Niamh/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
“Lady dost thou not fear to stray?”

[ 126 ]

CAIBIDIOL III.

“LADY, DOST THOU NOT FEAR TO STRAY.”

Cuid de'n ċéad ġnó a ḋein Brian, ċóṁ luaṫ agus ḃí sé socair daingean sa n-Árdríġeaċt, ab eaḋ na h-eaglaisí a ḃí loitiṫe i ndiaiġ na Loċlanaċ do ḋeisiuġaḋ agus do ṡlánuġaḋ agus do ċur i dtreó airís. Ċuir sé suas as eaglais ṁór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis Caṫaiġ; agus ḋein sé aṫnuaċaint ar an eaglais i dTuaim Gréine. Ḋein sé bóiṫre móra ó ṫaoḃ taoḃ agus ó ċeann ceann d' oileán na h-Éirean, agus ḋein sé droċaid ḃreaġṫa leaṫana láidire ins na h-áiteanaiḃ 'n-a dtéiḋeaḋ na bóiṫre sin treasna aiḃní, i dtreó gur ḋein sé tairḃṫe ana ṁór do'n ṗoibiliḋeaċt, mar gur ċuir sé ar ċumas daoine dul ar ċuardaiḃ fada gan an iomad trioblóide. Ḃí áṫas mór ar an bpoibiliḋeaċt mar ġeall ar na h-oibreaċaiḃ sin.

Ḋein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus ċuir sé buiḋeana maiṫe láidire fear isteaċ ins na dúnaiḃ sin agus ins na daingeanaiḃ sin, mar luċt coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcóṁnúiġe ċun na tíre do ċosaint agus ċun smaċt an Árdríġ do ċur i ḃfeiḋm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do ṁeasfaḋ an smaċt san do ṁilleaḋ. Do neartuiġ sé ar an gcuma san ríġṫeiġlaċ Ċaisil, agus ríġṫeiġlaċ Ċeanḟeaḃrad, agus an ríġṫeiġlaċ i n-Inis Loċa Cé, agus an ríġṫeiġlaċ i n-Inis Loċa Guir, agus an ríġṫeiġlaċ i nDún gCrot, agus mórán eile de ḋúnaiḃ agus de ríġṫeiġlaċaiḃ ar fuid na h-Éirean, agus ċuir sé na buiḋeana fear isteaċ ionta ċun iad a ċoimeád agus do ċosaint. Do neartuiġ san a ċóṁaċt féin [ 127 ]go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáṫ agus eagla do ċur ar a naṁaid, amuiċ agus i mbaile.

Ċuir sé luċt léiġinn agus eóluis ag sgrúdaḋ agus ag breiṫniuġaḋ na sean dliġṫe agus 'ġá dtaḃairt ċun soluis, an ċuid acu a ḃí imṫiġṫe a' cuiṁne; agus fé mar a ċonaic sé gáḋ leó, ċuir se i ḃfeiḋm airís aon ċuid acu a ḃí imṫiġṫe a' feiḋm le faillíġ nó de ṫoraḋ aimsire. Níor ró ḋeacair dó san a ḋéanaṁ. Ḃí a leiṫéid d'uraim i gcóṁnuiġe riaṁ ag an nGaeḋal do ḋlíġ na ríġeaċta nár ġáḋ a ḋéanaṁ aċ a ċur i n-iúil dó go raiḃ an dlíġ ann ċun a ċur ḟiaċaiḃ air an dlíġ do ċóṁlíonaḋ. Bíon iongnaḋ anois ar sgoláirṫíḃ nuair a ċíd siad ná raiḃ aicme áiriġṫe, ceapaiṫe ċun na dlíġ ċur i ḃfeiḋm, i n-Éirinn fadó. Is dóiċ leó, agus is fíor ḋóiḃ é, gur ḃ obair ḃaoṫ dlíġ ḋéanaṁ dos na daoine atá ar an saoġal anois, ná ḃeiṫ ag braṫ air go ndéanfaidís an dlíġ sin do ċóṁlíonaḋ, mura gceapfaí aicme láidir ċun a ċur ḟiaċaiḃ orṫa an dlíġ ċóṁlíonaḋ. Ní ṫuigid siad conus a féadaḋ dliġṫe déanaṁ i n-Éirinn fadó agus ansan a ḋ'ḟágáilt fé-s na daoine féin na dliġṫe do ċóṁlíonaḋ. Do féadtí san do ḋéanaṁ mar, ċóṁ luaṫ agus ṫuigeaḋ an ṗoibiliḋeaċt an dlíġ ḃeiṫ ann, do ċuireaḋ toil ṗoibiliḋe na ndaoine ḟiaċaiḃ ar gaċ duine fé leiṫ an dlíġ do ċóṁlíonaḋ. B'ḟearr le gaċ duine fé leiṫ, go mór, an dlíġ do ċóṁlíonaḋ 'ná fulang leis an ndroċ ṁeas ṗoibiliḋe a ḃéaḋ air dá ḃfeiceaḋ na daoine é ag taḃairt droċ meas nó tarcaisne do'n dlíġ. Tá soluídí maiṫe againn ar ḟeiḋm de'n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má ṫéiḋean nós áiriġṫe i ḃfeiḋm ar an bpoibiliḋeaċt anois féin feuċ cá ḃfuil an duine fé leiṫ go mbeiḋ sé de ṁisneaċ aige an nós san do ḃriseaḋ! Aigne ṗoibiliḋe na ndaoine isí ċuireaḋ dliġṫe i ḃfeiḋm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a ċuireaḋ sí i ḃfeiḋm iad, agus is iomláine, 'ná mar a ṫagan le neart armála dliġṫe ċur i ḃfeiḋm anois. [ 128 ]Ná measaḋ aoinne, áṁṫaċ, ná bristí dliġṫe i n-Éirinn fadó. Do bristí go deiṁin. Aċ nuair a ṫagaḋ an t-é ar a ndéintí an éagcóir, os cóṁair an ḃreiṫiṁ, agus nuair a ṫugaḋ an breiṫeaṁ a ḃreiṫ, do glactí an ḃreiṫ ar gaċ taoḃ agus do déintí d'á réir. Ḃí sé daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfaḋ an uraim sin do'n dlíġ ná béaḋ an raṫ air. Níor ró ḋeacair dliġṫe fóġanta do ċur i ḃfeiḋm ameasg daoine de'n tsórd san.

