḃí sé go maiṫ ar an uile ṡaġas gníṁ, aċ ḃí sé ṫar bár i ngníoṁ reaṫa nó i ngníoṁ iomrasgála.