Jump to content

Niamh/22

From Wikisource
181477Niamh — Cíos an ÁrdríghPeadar Ua Laoghaire

[ 116 ]


LEAḂAR A DÓ.

CAIBIDIOL I.

CÍOS AN ÁRDRÍĠ.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí Brian socair sa n-Árdríġeaċt ṫusnuiġ a ċíos ar ṫeaċt ċuige isteaċ ó gaċ aon ṗáirt d'Éirinn. Deirtear gur tugaḋ Brian Bóraṁa air mar ġeall ar an gcíos a ḋ'éiliṁ sé. Ní dóiċ liom go ḃfuil fírinne sa n-abairt sin. Ní h-é Brian a ċeap an cíos. Ḃí cíos an Árdríġ ceapaiṫe na céadta blian sar a dtáinig Brian ċun na h-Árdríġeaċta. Nuair a ṫáinig Brian ċun na h-Árdríġeaċta do ċuir gaċ ríġ cúige ag triall air an cíos a ḃí ceangailte air, do réir dlíġe na h-Éirean, do ċur ag triall ar Árdríġ Éirean. Deir cuid de'n tseanaċus gur b'é cúis 'n-ar tugaḋ Brian Bóraṁa air 'n á so. Bóraiṁe ab ainim do'n ḃaile 'n-a raiḃ ríġṫeiġlaċ Ḃriain, ag ceann na cora. Do tugaḋ, as san, “Ceann Cora” ar an ríġṫeiġlaċ agus do tugaḋ Brian Bóraiṁe ar Ḃrian féin toisg é ḃeiṫ 'n-a ċóṁnuiġe ar an mBóraiṁe. Measaim gur mó an ċiall atá leis an gcaint sin 'ná leis an gcaint eile.

Lá Saṁna an lá a ḃí ceapaiṫe i gcóṁnuiġe riaṁ ċun cíosa an Árdríġ do ċur isteaċ, agus 'seo mar a ḃí an cíos socair:

Ó Ċonaċtaiḃ oċt gcéad bó agus oċt gcéad muc.

[ 117 ]Ó ṁuintir Ċorcomaruaḋ deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad caoira agus deiċ gcéad brat.

Ó Ċorcabaoisgne deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad molt agus deiċ gcéad muc agus deiċ gcéad brat.

Ó ṁuintir Ċiarruiḋe deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad bó agus deiċ gcéad muc.

Ó ṁuintir Ṁúsgráiḋe trí ċéad bó reaṁar agus trí ċéad loilíġeaċ agus trí ċéad muc agus céad brat.

Ó Ṫír Ċonail ċúig céad bó agus ċúig céad brat.

Ó Ṫír Eoġain trí ċéad muc agus trí ċéad ualaċ iarainn.

Ó Ċlann Ruḋríġe trí caoġaid bó agus trí caoġaid muc.

Ó Oirġiallaiḃ céad agus trí fiċid bó.

Ó Ċúige Laiġean trí ċéad bó reaṁar agus trí ċéad muc agus trí ċéad ualaċ iarainn.

Mar sin dóiḃ mór-ṫímpal na h-Éirean go léir. Ní'l curṫa síos anso agam aċ fíor ḃeagán des na cíosanaiḃ, oiread díreaċ agus ṫaisbeánfaiḋ an tslíġ ar a ndíoltí an cíos, agus an fáġaltas cíosa a ḃíoḋ ag tuitim ar na cineaċaiḃ agus ar na dúṫaiḃ fé leiṫ.

Ḃí a gcion de'n ċíos ar na Loċlanaiġ, leis, an ċuid acu a ḃí socair i mbailtiḃ móra na h-Éirean. Ḃí ar Loċlanaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ trí caoġaid píopa fíona do ṫaḃairt mar ċíos d' Árdríġ Éirean. Ḃí ar Loċlanaiġ Luimníġe trí ċéad agus trí fiċid píopa d'ḟíon dearg a ṫaḃairt mar ċíos dó.

B'ḟéidir go ḃfiafróċ' duine conus ḟéadfaḋ Loċlanaiġ Luimníġe cíos a ḋíol le h-Árdríġ Éirean má ḃíodar go léir díbearṫa a' Luimneaċ?