Ḋein Brian níḋ eile do ċaḃruiġ go mór leis ċun na ndliġṫe do ċur i ḃfeiḋm. Ó'n lá a ġlac sé arm gaisge, agus gan é aċ ċúig bliana déag, do ṫaisbeáin sé, 'n-a ġníoṁarṫaiḃ agus 'n-a ḃéasaiḃ agus ins gaċ aon tsaġas deiġleála idir é féin agus daoine eile, go raiḃ beann ṫar bár aige ar an gceart, ná déanfaḋ sé éagcóir ar aon Ċríostaiḋe, pé 'cu caraid nó naṁaid é, pé 'cu íseal nó uasal é. Do tugaḋ an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leaṫ cóṁaċt Ḃriain agus fé mar a ṁéaduiġ a ċreideaṁaint, do ḋein daoine eile, uasal agus íseal, aiṫris air. Ar ball, ḃí acu go léir, nó dúḃradar go léir go raiḃ acu, beann ṫar bár ar an gceart, fé mar a ḃí ag Brian. Do glacaḋ an ceart 'n-a nós acu. Ansan ḃí neart an nóis ag cur le neart an ċirt. Ḃí neart eile ag cur leis an dá neart san. B'é neart é sin 'ná neart an Ċreidiṁ.

Ná bíoḋ aon iongnaḋ ar aoinne gan aon ġáḋ a ḃeiṫ le neart armála ċun dliġṫe ċur i ḃfeiḋm nuair a ḃí na trí nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidiṁ, ag oibriuġaḋ as acfuinn a ċéile ċun dliġṫe ċur i ḃfeiḋm.

Tugaimís fé ndeara cad a ṫuig amaċ do Ḃrian i n-aon ṗúnc aṁáin de'n ċeart agus de'n ḃeann a ḃí aige ar an gceart. Ċonaic gaċ aoinne go raiḃ aon ḃeart aṁáin éagcóra na ceadóċaḋ Brian ar an tsaġas cleas ná résún. B'í beart éagcóra í sin 'ná masla ṫaḃairt do ṁnaoi. [ 129 ]Ċonaic na fir go léir, íseal agus uasal, go raiḃ gráin gan teóra ag Brian ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san. Mar ġeall ar an uraim a ḃí acu do Ḃrian do ḋein na fir go léir, uasal agus íseal, aiṫris air sa níḋ sin, leis. Má b'uasal an rud do Ḃrian an ġráin sin a ḃeiṫ aige ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san, dob' uasal an rud é, dar leó, d'aon ḟear. As san dúḃairt gaċ fear go raiḃ gráin aige féin ar ġníoṁarṫaiḃ de'n tsórd san. As san do ṫug gaċ fear mar ḃéas dó féin ḃeiṫ ag maoiḋeaṁ as nár ṫug sé riaṁ “masla ná tarcaisne do ṁnaoi.” Do lean an aiṫris ar Ḃrian, agus do lean an ċaint, agus do lean an maoiḋeaṁ. As san do neartuiġ an nós agus do tugaḋ fé ndeara, ar fuid na h-Éirean, ná deineaḋ fir Ḃriain gníoṁarṫa de'n tsórd san. Fé mar a leaṫ cóṁaċt Ḃriain do leaṫ na nósa a ḃí ag fearaiḃ Ḃriain. Ar ball do tugaḋ fé ndeara ná deintí na gníoṁarṫa gráinneaṁla úd i n-aon ḃall i n-Éirinn.

