Niamh/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Púicíní
[ 137 ]

CAIBIDIOL V.

PÚICÍNÍ.

Cá ḃfuair Murċaḋ an t-eólus a ḃí aige ar an ollṁúċán a ḃí ar siúḃal i gcríoċaiḃ Loċlan, agus ar an mbun a ḃí leis an ollṁúċán? Fuair sé an t-eólus ar an gcuma so. Ḃí a ġiollaí turais féin aige agus ḃí Caoilte aige mar ċeann orṫa. Dar leis an bpoibiliḋeaċt isé gnó Ḃriain a ḃí orṫa a ḋéanaṁ, gnó na ríġeaċta. Aċ do ṫug Murċaḋ gnó eile, leis, le déanaṁ do ċuid acu go raiḃ iontaoiḃ aige asta. Ḃí ḟios aige go maiṫ ná féadfaḋ Gormḟlaiṫ a suaiṁneas a ċeapaḋ. Go gcaillfeaḋ sí an t-anam nó go mbéaḋ droċ obair éigin 'dir láṁaiḃ aici. Ḃí ḟios aige nár ḃ’ aon ṁaiṫ ḃeiṫ a d'iaraiḋ cosg a ċur léi. Dá gcurtí cosg léi i n-aon droċ obair aṁáin ná déanfaḋ sí aċ aġaiḋ a ṫaḃairt ar ḋroċ obair eile agus é ċeilt níb' ḟearr. Gur ḃ' ḟearr sgaoileaḋ léi agus eólus cruinn a ḋ'ḟáġail, a gan ḟios di, ar gaċ aon tsaġas droċ oibre a ḃéaḋ ar siúḃal aici. Ṫug Murċaḋ an gnó san le déanaṁ do Ċaoilte, d' “Ḟear na gCos,” a ndúḃairt Conn. Níor ṁiste an gnó ṫaḃairt le déanaṁ do Ċaoilte. Ḃíoḋ sé ins gaċ aon ċúinne d'oileán na h-Éirean, agus ní sa rioċt gcéadna a ċítí é aon dá lá as a ċéile. 'N-a ċeannaiḋe Loċlanaċ a ḃíoḋ sé uaireanta, istiġ i gcaṫair Ḃaile Áṫa Cliaṫ, ag díol éadaí olna a déintí i n-Éirinn an uair sin níb' ḟearr ná mar a déintí iad a n-aon áit lasmuiċ d'Éirinn. 'N-a [ 138 ]ġráséir a ḃíoḋ sé uaireanta eile agus stoc beag ba seasga aige 'á ḋíol le búistéiríḃ Loċlanaċa i gcaṫair Ċorcaiġe. Nuair oireaḋ dó eólus cruinn ḟáġail agus gan ḃeiṫ ag braṫ ar ráflaí, raḋarc a ṡúl féin a ḋ'ḟáġail ar neiṫiḃ, ṫéiḋeaḋ sé ar bórd loinge, 'n-a Loċlanaċ mar 'ḋ eaḋ, agus ṫéiḋeaḋ sé soir go Caṫair na Beirbe agus ċíoḋ sé gaċ níḋ a ḃíoḋ ar siúḃal ann. Ċonaic sé le n-a ṡúiliḃ féin na slóiġte d'á ngleusaḋ, agus d'airiġ sé le n-a ċluasaiḃ na daoine 'ġá innsint d'á ċéile gur siar go h-Éirinn a ḃí na slóiġte sin go léir le dul ċun caṫana cruaḋa do ṫroid do'n Árdrígan uasal, do Ġormlóda. Gormlóda a ṫugaidís ar Ġormḟlaiṫ. Ḃí eólus ar ċaint na tíre sin ag Caoilte ċóṁ maiṫ agus dá mb' ann a tógfaí é. Nuair a ṫéiḋeaḋ sé ameasg na ndaoine ann ní ḃíoḋ ḟios ag aoinne ná gur ḋuine de ṁuintir na tíre é.

