Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/121

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
117
NIAṀ

Ó ṁuintir Ċorcomaruaḋ deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad caoira agus deiċ gcéad brat.

Ó Ċorcabaoisgne deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad molt agus deiċ gcéad muc agus deiċ gcéad brat.

Ó ṁuintir Ċiarruiḋe deiċ gcéad daṁ agus deiċ gcéad bó agus deiċ gcéad muc.

Ó ṁuintir Ṁúsgráiḋe trí ċéad bó reaṁar agus trí ċéad loilíġeaċ agus trí ċéad muc agus céad brat.

Ó Ṫír Ċonail ċúig céad bó agus ċúig céad brat.

Ó Ṫír Eoġain trí ċéad muc agus trí ċéad ualaċ iarainn.

Ó Ċlann Ruḋríġe trí caoġaid bó agus trí caoġaid muc.

Ó Oirġiallaiḃ céad agus trí fiċid bó.

Ó Ċúige Laiġean trí ċéad bó reaṁar agus trí ċéad muc agus trí ċéad ualaċ iarainn.

Mar sin dóiḃ mór-ṫímpal na h-Éirean go léir. Ní'l curṫa síos anso agam aċ fíor ḃeagán des na cíosanaiḃ, oiread díreaċ agus ṫaisbeánfaiḋ an tslíġ ar a ndíoltí an cíos, agus an fáġaltas cíosa a ḃíoḋ ag tuitim ar na cineaċaiḃ agus ar na dúṫaiḃ fé leiṫ.

Ḃí a gcion de'n ċíos ar na Loċlanaiġ, leis, an ċuid acu a ḃí socair i mbailtiḃ móra na h-Éirean. Ḃí ar Loċlanaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ trí caoġaid píopa fíona do ṫaḃairt mar ċíos d' Árdríġ Éirean. Ḃí ar Loċlanaiġ Luimníġe trí ċéad agus trí fiċid píopa d'ḟíon dearg a ṫaḃairt mar ċíos dó.

B'ḟéidir go ḃfiafróċ' duine conus ḟéadfaḋ Loċlanaiġ Luimníġe cíos a ḋíol le h-Árdríġ Éirean má ḃíodar go léir díbearṫa a' Luimneaċ?

Ḃí an ċuid acu nár ġéill do Ḃrian díbearṫa, aċ an ċuid acu do ġéill dó agus do ġeall ḃeiṫ dílis dó, do fágaḋ ann iad. Fear eagnaiḋe, tuisgionaċ, ab eaḋ Brian. Daoine go raiḃ eólus mór acu ar gaċ gnó ceannaiġeaċta ab eaḋ na Loċlanaiġ a ḃí ins na caṫaraċaiḃ cuan i n-Éirinn an uair sin. Do ṫuig Brian gur ḃ' ana ṫairḃṫeaċ an rud