Ansan, nuair a ṫagaḋ Niaṁ agus a h-aṫair go Ceann Cora, agus nuair a ċíoḋ na ríġṫe óga Níaṁ, do ċuiṁniġdís ar an uaisleaċt agus ar an nósṁaireaċt a ḃí tagaiṫe ar Ġaeḋlaiḃ Éirean go léir agus deiridís eatarṫa féin:—

“Níor ṁiste ḋi slat díoga do ṫógaint 'n-a láiṁ, agus fáinne óir i mbara na slaite, agus siúḃal 'n-a haonar ó Ṫonn Clíoḋna go Dún Soḃairce, agus ní baoġal go ndéanfaḋ aon ḟear Gaeḋlaċ, uasal ná íseal, oiread agus focal neaṁ-uramaċ do laḃairt léi.”

Dúḃraḋ an ċaint sin, nó caint de'n tsórd, ċóṁ minic sin, agus do tuigeaḋ ċóṁ maiṫ san fírinne na cainte, gur measaḋ, 'n-a ḋiaiġ san, nuair a ḃí Brian agus Niaṁ agus an ċuid eile acu sa n-iúir, nár ċaint a ḃí sa sgéal aċ gur ḋein óigḃean uasal éigin an siúḃal san, 'n-a h-aonar, ó Ḋún Soḃairce go Tonn Clíoḋna, agus an tslat 'n-a láiṁ aici agus an fáinne óir ar an slait, agus ná fuair sí ar an [ 130 ]slíġ aċ an uraim agus an onóir ba ṁó a ḋ'ḟéadfaí a ṫaḃairt di. Do lean an sgéal ar an gcuma san i seanaċus na h-Éirean go dtí go dtáinig an file Gallda, Ua Mórḋa, agus gur ċúm sé an dán úd:—

“Lady, dost ṫou not fear to stray, &c.”

Is fiú an sgéal san maċtnaṁ a ḋéanaṁ air. Is 'mó ríġ agus ímpire n-a ḃfuil cúntas orṫa i seanaċus an doṁain agus n-a ḃfuil molaḋ mór ar a ngníoṁarṫaiḃ agus ar a ngradam, ar an gcuma 'n-ar ċuireadar tíorṫa fada fairsing fé smaċt a láṁ, agus ar an gcuma 'n-ar ċuireadar, má ba ríġṫe fóġanta iad, dliġṫe tairḃṫeaċa i ḃfeiḋm. Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, go ḃfeaca riaṁ fós d'á ṫaḃairt, ar obair ná ar ṡaoṫar aon ríġ ná aon ímpire acu, molaḋ de ṡaġas an ṁolta so a ṫugan an sgéal seanaċais seo ar Ḃrian. Ní nósṁaireaċt, ná macántaċt, ná gníoṁarṫa onóraċa, na uraim do ḃantraċt, is gnáṫ ag leanṁaint slóġ agus cogaiḋ agus armála agus caṫana fuilteaċa. Neaṁ-ṡuim ins na neiṫiḃ sin iseaḋ is gnáṫ ag leanṁaint riaṁ. Neaṁ-ṡuim i ngaċ deaġ-nós, neaṁ-ṡuim i gceart an ḟir ṫall, neaṁ-ṡuim sa n-uraim is dual do ṁnáiḃ; an beiṫiġeaċ allta 'ġá ṫaisbeáint féin sa duine; gaḃáil do ċosaiḃ ins gaċ dualgas d'á mbainean le dlíġ, le deaġ-nós, le Creideaṁ; siniad na neiṫe is gnáṫ ag leanṁaint cogaiḋ agus cóṁraic agus caṫana fuilteaċa.

Ní raiḃ Brian riaṁ, ó táinig sé i n-aois a ċúig mblian ndéag, aċ sáiḋte i gcogaíḃ. Ḃí a ġaolta go léir ċóṁ sáiḋte ins na gcogaíḃ agus ḃí sé féin. I n-aiṁḋeóin na gcogaí go léir do ṫuill Brian agus a ṡlóiġte an molaḋ atá sa sgéal úd i dtaoḃ na mná óige agus i dtaoḃ na h-onóra a fuair sí ar feaḋ na slíġe go léir ó Ḋún Soḃairce go Tonn Clíoḋna. Tá buaḋ ag Brian sa méid sin ar ċóṁaċtaiḃ agus ar ríġṫiḃ agus ar ímpiríḃ an doṁain riaṁ. [ 131 ]Táimíd anois ag dul sa deiċṁaḋ céad blian ó fuair Brian agus a ṡlóiġte an buaḋ san. Do ċoimeád ár sínsear cuiṁne air. Ṫugadar dúinne an cuiṁne sin le coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a ċoimeád air. Caiṫtear go minic ins na súiliḃ orainn ná fuil aon níḋ ag baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon ṁaoiḋeaṁ ró ṁór a ḋéanaṁ as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin, cúis ṁaoiḋte agus aḋḃar creideaṁna ná fuil a leiṫéid le fáġail i seanaċus aon tíre eile fé luiġe na gréine indiu. Tá ceangailte orainn, ní h-aṁáin cuiṁne ċoimeád ar an aḋḃar creideaṁna san, aċ fós beart a ḋéanaṁ d'á réir.