againn beó ó'n gcaṫ. Tá an t-uisge-fé-ṫalaṁ céadna ar siúḃal anois airís aici. Is dóiċ léi ná fuil ḟios agam-sa é. Tá níos mó go mór d'ḟios a gnóṫa agam 'ná mar is dóiċ léi. Tá ríġ Loċlan ag gleusaḋ armála agus ag déanaṁ loingeas agus 'á gcur ar uisge. Tá muintir na h-Ioruaiḋe iġá ngleusaḋ féin ċun cogaiḋ, aċ ní h-innstear cad é an cogaḋ é ná cad ċuige an gleusaḋ. Tá ollṁúċán ar siúḃal ar oileán Ṁanain agus i n-oileánaiḃ Alban agus ṫuaiḋ i n-Ínsiḃ Orc. Ní deir aoinne focal i dtaoḃ cad é an bun atá leis an obair go léir agus leis an ollṁúċán go léir. Tá ḟios agam-sa go maiṫ cad é an bun atá leis an ollṁúċán. Tá Gormḟlaiṫ agus a mac, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag déanaṁ a ndíċil ar gaċ aon tsaġas cuma ċun ḃeiṫ ollaṁ ar ċaiṫ uaṫḃásaċ eile do ḃualaḋ ar son Árdríġeaċta na h-Éirean ċóṁ luaṫ agus ġeóḃaid siad an ċaoi ċeart air. Dá ḃfaġaḋ m'aṫair bás díreaċ nuair a ḃéaḋ an t-ollṁúċán críoċnuiġṫe acu, do ṫiocfaḋ san agus a dtoil isteaċ le n-a ċéile go h-áluinn.”
“Tuigim ṫú, a ríġ,” arsa Niaṁ. “Agus dá mba ná béaḋ aon ḟonn ar t' aṫair bás d'ḟáġail an uair ba ṁaiṫ leó é ḋ'ḟáġail báis, isé do ṁeas go dtaḃarfaḋ Gormḟlaiṫ congnaṁ dó ċun báis a ḋ'ḟáġail.”
“Táim deiṁniġṫeaċ dé, a rígan,” arsa Murċaḋ. “Dá mbéaḋ a gcuid ollṁúċáin curṫa ċun cinn acu agus iad ollaṁ, agus ansan go ḃfaġaḋ m'aṫair bás oban, ḃéaḋ gnó na h-Éirean 'n-a ṗraisiġ, dar leó. Ḃéaḋ sé 'n-a ċogaḋ ḋearg idir mise agus M'lṡeaċlainn feuċaint cé ḃéaḋ i n' Árdríġ. B'ḟéidir go mbéaḋ sé 'n-a ċaṫ trír, go ndéanfaḋ Ua Néill ṫuaiḋ iaraċt ar an Árdríġeaċt do ṡealḃuġaḋ ḋó féin. Ansan dá bpreabaḋ neart maiṫ láidir Loċlanaċ isteaċ ċúġainn níor ró ḋeacair dóiḃ Éire ċur fé n-a smaċt agus Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric.”
“Ambasa, a ríġ,” arsa Niaṁ, “is breaġ glan géar an