Niamh/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Mearḃall Aigne
[ 120 ]

CAIBIDIOL II.

MEARḂALL AIGNE.

Nuair a ḃí Brian socair sa n-Árdríġeaċt do ṫusnuiġ breis des na h-uaisliḃ ar ḃeiṫ ag teaċt go Ceann Cora as gaċ áird i gcian agus i gcóṁngar. Níor ḃfada go mb' éigean tuille slíġe ḋéanaṁ sa ríġṫeiġlaċ. B'éigean an ríġṫeiġlaċ do ċur i méid. B'éigean tiġṫe nua do ċur suas, i n-aice an tíġe ṁóir, i dtreó, nuair a ṫiocfaḋ ríġ [ 121 ]cúige nó priúnsa nó fear léiġinn, go ḃféadfaí é cur ċun cóṁnuiġṫe ar a ṡuaiṁneas, pé fada gairid ba ṁaiṫ leis fanṁaint.

Ċuir an obair sin tuille gnóṫa ar Meargaċ agus ar na ceárdaiḋṫiḃ a ḃí ag obair aige. D'á éaġmuis sin, ċóṁ luaṫ agus ḃí Brian i n' Árdríġ ar Éirinn ḃí na ríġṫe eile, ríġṫe na gcúigí, ag cur fios go Ceann Cora ar gaċ aon tsaġas airm. Ní raiḃ aon ṁeas ar ċlaiḋeaṁ ná ar ṡleaġ ná ar ṫuaiġ mura ḃféadfaí a ráḋ gur i gCeann Cora, i gceártain Ṁeargaiġ, a deineaḋ iad. Do ċuir san, leis, tuille gnóṫa ar Ṁeargaċ. B'éigean dó tuille gaiḃní agus tuille de gaċ aon tsaġas ceárdaiṫe do ċur ag obair. Ḃí cúram mór air, aċ ḃí níḋ ar a aigne ba ṁeasa ḋó ċuige 'ná an cúram, d'á ṁéid é. Ḃí ḟios aige go raiḃ an ċailís ḋaor úd guidiṫe as an mainistir agus gur ḃ 'é féin fé ndeár é. Ḃí ḟios aige gur ḋein sé beart ṡímplíḋe nuair a ṫug sé an ṁacṡaṁail úd na h-eoċraċ isteaċ i láiṁ aoinne le breiṫ síos ag triall ar Ċolla. Ḃí ḟios aige go raiḃ sé ceart aige féin dul síos agus í ṫaḃairt isteaċ i láiṁ Ċolla féin. Dá ndeineaḋ sé mar sin ṫiocfaḋ an ḟírinne amaċ láiṫreaċ, agus ní guidfí an ċailís.

Ḃí sé ag maċtnaṁ ar an méid sin ó'n lá a ḃí an Legáid ag caint leis agus d'á ṁéid maċtnaṁ a ḋein sé ar an sgéal iseaḋ is mó a ḃí an sgéal ag breiṫ ġreama ar a ċroíḋe. Ḃí an sgéal 'á ċur amú ar a ġnó agus ag baint codla na h-oíḋċe ḋé. Níor ḃ’ ḟéidir dó laḃairt le h-aoinne 'n-a ṫaoḃ, ná cóṁairle ḋ'iaraiḋ ar aon duine de'n ṁuintir a ḃí 'n-a tímpal, ná ar aon duine de ṫeiġlaċ Ḃriain, le h-eagla gur tuille díoḃála a ḋéanfaḋ sé. Fé ḋeire ṡocaruiġ sé ar ḋul síos agus ar laḃairt le Colla féin. Ċuaiḋ sé síos agus do laḃair sé le Colla.

“Feuċ, a Aṫair,” ar seisean, “tá mo ċroíḋe briste ó ḃeiṫ ag maċtnaṁ ar an gcuma úd 'n-ar deineaḋ amadán [ 122 ]díom i dtaoḃ na h-eoċraċ agus i dtaoḃ na cailíse. Ní ḟéadfainn fanṁaint a ṫuille gan teaċt ċun cainte le t' onóir. Ní foláir rud éigin a ḋéanaṁ ċun teaċt suas leis an mbiṫeaṁnaċ, pé h-é féin. Brisfiḋ mo ṡláinte nó imṫeóċad as mo ṁeaḃair mura ndeintear rud éigin.”

