Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
95
NIAṀ

mar ġeall ar Niaṁ. Má 'seaḋ, níor luíġduiġ san an uraim a ḃí acu go léir di. Ba ḋóiċ leat gur ṁéaduiġ sé an uraim. Má ḃíodar úṁal di roimis sin ba ḋóiċ leat gur ṁéaduiġ ar an úṁluiġeaċt acu 'n-a ḋiaiġ san. Má ḃíodar ollaṁ roimis sin ar gaċ aon níḋ a ḋéanaṁ ar an gcuma ba ḋóiċ leó dob' ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ léi, ḃíodar níba ṫugṫa 'n-a ḋiaiḋ san ċuige, agus rud ab ḟearr 'ná gaċ níḋ eile, ní raiḃ sgamal an éada ag dorċuġaḋ gaċ maiṫeasa acu agus ag séideaḋ miosgaise suas eatarṫa.

Ba ró ṁaiṫ an ḃail orṫa féin an sgéal a ḃeiṫ mar sin acu. Ḃí a tuisgint ċóṁ h-aibiġ sin ag Niaṁ, agus a h-eólus orṫa ċóṁ cruinn sin, nár ṫúisge a ḃíoḋ gáḋ ag duine acu le cóṁairle leasa 'ná mar a ṫuigeaḋ sise an gáḋ. Ansan, ní túisge a ṫuigeaḋ sí an gáḋ 'ná mar a ṫugaḋ sí an ċóṁairle. Ḃí sí ċóṁ doiṁinn ċóṁ gasta san go dtugaḋ sí an ċóṁairle ar ṡlíġ nár ḃaoġal aon ġortuġaḋ ḋéanaṁ. Ḃí sí ana ċneasta leó, ana aicilíġe, ana ṡéiṁ. An t-aiṁleas n-a mbéaḋ duine acu lán ċeapaiṫe ar é ḋéanaṁ ḃéaḋ sé curṫa ḋé aici sar a' mbéaḋ ḟios aige go raiḃ sí 'ġá ċur dé i n-aon ċor, agus an gníoṁ fóġanta n-a mbéaḋ duine acu lán ċeapaiṫe ar gan é ḋéanaṁ ḃéaḋ sé meallta aici ċun an gníṁ sin a ḋéanaṁ sar a' mbéaḋ ḟios i gceart aige cad a ḃéaḋ ar siúḃal aici.

Is 'mó tairḃṫe a ḋein sí, ar an gcuma san, do Ḃrian. Do ṫuig Brian féin a lán de'n tairḃṫe sin, aċ ḃí mórán de ná raiḃ aon ṗioc eóluis aige air. Ḃíoḋ cosg curṫa aici le droċ obair go minic sar a’ mbíoḋ uain ag an ndroċ obair ar ṫeaċt, agus an droċ obair a ḃíoḋ tagaiṫe, is minic a ḃíoḋ sé curṫa ar neaṁníḋ aici, curṫa soir siar aici, sar a’ mbíoḋ uain aige ar aon díoḃáil a ḋéanaṁ, nó sar a’ mbíoḋ uain aige ar ṗuínn díoḃála ḋéanaṁ.

Ḃí uraim ṫar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go léir di. Aċ ḃí fuaṫ niṁneaċ ag Gormḟlaiṫ ḋi.