Niamh/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Uisge-fé-ṫalamh
[ 131 ]

CAIBIDIOL IV.

UISGE-FÉ-ṪALAṀ.

Ḃíoḋ Murċaḋ go minic aḃfad ó Ċeann Cora ag feuċaint i ndiaiġ gnóṫaí na h-Árdríġeaċta fé ċóṁairle a aṫar. Nuair a ḃíoḋ sé imṫiġṫe ó Ċeann Cora ḃíoḋ sgannra air le h-eagla go ndéanfaí aon droċ ġníoṁ a gan ḟios dó. Ḃí an fear friṫálṁa ceapaiṫe aige ċun friṫálṁa ar an Árdríġ, mar ba ċeart agus mar ba ġnáṫ do réir nósa na h-aimsire sin. Aċ cá ḃ' ḟios dó, dar leis, ná go nglacfaḋ an fear friṫálṁa breab dá ndéintí breab ṁaiṫ a ṫairisgint dó. Ṫuig sé i n-aigne gur i gcoinniḃ mná a ḃí ar an ḃfear an cluiċe ḋ'imirt, i gcoinniḃ na mná ba ḃreaġṫa agus ba ṁeasa agus ba ġéire d'á raiḃ i n-Éirinn an uair sin. Cá ḃ'ḟios dó, dar leis, cad iad na cleasa ḋ'imireóċ' sí ar an ḃfear dá mba rud é go dtuigfeaḋ sí nár ḃ'ḟéidir é ḃreabaḋ. Ċonaic an Legáid a diaḃal coíṁdeaċta. Cá ḃ'ḟios cad é an congnaṁ a ṫaḃarfaḋ an diaḃal coíṁdeaċta san di n-aon droċ ġnó a ḃeartóċ' sí a ḋéanaṁ.

[ 132 ]“Ní h-aon ṁaiṫ,” ar seisean i n' aigne féin, “ḃeiṫ ag braṫ air go ḃféadfaḋ fear friṫálṁa ḃeiṫ maiṫ a ḋóṫin dí féin agus d'á diaḃal coíṁdeaċta. Caiṫfiḋ mé bean a ċur ag taḃairt aire ḋi.”

Ní ḟéadfaḋ sé cuiṁneaṁ ar aon ṁnaoi ċun na h-oibre sin aċ ar Niaṁ. Ḃí ḟios aige dá mbéaḋ Niaṁ i n-aice an Árdríġ, agus a ḟios a ḃeiṫ aici cad ċuige go raiḃ sí ann, nár ḃaoġal go ḃféadfaḋ Gormḟlaiṫ aon droċ níḋ ḋéanaṁ a gan ḟios di. D' imṫiġ sé féin siar go h-Uíḃ Máine. Do laḃair sé le Niaṁ. D'inis sé ḋi ó ṫusaċ go deire an sgéal go léir.

“Ní ḟéadfainn-se dul go Ceann Cora agus fanṁaint ann, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m'aṫair féin.”

“Ní'l t' aṫair-se i n-aon ċontaḃairt, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Ní mar sin do m'aṫair-se. Tá sé i gcon- taḃairt ṁóir. Dá ḃféadainn féin fanaṁaint sa ḃaile ní dóiċ liom go mbéaḋ aon ḃaoġal air. Tá an iomad eagla aici róṁam-sa. Nuair a ḃím as baile bíon gaċ aon níḋ ar a toil aici, agus ní ḃíon aon eagla aici roim aoinne. Ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam' aṫair go ḃfuil aon ċontaḃairt os a ċionn. Dá neósfaí ḋó é ní ḟéadfaimís é ċosaint. Do leigfeaḋ sé amaċ an sgéal, mar ní ċreidfeaḋ sé focal dé. Tá fios aige náċ bean ró ṁaiṫ í, aċ ní ċreidfeaḋ sé i n-aon ċor go ndéanfaḋ sí aon iaraċt ar é cur ċun báis. Dá n-abraḋ aoinne leis go ndéanfaḋ, is aṁlaiḋ a ṫiocfaḋ fearg air. Déarfaḋ sé gur le corp droċ aigne a déarfaḋ aoinne a leiṫéid. Ṫuigfeaḋ sé, dá mba ná béaḋ aon ċúis eile aici le gan an gníoṁ san a ḋéanaṁ, go seaċnóċ' sí é ar ṁaiṫe léi féin. Go gcuirfeaḋ bás an Árdríġ í féin as an Árdríganaċt. D'á éaġmais sin, bean ró ábalta iseaḋ í. Tá curṫa 'n-a luiġe aici ar aigne m'aṫar ná fuil aon níḋ is fearr lei 'ná é ṁaireaċtaint [ 133 ]aḃfad, mar d'á ḟaid a ṁairfiḋ sé gur b'eaḋ is sia a ḃéad- sa gan teaċt sa n-Árdríġeaċt. Caiṫfear an t-aireaċas a ḋéanaṁ ar m'aṫair a gan ḟios dó, a Niaṁ.”