“Tá m'aigne féin ċóṁ suaiṫte le t aigne-se mar ġeall air, a ḋuin'uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag maċtnaṁ go ceann bliana air ní dóiċ liom go ḃféadfainn cuiṁneaṁ ar cad is ceart a ḋéanaṁ. Dá dtagaḋ an t-Árdríġ ċúġam anso agus go ndéarfaḋ sé gur ṁaiṫ leis an ċailís a ḋ'ḟeisgint, cad a ḃéaḋ agam le ráḋ leis? B'ḟéidir go ndéarfaḋ sé i n’ aigne féin go ḃfuil an ċailís sin ró ḋaor ċun í ḟágáilt anso. Níor ḃ’ aon iongnaḋ liom go ndéarfaḋ. B'ḟéidir go dtuigfeaḋ sé i n’ aigne gur ċeart cailís ċóṁ luaċṁar a ṫaḃairt do ṗríoṁ-eaglais na h-Éirean. Gur ṁaiṫ an tseóid í d’ Árdríġ Éirean le bronnaḋ ar ṗríoṁ-eaglais Éirean, ar eaglais Árdṁaċa. Is ar eaglais Árdṁaċa ba ċeart í ḃronnaḋ. Siné a déarfaḋ aoinne a ċífeaḋ í. Táim mar a ḃéinn i n-uisge ḃeiriṫe ó fuair Brian an Árdríġeaċt agus ná feadar cad é an neómat a ḃéaḋ sé ċúġam isteaċ 'ġá ráḋ gur ṁaiṫ leis an ċáilís sin a ḋ'ḟeisgint. Is truaġ ċráiḋte nár ċoimeád sé í an ċéad lá agus gan í ṫaḃairt i n-aon ċor dúinn!”

“Cad déarfá, a Aṫair,” arsa Meargaċ, “dá dtéiḋinn agus an sgéal a ḋ'innsint do Ṁurċaḋ ó ṫusaċ go deire?”

“Caiṫfear an sgéal a ḋ'innsint gan a ṫuille ríġnis, dó féin nó do Ḃrian,” arsa Colla. “D'innseas féin an sgéal do'n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an ċailís orm an ḟaid a ḃí an Legáid anso do neósfaḋ an Legáid do'n Árdríġ cad a ḃí imṫiġṫe uirṫi. Ḃéaḋ an Legáid idir mé agus an t-Árdríġ agam. Anois tá an Legáid imṫiġṫe agus [ 123 ]tá sgannra orm le h-eagla go n-iarfaí an ċailís orm. Má deir Brian, ‘Cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis dúinn láiṫreaċ go raiḃ sí imṫiġṫe?’ Cad a ḃeiḋ le ráḋ agam? Déarfar gur breaġ a ṫuas uain do'n ḃiṫeaṁnaċ ar imṫeaċt slán agus an ċailís a ḃreiṫ leis agus do ċur ó aon ḟáġail a ḃeiṫ ar í ṫaḃairt ṫar n-ais.”

“B'ḟéidir, a Aṫair,” arsa Meargaċ, “go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ againn dul ċun cainte le Murċaḋ agus an sgéal a ḋ'innsint dó ó ṫusaċ go deire. Mise fé ndeár an t-olc go léir. Ní raiḃ aon ċeart agam gan teaċt anso ċun caint leat-sa sar ar ṫugas uaim an eoċair! Ní ḟeadar an tsaoġal cad d'imṫiġ orm agus a leiṫéid de ġnó leanbaiḋe ḋéanaṁ. Nuair a ċonac an aibíd agus an coċal do baineaḋ de m' ċosaint mé glan.”

“Is uaṫḃásaċ an sgéal é,” arsa Colla. “Ní ḟeadar an tsaoġal cá dtáinig an aibíd. Ṫaisbeáin an Legáid na manaiġ go léir duit agus dúḃairt sé go ndúḃraís nár ḃ’ aoinne acu a ḃí ann.”

“Dúḃart,” arsa Meargaċ, “agus dob' ḟíor ḋom é. Ní h-aoinne acu a ḃí ann.”

“Ní miste ḋom a ḋ'innsint duit,” arsa Colla, “go raiḃ sórd droċ aṁrais ag an Legáid ar an sagart óg so againn ar an Aṫair Art mac Duiḃ, aċ dúḃart-sa leis dá mba ḋó san a ṫaḃarfá-sa macṡaṁail na h-eoċraċ go n-aiṫneófá é.”

“D' aiṫneóċainn, a Aṫair,” arsa Meargaċ. “Tá a lán des na manaiġ atá anso agus d' aiṫneóċainn iad, leis. An manaċ gur ṫugas an eoċair dó ní ḟeaca roimis sin é ná ó ṡin.”

“Ní baoġal go ḃfeacaís ó ṡin é,” arsa Colla, “agus ní dóċa gur baoġal go ḃfeicfir airís é má ḟéadan sé coimeád as do raḋarc. Is dóiċ liom d'á luaṫaċt a ḃeiḋ an sgéal go léir innste do Ṁurċaḋ againn gur b’ eaḋ is fearr é.” [ 124 ]D'imṫiġ an ḃeirt suas go Luimneaċ agus as san go Ceann Cora. Fuaradar caoi ar ċaint a ḋéanaṁ le Murċaḋ agus d'innseadar dó gaċ níḋ fé mar a ṫuit amaċ, i dtaoḃ na cailíse. Ċeistiġ sé iad go dlúṫ, díreaċ mar a ċeistiġ an Legáid Colla. D'á ḟeaḃas a ċeistiġ sé iad, áṁṫaċ, iseaḋ ba ṁó a ċuaiḋ an sgéal i n-aiṁréiḋ air agus iseaḋ ba ḋeacara ḋó aon tuairim a ṫaḃairt do cé r' ḃ' é an biṫeaṁnaċ. Dúḃairt sé leó gur ḃ'ḟearr gan an sgéal do leigint amaċ.

