leat pósaḋ cuiṁniġ ar ṁnaoi éigin eile. Imṫiġ leat láiṫreaċ, i dtreó go measfar gur ad' ċur ar ṫeaċtaireaċt atáim.”
D'imṫiġ Caoilte.
D'ḟill Niaṁ ag triall ar na h-uaisliḃ a ḃí ag feiṫeaṁ léi.
“Téanam, a Ċuinn,” ar sise le Conn. Ṫugadar aġaiḋ ar ṗubal Ḃriain.
Mac driṫár céile do Ḃrian ab eaḋ Conn. Drifiúr do Ṁaolruanaiḋ na Paidre, do ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, ab eaḋ an ċéad ḃean a ḃí pósta ag Brian. B'í sin máṫair Ṁurċaḋ, agus ba léi tuille de ċlainn Ḃriain, leis.
Nuair a ṫánadar ċun cábáin Ḃriain ċonacadar Murċaḋ agus beirt nó triúr d' uaisliḃ Dál gCais 'n-a seasaṁ lasmuiċ de'n ċábán.
“D'oirfeaḋ dúinn laḃairt leis an ríġ, a Ṁurċaḋ,” arsa Niaṁ.
“Anois díreaċ a ṫánamair uaiḋ, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Dé ḃeaṫa-sa, a Ċuinn,” ar seisean. “Raġad isteaċ, a rígan,” ar seisean le Niaṁ, “agus neósfad dó ṫu ḃeiṫ anso. Ní'l aoinne i n' ḟoċair istiġ aċ Maolṡuaṫain, an sagart.”
B'é Maolṡuaṫain anamċara Ḃriain. Anamċara a tugtí an uair sin ar oide faoisdine.
Ċuaiḋ Murċaḋ isteaċ. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sé amaċ.
“Téanam, a rígan” ar seisean le Niaṁ.
Ċuaiḋ Niaṁ isteaċ agus do fágaḋ Conn amuiċ. D'úṁluiġ sí do Ḃrian mar ba ċeart, agus d'úṁluiġ sí do Ṁaolṡuaṫain. Ansan do laḃair sí.
“Ṫánag ag triall ort, a ríġ,” ar sise le Brian, “ċun go n-iarfainn ort congnaṁ a ṫaḃairt dom feuċaint a' ḃféad- fainn a ċur ḟiaċaiḃ ar ċuid d'ár n-uaisliḃ óga ḃeiṫ síṫċánta le n-a ċéile.”
“Ba ċóir, a 'nġean ó,” arsa Brian, “nár ḃeag dóiḃ na