Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/126

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
122
NIAṀ

díom i dtaoḃ na h-eoċraċ agus i dtaoḃ na cailíse. Ní ḟéadfainn fanṁaint a ṫuille gan teaċt ċun cainte le t' onóir. Ní foláir rud éigin a ḋéanaṁ ċun teaċt suas leis an mbiṫeaṁnaċ, pé h-é féin. Brisfiḋ mo ṡláinte nó imṫeóċad as mo ṁeaḃair mura ndeintear rud éigin.”

“Tá m'aigne féin ċóṁ suaiṫte le t aigne-se mar ġeall air, a ḋuin'uasail,” arsa Colla, “agus dá mbéinn ag maċtnaṁ go ceann bliana air ní dóiċ liom go ḃféadfainn cuiṁneaṁ ar cad is ceart a ḋéanaṁ. Dá dtagaḋ an t-Árdríġ ċúġam anso agus go ndéarfaḋ sé gur ṁaiṫ leis an ċailís a ḋ'ḟeisgint, cad a ḃéaḋ agam le ráḋ leis? B'ḟéidir go ndéarfaḋ sé i n’ aigne féin go ḃfuil an ċailís sin ró ḋaor ċun í ḟágáilt anso. Níor ḃ’ aon iongnaḋ liom go ndéarfaḋ. B'ḟéidir go dtuigfeaḋ sé i n’ aigne gur ċeart cailís ċóṁ luaċṁar a ṫaḃairt do ṗríoṁ-eaglais na h-Éirean. Gur ṁaiṫ an tseóid í d’ Árdríġ Éirean le bronnaḋ ar ṗríoṁ-eaglais Éirean, ar eaglais Árdṁaċa. Is ar eaglais Árdṁaċa ba ċeart í ḃronnaḋ. Siné a déarfaḋ aoinne a ċífeaḋ í. Táim mar a ḃéinn i n-uisge ḃeiriṫe ó fuair Brian an Árdríġeaċt agus ná feadar cad é an neómat a ḃéaḋ sé ċúġam isteaċ 'ġá ráḋ gur ṁaiṫ leis an ċáilís sin a ḋ'ḟeisgint. Is truaġ ċráiḋte nár ċoimeád sé í an ċéad lá agus gan í ṫaḃairt i n-aon ċor dúinn!”

“Cad déarfá, a Aṫair,” arsa Meargaċ, “dá dtéiḋinn agus an sgéal a ḋ'innsint do Ṁurċaḋ ó ṫusaċ go deire?”

“Caiṫfear an sgéal a ḋ'innsint gan a ṫuille ríġnis, dó féin nó do Ḃrian,” arsa Colla. “D'innseas féin an sgéal do'n Legáid, mar is eól duit. Dá n-iartí an ċailís orm an ḟaid a ḃí an Legáid anso do neósfaḋ an Legáid do'n Árdríġ cad a ḃí imṫiġṫe uirṫi. Ḃéaḋ an Legáid idir mé agus an t-Árdríġ agam. Anois tá an Legáid imṫiġṫe agus