“Ní ḟeadar, a ríġ,” arsa Niaṁ, “an ḃfuil aon ḃaoġal go mbéaḋ dearṁad ort-sa féin sa sgéal.”

“Cad é an dearṁad a ḋ'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ orm, a rígan?” ar seisean.

“Ba ḋóiċ liom,” ar sise, “go ḃfuil gaċ aon deaḃraṁ ar an gcaint sin a dúḃraís i dtaoḃ an ruda atá curṫa 'n-a luiġe aici, mar a deirir, ar aigne t' aṫar. D'á ḟaid a ṁairfiḋ t'aṫair iseaḋ is sia a ḃeiḋ Gormḟlaiṫ 'n-a h-Árdrígain agus iseaḋ is sia a ḃéir-se gan teaċt sa n-Árdríġeaċt. Má ċuirean sí féin ċun báis é cuirfiḋ sí í féin as an Árdríganaċt láiṫreaċ, agus déanfaiḋ sí Árdríġ ḋíot-sa. Tá ḟios aici go maiṫ náċ baoġal go nglacfaid fir Éirean aoinne eile i n' Árdríġ. B'ḟearr léi í féin do ḃáṫ 'ná ṫusa ḋ'ḟeisgint sa n-Árdríġeaċt. Sin dá ḋíoḃáil ṁóra aici á ḋéanaṁ di féin leis an ngníoṁ. Cá ḃfuil an tairḃṫe, a ríġ?”

“Tá sé ċóṁ maiṫ agam an sgéal go léir a ḋ'innsint duit, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ, “aċ is fé riún atáim 'á innsint duit. Tá níos mó go mór d'ḟios a gnóṫa agam-sa 'ná mar is dóiċ léi. Tá, mar is eól duit, a mac 'n-a ríġ ar Loċlanaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Tá uisge-fé-ṫalaṁ aici 'á ḋéanaṁ le fada riaṁ a d'iaraiḋ go ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ buaḋ agus go mbéaḋ a mac féin i n-Árdríġ ar Éirinn. Éire ag Loċlanaiġ agus Sitric i n' Árdríġ. Siné atá uaiṫi. Ní ḟeadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-ṫalaṁ a ḋein sí ċuige sin i gcaiṫeaṁ na h-aimsire roiṁ ċaṫ Gleanna Ṁáma. B' ṡiné fé ndeár na Loċlanaiġ a ḃeiṫ ċóṁ líonṁar sa ċaṫ san agus an caṫ a ḃeiṫ ċóṁ dian, ċóṁ fuilteaċ. Ḃí sí deiṁniġṫeaċ go mbéaḋ buaḋ an ċaṫa san ag Loċlanaċaiḃ agus ná tiocfaḋ Brian ná aoinne eile [ 134 ]againn beó ó'n gcaṫ. Tá an t-uisge-fé-ṫalaṁ céadna ar siúḃal anois airís aici. Is dóiċ léi ná fuil ḟios agam-sa é. Tá níos mó go mór d'ḟios a gnóṫa agam 'ná mar is dóiċ léi. Tá ríġ Loċlan ag gleusaḋ armála agus ag déanaṁ loingeas agus 'á gcur ar uisge. Tá muintir na h-Ioruaiḋe iġá ngleusaḋ féin ċun cogaiḋ, aċ ní h-innstear cad é an cogaḋ é ná cad ċuige an gleusaḋ. Tá ollṁúċán ar siúḃal ar oileán Ṁanain agus i n-oileánaiḃ Alban agus ṫuaiḋ i n-Ínsiḃ Orc. Ní deir aoinne focal i dtaoḃ cad é an bun atá leis an obair go léir agus leis an ollṁúċán go léir. Tá ḟios agam-sa go maiṫ cad é an bun atá leis an ollṁúċán. Tá Gormḟlaiṫ agus a mac, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag déanaṁ a ndíċil ar gaċ aon tsaġas cuma ċun ḃeiṫ ollaṁ ar ċaiṫ uaṫḃásaċ eile do ḃualaḋ ar son Árdríġeaċta na h-Éirean ċóṁ luaṫ agus ġeóḃaid siad an ċaoi ċeart air. Dá ḃfaġaḋ m'aṫair bás díreaċ nuair a ḃéaḋ an t-ollṁúċán críoċnuiġṫe acu, do ṫiocfaḋ san agus a dtoil isteaċ le n-a ċéile go h-áluinn.”

