Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/124

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
120
NIAṀ

ċun an ċóṁraic, do ṁoṫuiġeaḋ na fir a ḃíoḋ i n' aice píoparnaċ 'n-a gcluasaiḃ, ḃí a leiṫéid sin d'uċtaċ aige agus a leiṫéid sin de neart 'n-a ċliaḃ agus 'n-a ċeann agus 'n-a ġuṫ. Nuair a laḃraḋ an guṫ san i lár an ċaṫa do ċriṫeaḋ an naṁaid, agus is minic a ḃaineaḋ fuaim an ġuṫa san a misneaċ díoḃ agus go n-iompuiġdís agus go dteiṫidís. Níor ḃ’ aon iongnaḋ an fear san do ġaḃáil tré ṡlóiġtiḃ naṁad mar a ġaiḃ, agus é ṫeaċt ċun Árdríġeaċt na h-Éirean mar a ṫáinig.

Ḃí ana ḋeaḃraṁ agá ṁac, Murċaḋ, leis. Ḃí an téagar céadna ag Murċaḋ ins na géagaiḃ, agus an feuċaint ċaol sa ċaḃail aige mar ġeall ar ṫéagar na ngéag. Ḃí sé i n-aigne Ḋúlainn Óig agus i n-aigne na ḃfear eile n-a raiḃ aiṫne acu ar an mbeirt, gur ṫroime agus gur ṫreise agus gur ḃ'ḟearr d'ḟear Murċaḋ 'ná aṫair an lá b'ḟearr a ḃí an t-aṫair.

Ḃí an ḃeirt tréan go maiṫ. Ḃí fir ṫréana ar Ḋál gCais, agus d' adṁuiġdar go léir ná raiḃ aon ḃreiṫ riaṁ ag aon ḟear eile acu ar aoinne de'n ḃeirt sin.


CAIBIDIOL II.

MEARḂALL AIGNE.

Nuair a ḃí Brian socair sa n-Árdríġeaċt do ṫusnuiġ breis des na h-uaisliḃ ar ḃeiṫ ag teaċt go Ceann Cora as gaċ áird i gcian agus i gcóṁngar. Níor ḃfada go mb' éigean tuille slíġe ḋéanaṁ sa ríġṫeiġlaċ. B'éigean an ríġṫeiġlaċ do ċur i méid. B'éigean tiġṫe nua do ċur suas, i n-aice an tíġe ṁóir, i dtreó, nuair a ṫiocfaḋ ríġ