Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/122

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
118
NIAṀ

do ṁuintir na h-Éirean ceannaiġṫe de'n tsórd san a ḃeiṫ ins na caṫaraċaiḃ a ḃí ar na cuantaiḃ. Go dtaḃarfaidís isteaċ ó ḋúṫaiḃ iasaċta earaí nár ḃ' ḟéidir a ḋéanaṁ i n-Éirinn agus go gceannóċaidís ó ṁuintir na h-Éirean, le díol ins na dúṫaiḃ iasaċta, ná h-earaí a déanfaí i n-Éirinn agus nár ḃ’ ḟéidir a ḋíol i n-Éirinn. Mar ġeall air sin iseaḋ ḟág sé na Loċlanaiġ ins na caṫaraċaiḃ a ḃí ar na cuantaiḃ. D'ḟág sé iad i mBaile Áṫa Cliaṫ, i bPortláirge, i gCorcaiġ, agus i Luimneaċ, agus i mbailtiḃ beaga eile n-a ḃféadfaḋ loingeas teaċt isteaċ ċúċa. Ċuir sé fé ċíos iad, áṁṫaċ, agus ní raiḃ aon ċur i gcoinniḃ an ċíosa acu. Ní raiḃ an cíos ró ṫrom agus an ḟaid a ḋíoladar an cíos ḃíodar fé ċosnaṁ Ḃriain.

Ṫagaḋ an cíos isteaċ ó Éirinn go léir, gaċ aon lá Saṁna, go teiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Dob' uaṫḃásaċ an saiḋḃreas é. Aċ do ċaiṫtí é go léir. Ḃíoḋ suas le trí ṁíle bó ann de ḃuaiḃ raṁara, agus trí ċéad déag muc, agus do h-iṫtí an ḟeóil sin go léir, ḃí an teiġlaċ ċóṁ mór san, agus ḃíoḋ oiread san daoine, uasal agus íseal, ag teaċt agus ag imṫeaċt ann coitċianta. Ḃíoḋ trí ċéad agus ċúig cinn ḟiċid ann de ṗíopaí fíona, d'ḟíon dearg, agus trí caoġaid píopa des na fíontaiḃ eile, agus d'óltí an fíon go léir, mar ḃí féile agus fairsinge i ríġṫeiġlaċ Ḃriain, agus saiḋḃreas agus uaisleaċt, ṫar gaċ teiġlaċ Árdríġ d'á raiḃ i n-Éirinn ó aimsir Ċormaic ṁic Airt. Deirtí an uair sin go raiḃ Brian ar ḋuine des na trí Árdríġtiḃ ba ġlórṁaire d'á raiḃ i n-Éirinn riaṁ. Conaire Mór mac Eidirsgeóil an ċéad Árdríġ ḋíoḃ san, Cormac mac Airt an tarna h-Árdríġ ḋíoḃ, agus Brian Bóraiṁe an tríṁaḋ h-Árdríġ ḋíoḃ. Ċoimeád Brian an ṁórḋaċt san agus an gradam san agus an ċóṁaċt ríoga san 'n-a lán neart agus 'n-a lán tsoillse an ḟaid a ṁair a réim i n-Árdríġeaċt na h-Éirean.