Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/107

From Wikisource
This page has not been proofread.
103
NIAṀ

leis an eoċair seo.” Ní dúḃairt. Ṫug sé an eoċair do'n ṁanaċ, dar leis, agus ḃí Aṁlaoiḃ sásta.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí sé ar an dtaoḃ amuiċ de'n ċeártain d'imṫiġ sé i n-áit ċaoṫaṁail éigin agus ḃain sé ḋé an aibíd agus an coċal agus ḃí sé 'n-a rioċt féin. Ḋein sé ceirṫlín beag ċruaiḋ de'n aibíd agus de'n ċoċal agus ċuir sé fé n' osgail an ċeirtlín, agus d'imṫiġ sé suas go Ceann Cora. Ċonaic sé Gormḟlaiṫ. D'inis sé ḋi cad a ḃí déanta aige, agus ṫaisbeáin sé an eoċair di.

“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógaḋ uait an ċailís sin ḃeartuiġeas am’ aigne go dtaḃarfainn ċúġat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eoċair seo agam anois, agus féadfad an ċailís a ṫaḃairt liom agus an bosca ḋ'ḟágáilt am ḋiaiġ agus an glas air, agus ní aiṫneóċaiḋ aoinne an ċáilís a ḃeiṫ imṫiġṫe ní fios caṫin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amaċ nuair a ḃíon aon ócáid áiriġṫe ann. Ní tógtar amaċ a ċailís ḋaor ċoíḋċe. — Tá aon ċontaḃairt aṁáin sa sgéal, áṁṫaċ. Dá ráineóċ' Measgaċ agus Colla ḃeiṫ ag caint agus go ḃfiafróċ' Meargaċ de Ċolla, 'Ar ḋein an eoċair nua úd a ḋeineas duit an gnó?' nó rud éigin de'n tsórd san, ḃí an sgéal amuiċ orm. Ní mór ḋom an ċailís a ṫaḃairt ċúġat, a rígan, ċóṁ luaṫ agus d' ḟéadfad é, agus ansan ḃeiṫ ag faire ċúġam.”

Ḃí áṫas an doṁain ar Ġormḟlaiṫ. Ní raiḃ aon ċuiṁneaṁ aici go ndéanfaḋ an buaċail sin a leiṫéid de ġníoṁ, agus é ḋéanaṁ ċóṁ ciúin, ċóṁ gasta. Do ṁol sí é agus do ṁol sí airís é. Do rug sí air agus ċrom sí ar é ṗógaḋ. Do ṗóg sí go dlúṫ é, airís agus airís eile, agus “Mo ġráḋ mo leanḃ!” ar sise leis, i n-aġaiḋ gaċ póige d'ár ṫug sí ḋó. Ansan do ċrom sí ar ġol. Ansan d'áiriṁ sí airís dó na h-éagcórṫa troma cruaḋa a ḃí d'á ndéanaṁ uirṫi, Brian 'ġá ndéanaṁ uirṫi agus Murċaḋ ag séideaḋ féi.