Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
104
NIAṀ

Ar ball do ċuaiḋ sí ċun suaiṁnis, agus ṫriomuiġ sí a súile, agus ṫáinig a snua féin agus a gnaoi féin di. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ uirṫi agus ṫuig sé i n' aigne gur ṁór an tíránaċ Brian agus gur ḃ' é rud Murċaḋ 'ná annsgian díoblaiḋe, agus an t-é a ċuirfeaḋ as an saoġal an ḃeirt go mbéaḋ comaoine ṁór curṫa ar an saoġal aige.

“Suiġ ansan go fóil, a laoġ,” ar sise. “Beiḋ mé ṫar n-ais ċúġat láiṫreaċ.”

D'imṫiġ sí. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sí, agus rud éigin aici n-a láiṁ, fillte i n-éadaċ. D'osgail sí an t-éadaċ. Íṁáġ do'n Ṁaiġdin Ṁuire iseaḋ 'ḃí aici, íṁáġ airgid. An t-é a ḋein an íṁáġ san ḋein sé go maiṫ í. Ḃí sí tímpal sé h-órla ar aoirde agus ḃí sí cúmṫa ana ċruinn do'n réir sin, agus í fírinneaċ 'n-a déanaṁ do réir mar ba ċeart cló duine a ḃeiṫ. Aċ ḃí níḋ ṫairis sin inti. Ṫáinig leis an gceárdaiḋe, pé r' ḃ' é féin, sgáil gnaoi éigin do ċur sa n-aġaiḋ i dtreó gur ḋóiċ leat nuair ḟeuċfá ar an aġaiḋ gur ḃ' í aġaiḋ na Maiġdine féin a ḃéaḋ ann. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ ar an íṁáġ, agus má ḟeuċ do ṁoṫuiġ sé ag teaċt 'n-a ċroíḋe, do'n íṁáġ san, uraim nár ṁoṫuiġ sé a leiṫéid riaṁ roimis sin 'n-a ċroíḋe.

“Is áluinn an íṁáġ í sin, a rígan!” ar seisean.

“Seo, a ṁic ó,” arsa Gormḟlaiṫ, “beir leat síos go dtí an ṁainistir í sin, agus taḃair do Ċolla í, agus abair leis gur mise ċuir ċuige í, agus gur b' ṡiné gnó a ḃí agam díot-sa indiu, ċun na h-íṁáġa san a ḃreiṫ síos ag triall air agus í ḃronnaḋ air. Íṁáġ ḋeas iseaḋ í. Ní ṫaḃarfainn-se, áṁṫaċ, an ċailís úd ar ṁíle, ní h-eaḋ, aċ ar deiċ míle, d'á sórd. Beiḋ áṫas mór ar Ċolla nuair a ġeoḃaiḋ sé an íṁáġ san. Cuirfiḋ an t-áṫas san é ó aon ċuiṁneaṁ i n-aon ċor a ḃeiṫ aige go ḃféadfá-sa aon ġnó eile ḃeiṫ anso ainíos indiu agus aċ ċun í sin a ḃreiṫ síos ag triall air. Déanfaiḋ an t-áṫas rud eile. Nuair