“Tuigim ṫú, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Agus dá mba ná béaḋ aon ḟonn ar t' aṫair bás d'ḟáġail an uair ba ṁaiṫ leó é ḋ'ḟáġail báis, isé do ṁeas go dtaḃarfaḋ Gormḟlaiṫ congnaṁ dó ċun báis a ḋ'ḟáġail.”

“Táim deiṁniġṫeaċ dé, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Dá mbéaḋ a gcuid ollṁúċáin curṫa ċun cinn acu agus iad ollaṁ, agus ansan go ḃfaġaḋ m'aṫair bás oban, ḃéaḋ gnó na h-Éirean 'n-a ṗraisiġ, dar leó. Ḃéaḋ sé 'n-a ċogaḋ ḋearg idir mise agus M'lṡeaċlainn feuċaint cé ḃéaḋ i n' Árdríġ. B'ḟéidir go mbéaḋ sé 'n-a ċaṫ trír, go ndéanfaḋ Ua Néill ṫuaiḋ iaraċt ar an Árdríġeaċt do ṡealḃuġaḋ ḋó féin. Ansan dá bpreabaḋ neart maiṫ láidir Loċlanaċ isteaċ ċúġainn níor ró ḋeacair dóiḃ Éire ċur fé n-a smaċt agus Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric.”

“Ambasa, a ríġ,” arsa Niaṁ, “is breaġ glan géar an [ 135 ]ḟeuċaint atá aici 'á ḋéanaṁ roímpi. Cad tá agaiḃ-se 'á ḋéanaṁ? Ní dóċa go ḃfuiltí-se i nḃúr suiḋe díoṁaoin agus iad súd 'ġá n-ollaṁuġaḋ féin ċóṁ díċealaċ.”

“Ná bíoḋ eagal ort, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Ní'l aon ḟaillíġ againn 'á ḋéanaṁ. Táimíd ag gleusaḋ slóġ ins gaċ aon ċúinne de'n tír agus ag cur na n-arm is fearr 'n-a láṁaiḃ. Tá an t-ollṁúċán againne 'á ḋéanaṁ ċóṁ dian ċóṁ díċealaċ agus atá acu-san, nó b'ḟéidir níos déine, aċ táimíd 'ġá ḋéanaṁ a gan ḟios ċóṁ maiṫ agus ḟéadaimíd é. Táid na mílte fear againn ċeana féin ins na dúnaiḃ agus ins na daingeanaiḃ anso agus ansúd ar fuid na tíre. Níor ḋóiċ le h-aoinne ná béaḋ sáiḋte i n-ár n-obair go ḃfuil oiread nirt againn agus atá.”

“Ba ḋóiċ liom-sa, a ríġ,” arsa Niaṁ, “go ḃfuil dearṁad sa níḋ sin oraiḃ. B'ḟéidir dá ḃfeictí ḃúr neart go n-eireófaí as an ollṁúċán ṫall, mar go dtuigfí nár ḃ' aon ṁaiṫ ḃeiṫ a d'iaraiḋ buaḋ ḟáġail oraiḃ.”

