Loċlanaiġ a ḃeiṫ le troid acu agus gan ḃeiṫ ag troid eatarṫa féin. Cad é an congnaṁ is dóiċ leat a ḋ'ḟéad- fainn a ṫaḃairt duit, a Niaṁ?”
“Ní ró ḟuiriste ḋom ainim a ċur ar an gcongnaṁ, a ríġ,” arsa Niaṁ, “aċ táim 'ġá ṫaḃairt fé ndeara go ḃfuil cuid acu go fíoċṁar agus go feargaċ le n-a ċéile, agus measaim gur mise fé ndeár é.”
“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá orṫa. Measan gaċ fear acu gur aige féin is ceart tu ḃeiṫ mar ṁnaoi, agus tá sé i raċtaiḃ an anama ḃaint as aon ḟear eile a ḋéanfaḋ oiread agus feuċaint ort.”
“Cúis ġáire ċúgainn, a ríġ,” arsa Niaṁ, agus go ġáir sí féin, “is cruinn díreaċ a ḃuailis do ṁéar air!”
“Ba ḋóiċ liom, a Niaṁ,” arsa Brian, “ná fuil aoinne ċun an sgéil sin do ṡocaruġaḋ aċ tusa féin, agus d'á luiġead baint a ḃeiḋ agam-sa ná ag aoinne eile leis an sgéal gur b' eaḋ is fearr a ḋéanfair é ṡocaruġaḋ. Inis dóiḃ lom díreaċ cé 'cu ḋíoḃ a ṗósfair. Gaḃaim-se orm go gcuirfiḋ san deire leis an imreasán.”
“Do ċuirfeaḋ gan aṁras, a ríġ, san deire leis an imreasán,” ar sise, “aċ ní féidir dom san a ḋ'innsint dóiḃ, mar ní ṗósfad aoinne acu. Ta m'aigne socair, a ríġ,” ar sise, “ar gan pósaḋ ċoíḋċe.”
Do stad sí. Níor laḃair aoinne ar feaḋ tamail. Ansan do laḃair Brian.
“Déanfad-sa aon níḋ is maiṫ leaṫ, a ríġan,” ar seisean.
“Tá duine acu anso amuiċ, a ríġ,” ar sise, “agus dá mb'áil leat glaoḋaċ isteaċ air agus a ráḋ leis ciall a ḃeiṫ aige. Gaol duit féin iseaḋ é. Mac do ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne iseaḋ é. Do laḃair sé go h-ana ḟeargaċ ó ċiainiḃ le duine eile.”