Ḃí an ċuid acu nár ġéill do Ḃrian díbearṫa, aċ an ċuid acu do ġéill dó agus do ġeall ḃeiṫ dílis dó, do fágaḋ ann iad. Fear eagnaiḋe, tuisgionaċ, ab eaḋ Brian. Daoine go raiḃ eólus mór acu ar gaċ gnó ceannaiġeaċta ab eaḋ na Loċlanaiġ a ḃí ins na caṫaraċaiḃ cuan i n-Éirinn an uair sin. Do ṫuig Brian gur ḃ' ana ṫairḃṫeaċ an rud [ 118 ]do ṁuintir na h-Éirean ceannaiġṫe de'n tsórd san a ḃeiṫ ins na caṫaraċaiḃ a ḃí ar na cuantaiḃ. Go dtaḃarfaidís isteaċ ó ḋúṫaiḃ iasaċta earaí nár ḃ' ḟéidir a ḋéanaṁ i n-Éirinn agus go gceannóċaidís ó ṁuintir na h-Éirean, le díol ins na dúṫaiḃ iasaċta, ná h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár ḃ’ ḟéidir a ḋíol i n-Éirinn. Mar ġeall air sin iseaḋ ḟág sé na Loċlanaiġ ins na caṫaraċaiḃ a ḃí ar na cuantaiḃ. D'ḟág sé iad i mBaile Áṫa Cliaṫ, i bPortláirge, i gCorcaiġ, agus i Luimneaċ, agus i mbailtiḃ beaga eile n-a ḃféadfaḋ loingeas teaċt isteaċ ċúċa. Ċuir sé fé ċíos iad, áṁṫaċ, agus ní raiḃ aon ċur i gcoinniḃ an ċíosa acu. Ní raiḃ an cíos ró ṫrom agus an ḟaid a ḋíoladar an cíos ḃíodar fé ċosnaṁ Ḃriain.

Ṫagaḋ an cíos isteaċ ó Éirinn go léir, gaċ aon lá Saṁna, go teiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Dob' uaṫḃásaċ an saiḋḃreas é. Aċ do ċaiṫtí é go léir. Ḃíoḋ suas le trí ṁíle bó ann de ḃuaiḃ raṁara, agus trí ċéad déag muc, agus do h-iṫtí an ḟeóil sin go léir, ḃí an teiġlaċ ċóṁ mór san, agus ḃíoḋ oiread san daoine, uasal agus íseal, ag teaċt agus ag imṫeaċt ann coitċianta. Ḃíoḋ trí ċéad agus ċúig cinn ḟiċid ann de ṗíopaí fíona, d'ḟíon dearg, agus trí caoġaid píopa des na fíontaiḃ eile, agus d'óltí an fíon go léir, mar ḃí féile agus fairsinge i ríġṫeiġlaċ Ḃriain, agus saiḋḃreas agus uaisleaċt, ṫar gaċ teiġlaċ Árdríġ d'á raiḃ i n-Éirinn ó aimsir Ċormaic ṁic Airt. Deirtí an uair sin go raiḃ Brian ar ḋuine des na trí Árdríġtiḃ ba ġlórṁaire d'á raiḃ i n-Éirinn riaṁ. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an ċéad Árdríġ ḋíoḃ san, Cormac mac Airt an tarna h-Árdríġ ḋíoḃ, agus Brian Bóraiṁe an tríṁaḋ h-Árdríġ ḋíoḃ. Ċoimeád Brian an ṁórḋaċt san agus an gradam san agus an ċóṁaċt ríoga san 'n-a lán neart agus 'n-a lán tsoillse an ḟaid a ṁair a réim i n-Árdríġeaċt na h-Éirean. [ 119 ]Ḃí sé ríoga 'n-a ṗearsan. Fear fionn, árd, deaġċúmṫa dob' eaḋ é; fear géagaċ, fuinneaṁail, cuṫaiġ. Ḃí a ċeannaċa solusṁar. Ḃí éadan leaṫan, árd, bán air. Ḃí srón ḟada ḋíreaċ air agus í beagáinín ró ṫéagarṫa, ba ḋóiċ leat, do'n ċuid eile d'á ċeannaċaiḃ. Ní raiḃ puínn féasóige air agus féasóg ḋonn ab eaḋ an méid a ḃí air sar ar liaṫ sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le gaċ ball eile d'á ċeannaċaiḃ é nuair ḟeuċfá ar gaċ ball fé leiṫ ḋíoḃ, .i. go raiḃ an ball san beagáinín ró ṁór; aċ nuair ḟeuċfá ar a aġaiḋ i n-aonḟeaċt ċífeá go raiḃ na ceannaċa go léir do réir a ċéile cruinn. Isé rud is mó a ṫaḃarfá fé ndeara, ámṫaċ, 'ná go raiḃ, dar leat, an iomad báine 'n-a ċúntanós. Ansan, nuair ḟeuċfá ar a ṗearsan ba ḋóiċ leat, ar an gcéad aṁarc, go raiḃ na géaga pas beag ró ṁór, ró ṫéagarṫa, do'n ċaḃail, aċ nuair a ṫóṁaisfeá an cliaḃ ċífeá go raiḃ an cliaḃ san níba ṫéagarṫa go mór 'ná cliaḃ aon ḟir eile des na fearaiḃ a ḃí ar a ṫeiġlaċ. Ansan ar ball, ní ró ṁór an iongnaḋ a ḃéaḋ ort nuair a ċífeá a ċlaiḋeaṁ aige 'á ċasaḋ i dtreó gur ḋóiċ leat ná béaḋ meaġċaint slaite ann, agus nuair a ḃéarfá ad' láiṁ féin ar an gclaiḋeaṁ gcéadna go gcaiṫfeá do ḋá láiṁ a ċur ar an ndornċur ċun é ċasaḋ i n-aon ċor. Ṫuigfeá ad' aigne ansan gur ḃ' é téagar agus neart na ngéag fé ndeara do'n ċaḃail feuċaint ċóṁ caol.