Fuair sé amaċ, ar a measg, ar dtúis gur ḃ'í Gormḟlaiṫ a ḃí ag cur na h-oibre go léir ar siúḃal, aċ is fé riún a h-innstí ḋó é. Fuair sé amaċ, leis, ar an gcuma gcéadna, go raiḃ Sitric, mac Ġormḟlaiṫ, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ ar gaċ aon tsaġas cuma. Ḃíoḋ sé coitċianta anonn 's anall idir an dá ċaṫair ag taḃairt gaċ aon tsaġais eóluis do ríġ Loċlan ar ġnóṫaiḃ na h-Éirean, ar an gcuma 'n-a raiḃ Brian ag tuitim agus nár ḃ' ḟéidir dó maireaċtaint puínn eile aimsire. Nuair a ġeóḃaḋ sé bás go dtuitfeaḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Ná béaḋ aon ḃreiṫ ag Murċaḋ ar ḟearaiḃ Éirean a ċoimeád dlúiṫte 'n-a ċéile mar a ḃíodar dlúiṫte ag Brian. Go mbéaḋ ríġṫe na tíre, ṫuaiḋ agus ṫeas, ag marḃuġaḋ a ċéile mar ġeall ar an Árdríġeaċt. Ná béaḋ aon ḃac ar ṡluaġ Loċlanaċ preabaḋ ċúċa isteaċ an uair sin agus gaḃáil de ċosaiḃ ionta i ndiaiġ a ċéile. Go mbéaḋ a leaṫ ar ṫaoḃ na Loċlanaċ féin, i gcoinniḃ an leaṫ eile, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ na Loċlanaiġ. Gur ḃ'é buac ríġ Loċlan [ 139 ]an neart slóġ ba ṁó ḟéadfaḋ sé ċruinniuġaḋ a ḃeiṫ cruinniġṫe gleusta curṫa le ċéile aige i gcóir ḃáis Ḃriain, nó i gcóir pé rud a ṫiocfaḋ. Do ṫuig ríġ Loċlan an níḋ sin go h-áluinn, agus ḃí sé ag déanaṁ a ḋíċil agus 'á ḋéanaṁ go maiṫ, agus má ḃí ní raiḃ oiread agus cor aige 'á ċur dé, ná ag Sitric 'á ċur dé, ná raiḃ cúntas cruinn ag Caoilte 'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ air.

Ṫéiḋeaḋ Caoilte go h-oileán Ṁanain, leis, agus ċíoḋ sé cad a ḃíoḋ ar siúḃal ann, agus ċuireaḋ sé cúntas cruinn air ag triall ar Ṁurċaḋ.

Ṫug sé cúpla cuaird óṫuaiḋ go h-Ínsiḃ Orc agus ċonaic sé cad a ḃí ar siúḃal ann. Fuair se go raiḃ ainim Ġormḟlaiṫ i mbéalaiḃ na ndaoine ann, agus go raiḃ talaṁ saiḋḃir geallta i n-Éirinn, saor ó ċíos, d'aon ḟear a ṫiocfaḋ ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ agus le ríġ Loċlanaċ Ḃaile Áṫa Cliaṫ sa ċogaḋ a ḃí le teaċt.

'N-a ċuardaiḃ go léir, nuair airiġeaḋ Caoilte an cóṁráḋ ar siúḃal i dtaoḃ an ċogaiḋ a ḃí le teaċt agus i dtaoḃ na dtalṁaintí saiḋḃire saora a ḃí le fáġail de ḃár an ċogaiḋ, ṫugaḋ sé fé ndeara, nuair a deireaḋ an fear, “Ní raġad-sa go h-Éirinn. Is buan fear 'n-a ḋúṫaiġ féin. Ṁarḃóċ' Murċaḋ mé,” go ndeireaḋ an ḃean, “Is fear meaṫta ṫú! Mura dtéiḋir-se ann raġad-sa ann! Nó má ṫéiḋean tú ann raiġmíḋ go léir ann i n-aonḟeaċt leat. Tá fir againne a ḃeiḋ maiṫ a ḋóṫin do Ṁurċaḋ, ní h-eaḋ aċ ró ṁaiṫ ḋó. Is fearr dul go h-Éirinn, pé críċ a ḃéarfaiḋ sinn, agus beaṫa bog sóġail a ḃeiṫ ag duine ar ṫalaṁ ḃreaġ ṡaiḋḃir, 'ná ḃeiṫ a d' iaraiḋ beaṫa doċt daor a ḃaint as na riasgaiḃ fiaine fuara so!”