“Ní eireófaí, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Is aṁlaiḋ a déanfaí tuille díċil ar an ollṁúċán ṫall. Tá Gormḟlaiṫ ró ċeapaiṫe ar an ndroċ obair atá curṫa roímpi aici. D'á laige a ṁeasfaiḋ sí sinne ḃeiṫ iseaḋ is dóiċíġde gan an iomad nirt a ḃeiṫ cruinniġṫe aici i n-ár gcóir. Tá ḟios aici go ḃfuilimíd ag gleusaḋ slóġ aċ ní'l 'ḟios aici cad ċuige go ḃfuilimíd á ngleusaḋ. Ní'l ḟios aici go ḃfuil fios na h-oibre féin againn mar atá. Is dóiċ léi gur ċun na h-Árdríġeaċta do ċoimeád ó Ṁ'lṡeaċlainn agus ó Ua Néill an gleusaḋ slóġ atá againn 'á ḋéanaṁ. Dá mbeiṫeá-sa i gCeann Cora i ḃfoċair m'aṫar do ṫuigfeaḋ Gormḟlaiṫ gur ag faire uirṫi féin a ḃeiṫeá ann. Ansan ní ḃéaḋ aon ḃaoġal go ndéanfaḋ sí aon droċ niḋ air. Tá an iomad eagla aici róṁat-sa. Ní ḟeadar an doṁan cad a ḋéanfad mura ḃféadair teaċt go Ceann Cora agus fanṁaint ann.” [ 136 ]“Ní ḟéadfainn imṫeaċt ó m'aṫair féin, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Ní h-aon ṁaiṫ ḋuit ḃeiṫ 'ġá iaraiḋ orm. Faiġ duine éigin eile.”

“Feuċ, a rígan,” arsa Murċaḋ, “cad é an bac atá ar t’ aṫair teaċt i n-aonḟeaċt leat! Ná déanfaḋ do ḋriṫáir aire ṫaḃairt do'n ríġeaċt so Uíḃ Máine? Tá sé ċóṁ ceangailte ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla beart a ḋéanaṁ i gcoinniḃ naṁad Éirean agus 'tá sé orm-sa, agus go deiṁin, agus ní gáḋ ḋom san do ráḋ le h-inġín Ṫaiḋg, tá Taḋg Mór ua Cealla ċóṁ h-ollaṁ ar ḃeart a ḋéanaṁ i gcoinniḃ naṁad Éirean agus 'tá aon ḟear, uasal ná íseal, d'á ḃfuil beó i n-Éirinn indiu.”

“An ḃfuil ḟios agat cad a ḋéanfair, a ríġ,” arsa Niaṁ.

“Laḃair le m'aṫair agus inis gaċ aon rud dó, tríd síos, fé mar atá innste agat dóṁ-sa. B'ḟéidir ansan go dtuigfeaḋ sé gur ceart dó dul go Ceann Cora agus fanṁaint ann, agus mise do ḃreiṫ leis agus do ċoimeád i n' ḟoċair ann.”

Do ḋein Murċaḋ an níḋ sin. D'inis sé do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla an sgéal go léir tríd síos, an t-ollṁúċán a ḃí ar siúḃal ṫall i gcríoċaiḃ Loċlan agus i gcríoċaiḃ na h-Ioruaiḋe agus ins na h-oileánaiḃ, agus an t-uisge-fé- ṫalaṁ a ḃí ag an Árdrígan 'á ḋéanaṁ ċun na h-Éirean a taḃairt fé smaċt na Loċlanaċ agus Árdríġ a ḋéanaṁ d'á mac féin, de Ṡitric. Ṫaisbeáin sé ḋó gaċ deiṁne d'á raiḃ aige ar an méid sin sgéil. D'inis sé ḋó an dá ḟoláraṁ a ṫug an Legáid dó féin, tré ḃéal Ċolla. Nuair airiġ Taḋg an sgéal is beag ná gur b'aṁlaiḋ a ḃí sé ar buile toisg nár h-innseaḋ fadó ḋó é. Ṡocaruiġ sé láiṫreaċ ar ṫeaċt go Ceann Cora agus Niaṁ a ṫaḃairt leis. Do tugaḋ tiġ breaġ glan uasal solusṁar dóiḃ, ċun cóṁnuiġṫe ann, i n-aice tíġe ṁóir Ḃriain. Do fuaraḋ, mar ġnó súl le déanaṁ do Ṫaḋg Mór ḃeiṫ ag caḃruġaḋ leis an Árdríġ i [ 137 ]ngnóṫaiḃ stáit. Níor ḃ’ aon iongnaḋ, ansan, Niaṁ do ṫeaċt ann. Do ṫuig gaċ aoinne ná fanfaḋ sí sa ḃaile i ndiaiġ a h-aṫar.