Bíoḋ nár ċuir Brian suim ins na ráflaíḃ, mar ná ġáḋ ḋó é, do ḋein sé an uile ṡaġas díċil ar a ṡlóiġtiḃ do ṁéaduġaḋ agus do neartuġaḋ agus do ċur i dtreó i gcóir na h-oibre a ḃí roimis ar ṫeaċt na h-aṫḃliana. Ċuir sé tuille fear isteaċ ins gaċ buiḋin d'á ṡluaġ, agus ḋein sé buiḋeana eile i dteannta na mbuiḋean a ḃí aige. Ċruinniġ sé ualaí móra éadaiġ agus ualaí móra arḃair ó gaċ aon ṗáirt de'n Ṁúṁain agus d'á raiḃ d'oileán na h-Éirean fé n-a smaċt. Ṫáinig ualaí móra iarainn go Ceann Cora ó gaċ áit 'n-a raiḃ iaran 'á ṫógaint as an dtalaṁ, agus b'éigean do Ṁeargaċ oiread eile gaiḃní ċur ag obair agus ḃí ag obair ċeana aige, i dtreó go raiḃ na h-airm d'á ndéanaṁ níos tiúġa ar dúbailt 'ná mar a déintí roimis sin iad. Nuair a ċonaic luċt na ráflaí an t-éirleaċ oibre ar fad ar siúḃal: “Aċ!” adeiridís, “buaḋfaiḋ Brian ar Ṁ'lṡeaċlainn agus ar a ḃfuil de Loċlanaċaiḃ fé luiġe na gréine!”
Do fuaraḋ amaċ lastuaiḋ, i gcaiṫeaṁ na bliana, cad é an t-éirleaċ ollṁúċáin a ḃí ar siúḃal i gCeann Cora. Má fuaraḋ isé rud a ḋein gaċ ríġ des na ríġṫiḃ ṫuaiḋ 'ná cúbaḋ ċuige agus M'lṡeaċlainn a ḋ' ḟágáilt gan ċaḃair gan ċongnaṁ. Ṫugadar cóṁairle ċóṁngaraċ neaṁ- ċongantaċ dó. Dúḃradar leis, nuair ná raiḃ ar a ċumas an Árdríġeaċt do ċosaint ar Ḃrian nár ḃ' ḟearra ḋó rud a ḋéanfaḋ sé 'ná an Árdríġeaċt a ṫaḃairt do Ḃrian agus luiġe isteaċ fé Ḃrian 'n-a ríġ cúige. Dúḃradar leis nár ḃ’ aon ṁaiṫ ḋóiḃ féin dul i gcoinniḃ Ḃriain agus Ḋál gCais. Ná géillfeaḋ Dál gCais an ḟaid a ḃéaḋ duine acu beó, agus ná fágfaidís naṁaid beó 'n-a ndiaiġ. Ná géillfeaḋ ríogra Ulaḋ aċ ċóṁ beag. Gur ḃ' aṁlaiḋ a ḋéanfaḋ an dá ṡluaġ a ċéile do ḋísgiuġaḋ. Ansan nár ḃ'ḟios cé aige go mbéaḋ Éire, ná cé aige go mbéaḋ Árdríġeaċt na h-Éirean. Gur ḃ' ḟearr an tsíṫċáin agus géilleaḋ do Ḃrian.