“Isé mo ṫuairim láidir,” ar seisean, “pé h-é an biṫeaṁnaċ, ná fuil sé ró ḟada uainn an neómat so, agus go ḃfuil sé ag faire go dlúṫ orainn feuċaint cad a ḋéanfaimíd. Ní h-aon duine iasaċta é. Ṫaisbeáin sé an iomad eóluis. Ḃí ḟios aige cá raiḃ an ċailís i gcoimeád, agus ḃí ḟios aige cá raiḃ an eoċair, agus ḃí ḟios aige cé r' ḃ' é an gaḃa a ḋein an eoċair. Is iongantaċ an bob a ḃuail sé ort, a Ṁeargaiġ!” ar seisean, ag cur sgeartaḋ gáire as. — “Má airiġim-se aon ḟocal ó m'aṫair,” ar seisean, “'ġá ráḋ gur ṁaiṫ leis an ċailís a ḋ'ḟeisgint, nó gur ṁaiṫ leis í ċur go h-Árdṁaċa, cuirfiḋ mé ḋé é. Ní mór ḋúinn go léir ḃeiṫ ag faire coitċianta feuċaint an ḃfaiġmís aon ṗioc de raḋarc ná de ḃalaiṫ an ḃiṫeaṁnaiġ.”

Ċuir an méid sin aigne na beirte ċun suaiṁnis mórán. Ṫáinig Meargaċ go Luimneaċ ċun a ġnóṫa, agus ṫáinig Colla aḃaile ċun na mainistreaċ.

Nuair ḟágadar Murċaḋ do ċrom seisean ar ṁaċtnaṁ. Ṫuig sé áilneaċt na cailíse agus a daoire. Ḃí ḟios aige, pé r' ḃ' é an biṫeaṁnaċ, go ndéanfaḋ an ċailís sin fear saiḋḃir dé i gcaiṫeaṁ a ṡaoġail, dá ḃféadaḋ sé í ḋíol, agus go ndéanfaḋ sí daoine saiḋḃre d'á ṡlioċt ar feaḋ seaċt nglún. Ḃí ḟios aige nár ḃ’ ḟéidir í ḋíol i n-Éirinn. Dá gceannaiġtí í i n-aon ṁainistir ná i n-aon eaglais i n-Éirinn go n-aireófí teaċt ṫáirsí go luaṫ, ó ḃéal go béal, [ 125 ]ameasg ríġṫe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir. Ḃí ḟios aige, d'á ḃríġ sin, nár ḃ'ḟéidir í ḋíol gan í ċur amaċ a' h-Éirinn. Tré ċeannaiġe éigin Loċlanaċ a caiṫfí san do ḋéanaṁ. Ḃí gaċ aon ḃaoġal, dar leis go raiḃ san déanta ċeana. Ḃí an iomad aimsire fáġalta ag an mbiṫeaṁnaċ, agus do réir an ḃuib a ḃuail sé ar Ṁeargaċ níor ḃiṫeaṁnaċ é do ṫaḃarfaḋ aon ḟaillíġ sa n-aimsir a tugaḋ dó. Má ḃí an ċailís imṫiġṫe ṫar faraige ní raiḃ ann aċ fiantas, dar leis, ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar ṫeaċt suas léi go deó. “Aċ ní'l agam le déanaṁ aċ ḃeiṫ ag faire ċúġam,” ar seisean i n’ aigne féin.

“Ní ċuirfinn ṫar mo leasṁáṫair é!” ar seisean, a' maċtnaṁ eile. “Is aici ḃí an ċailís i gcoimeád sar ar cuireaḋ síos í go h-Inis Caṫaiġ. Agus is cuiṁin liom go maiṫ náċ le h-aon deaġ-ṫoil a sgar sí leis an seóid uasail. Aċ cé r' ḃ' é an manaċ? Agus cá ḃfuair sé an aibíd agus an coċal má ba ṁanaċ bréige é? Conus a fuair sé amaċ gur ḃ' é Meargaċ a ḋein an eoċair? Ní dóċa go gcuirfeaḋ sí féin aibíd agus coċal uimpi — aċ cad é sin agam 'á ráḋ! D'aiṫneóċ' an gaḃa í láiṫreaċ. Má 'sí a ḋein an gníoṁ, agus go deiṁin, a rígan, ní ċuirfinn-se ṫort é, ḃí duine éigin aici ċun na h-oibre ḋéanaṁ di. Cé r' ḃ' é an duine sin? — Ní ḟeadar an tsaoġal. Ní'l agam aċ ḃeiṫ ag faire ċúġam.— Aċ caiṫfear feuċaint ad’ ḋiaiġ go géar, a rígan, i neiṫiḃ eile leis. Ní gan ċúis a ṫug an Legáid an foláraṁ deirineaċ so ḋom agus é ag imṫeaċt, tar éis an ḟoláraiṁ ċéadna ṫaḃairt dom tamal roimis sin. Ó, ambasa ní ḋéanfaiḋ sé an gnó ḋom aon ṁíogarnaċ a ṫeaċt orm.”