Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/123

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
119
NIAṀ

Ḃí sé ríoga 'n-a ṗearsan. Fear fionn, árd, deaġċúmṫa dob' eaḋ é; fear géagaċ, fuinneaṁail, cuṫaiġ. Ḃí a ċeannaċa solusṁar. Ḃí éadan leaṫan, árd, bán air. Ḃí srón ḟada ḋíreaċ air agus í beagáinín ró ṫéagarṫa, ba ḋóiċ leat, do'n ċuid eile d'á ċeannaċaiḃ. Ní raiḃ puínn féasóige air agus féasóg ḋonn ab eaḋ an méid a ḃí air sar ar liaṫ sí. An rud a déarfá leis an sróin déarfá le gaċ ball eile d'á ċeannaċaiḃ é nuair ḟeuċfá ar gaċ ball fé leiṫ ḋíoḃ, .i. go raiḃ an ball san beagáinín ró ṁór; aċ nuair ḟeuċfá ar a aġaiḋ i n-aonḟeaċt ċífeá go raiḃ na ceannaċa go léir do réir a ċéile cruinn. Isé rud is mó a ṫaḃarfá fé ndeara, ámṫaċ, 'ná go raiḃ, dar leat, an iomad báine 'n-a ċúntanós. Ansan, nuair ḟeuċfá ar a ṗearsan ba ḋóiċ leat, ar an gcéad aṁarc, go raiḃ na géaga pas beag ró ṁór, ró ṫéagarṫa, do'n ċaḃail, aċ nuair a ṫóṁaisfeá an cliaḃ ċífeá go raiḃ an cliaḃ san níba ṫéagarṫa go mór 'ná cliaḃ aon ḟir eile des na fearaiḃ a ḃí ar a ṫeiġlaċ. Ansan ar ball, ní ró ṁór an iongnaḋ a ḃéaḋ ort nuair a ċífeá a ċlaiḋeaṁ aige 'á ċasaḋ i dtreó gur ḋóiċ leat ná béaḋ meaġċaint slaite ann, agus nuair a ḃéarfá ad' láiṁ féin ar an gclaiḋeaṁ gcéadna go gcaiṫfeá do ḋá láiṁ a ċur ar an ndornċur ċun é ċasaḋ i n-aon ċor. Ṫuigfeá ad' aigne ansan gur ḃ' é téagar agus neart na ngéag fé ndeara do'n ċaḃail feuċaint ċóṁ caol.

Ḃí an croíḋe agus an aigne agus an ṁeaḃair ċinn, agus an tuisgint, agus an ḟoiḋne, agus an ḟaidearaíḋe, agus an géire inntleaċta, ċóṁ maiṫ ar gaċ aon tsaġas cuma le neart an ċuirp agus na ngéag.

Nuair a ḃíoḋ an fear san ag riar na slóġ agus 'ġá gcur i n-íoḋnaiḃ caṫa agus nuair a laḃraḋ sé leis na fearaiḃ, do h-airiġtí an uile ḟocal uaiḋ go h-árd agus go glan, ó ċeann ceann de ṗáirc an ċamṫa; agus i spéirlinn caṫa, dá laḃraḋ sé árd, ag stiúruġaḋ na ḃfear nó 'ġá ngríosaḋ