Ḃí an croíḋe agus an aigne agus an ṁeaḃair ċinn, agus an tuisgint, agus an ḟoiḋne, agus an ḟaidearaíḋe, agus an géire inntleaċta, ċóṁ maiṫ ar gaċ aon tsaġas cuma le neart an ċuirp agus na ngéag.

Nuair a ḃíoḋ an fear san ag riar na slóġ agus 'ġá gcur i n-íoḋnaiḃ caṫa agus nuair a laḃraḋ sé leis na fearaiḃ, do h-airiġtí an uile ḟocal uaiḋ go h-árd agus go glan, ó ċeann ceann de ṗáirc an ċamṫa; agus i spéirlinn caṫa, dá laḃraḋ sé árd, ag stiúruġaḋ na ḃfear nó 'ġá ngríosaḋ [ 120 ]ċun an ċóṁraic, do ṁoṫuiġeaḋ na fir a ḃíoḋ i n' aice píoparnaċ 'n-a gcluasaiḃ, ḃí a leiṫéid sin d'uċtaċ aige agus a leiṫéid sin de neart 'n-a ċliaḃ agus 'n-a ċeann agus 'n-a ġuṫ. Nuair a laḃraḋ an guṫ san i lár an ċaṫa do ċriṫeaḋ an naṁaid, agus is minic a ḃaineaḋ fuaim an ġuṫa san a misneaċ díoḃ agus go n-iompuiġdís agus go dteiṫidís. Níor ḃ’ aon iongnaḋ an fear san do ġaḃáil tré ṡlóiġtiḃ naṁad mar a ġaiḃ, agus é ṫeaċt ċun Árdríġeaċt na h-Éirean mar a ṫáinig.

Ḃí ana ḋeaḃraṁ agá ṁac, Murċaḋ, leis. Ḃí an téagar céadna ag Murċaḋ ins na géagaiḃ, agus an feuċaint ċaol sa ċaḃail aige mar ġeall ar ṫéagar na ngéag. Ḃí sé i n-aigne Ḋúlainn Óig agus i n-aigne na ḃfear eile n-a raiḃ aiṫne acu ar an mbeirt, gur ṫroime agus gur ṫreise agus gur ḃ'ḟearr d'ḟear Murċaḋ 'ná aṫair an lá b'ḟearr a ḃí an t-aṫair.

Ḃí an ḃeirt tréan go maiṫ. Ḃí fir ṫréana ar Ḋál gCais, agus d' adṁuiġdar go léir ná raiḃ aon ḃreiṫ riaṁ ag aon ḟear eile acu ar aoinne de'n ḃeirt sin.