Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/137

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
133
NIAṀ

aḃfad, mar d'á ḟaid a ṁairfiḋ sé gur b'eaḋ is sia a ḃéad- sa gan teaċt sa n-Árdríġeaċt. Caiṫfear an t-aireaċas a ḋéanaṁ ar m'aṫair a gan ḟios dó, a Niaṁ.”

“Ní ḟeadar, a ríġ,” arsa Niaṁ, “an ḃfuil aon ḃaoġal go mbéaḋ dearṁad ort-sa féin sa sgéal.”

“Cad é an dearṁad a ḋ'ḟéadfaḋ a ḃeiṫ orm, a rígan?” ar seisean.

“Ba ḋóiċ liom,” ar sise, “go ḃfuil gaċ aon deaḃraṁ ar an gcaint sin a dúḃraís i dtaoḃ an ruda atá curṫa 'n-a luiġe aici, mar a deirir, ar aigne t' aṫar. D'á ḟaid a ṁairfiḋ t'aṫair iseaḋ is sia a ḃeiḋ Gormḟlaiṫ 'n-a h-Árdrígain agus iseaḋ is sia a ḃéir-se gan teaċt sa n-Árdríġeaċt. Má ċuirean sí féin ċun báis é cuirfiḋ sí í féin as an Árdríganaċt láiṫreaċ, agus déanfaiḋ sí Árdríġ ḋíot-sa. Tá ḟios aici go maiṫ náċ baoġal go nglacfaid fir Éirean aoinne eile i n' Árdríġ. B'ḟearr léi í féin do ḃáṫ 'ná ṫusa ḋ'ḟeisgint sa n-Árdríġeaċt. Sin dá ḋíoḃáil ṁóra aici á ḋéanaṁ di féin leis an ngníoṁ. Cá ḃfuil an tairḃṫe, a ríġ?”

“Tá sé ċóṁ maiṫ agam an sgéal go léir a ḋ'innsint duit, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ, “aċ is fé riún atáim 'á innsint duit. Tá níos mó go mór d'ḟios a gnóṫa agam-sa 'ná mar is dóiċ léi. Tá, mar is eól duit, a mac 'n-a ríġ ar Loċlanaiġ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Tá uisge-fé-ṫalaṁ aici 'á ḋéanaṁ le fada riaṁ a d'iaraiḋ go ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ buaḋ agus go mbéaḋ a mac féin i n-Árdríġ ar Éirinn. Éire ag Loċlanaiġ agus Sitric i n' Árdríġ. Siné atá uaiṫi. Ní ḟeadair aoinne beó cad é an t-uisge-fé-ṫalaṁ a ḋein sí ċuige sin i gcaiṫeaṁ na h-aimsire roiṁ ċaṫ Gleanna Ṁáma. B' ṡiné fé ndeár na Loċlanaiġ a ḃeiṫ ċóṁ líonṁar sa ċaṫ san agus an caṫ a ḃeiṫ ċóṁ dian, ċóṁ fuilteaċ. Ḃí sí deiṁniġṫeaċ go mbéaḋ buaḋ an ċaṫa san ag Loċlanaċaiḃ agus ná tiocfaḋ Brian ná aoinne eile