Ḃí aiṫne ṁaiṫ ar Ṁurċaḋ an uair sin, ní h-aṁáin ameasg na Loċlanaċ a ḃí 'n-a gcóṁnuiġe i n-Éirinn, aċ ar fuid tíre Loċlan go léir, agus ar fuid na h-Ioruaiḋe, agus i n-Ínsiḃ Orc, agus ċóṁ fada óṫuaiḋ le h-Inis Tuile. Nuair [ 140 ]ba ṁaiṫ le mnaoi eagla ċur ar leanḃ ní deireaḋ sí aċ, “Eist do ḃéal nó glaoḋfad ar Ṁurċaḋ ċúġat!” nó “Ċúġat Murċaḋ!”

Ní raiḃ Caoilte i n-aonar sa n-obair a ḃí aige 'á déanaṁ. Ḃí a ṫeaċtairí aige le cur uaiḋ go h-Éirinn nuair a ḃíoḋ eólus éigin na fuilingeóċ' ríġneas aige le cur ag triall ar Ṁurċaḋ. Ċuireaḋ sé uaiḋ a ṫeaċtaire agus d'ḟanaḋ sé féin ṫall ag faire ċuige, ag lorg tuile eóluis.

Do ṫárla, lá d'á raiḃ sé ṫall i gCaṫair na Beirbe, gur ġluais ráfla ó ḃéal go béal ameasg na ndaoine.

“Ó,” a déarfaḋ duine le duine, “ar airiġis an sgéal nua?”

“Níor airiġeas airiú! Cad é an sgéal nua é?” a déarfaí 'á ḟreagraḋ.

“Árdríġ Éirean atá marḃ!”

“Eist do ḃéal!”

“Ó, go deiṁin ní'l aon ḟocal bréige ann. Loċlanaċ óg uasal ó Áṫa Cliaṫ a ṫug an sgéal nua anall anso ag triall ar an ríġ, agus d'á ċóṁarṫa san féin isé Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ do ċuir anall é. Tá Brian marḃ agus beiḋ Sitric i n' Árdríġ anois.”

Ansan déarfaḋ duine eile a ṫiocfaḋ suas:—

“Tá an éagcóir agat. Níor ṫugais an sgéal sa ċeart leat. Ní h-é an t-Árdríġ atá marḃ. Ní'l aoinne marḃ. Is aṁlaiḋ a ċuir Sitric anall anso ó Áṫa Cliaṫ an priúnsa óg, Aṁlaoiḃ, 'ġá innsint do'n ríġ go ḃfuil Gormḟlaiṫ go maiṫ agus go ḃfuil gaċ aon níḋ ag dul ċun cinn aici ar a toil. Go ḃfuair sí an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi agus go ḃfuil sí sásta.”

“Cad é an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi?” a déarfaḋ duine eile. “Náċ í Árdrígan na h-Éirean í? Tá an saiḋḃreas san aici le fada anois. Nár ḃuailtear a ṫuille uimpi! Cad a ċuir i mbéal an amadáin seo Brian a ḃeiṫ marḃ?” [ 141 ]Ní ḟeadar-sa san,” a déarfaḋ an fear eile, “mura mar seo a ḋ'eiriġ an focal. Dúḃairt Gormḟlaiṫ le h-Aṁlaoiḃ a ḋ'innsint do'n ríġ go raiḃ Brian ag tuitim leis an aois go tiuġ, agus ná féadfaḋ sé, agus a ḋíċeal a ḋéanaṁ, seasaṁ puínn níos sia. Is dóċa, nuair a leaṫ an ċaint sin ameasg na ndaoine gur ċuireadar leis an gcaint agus gur ḋeineadar a ḃás as an gcaint. Nuair a ḃíon ráfla ag gaḃáil tímpal bíon gaċ aoinne ag cur leis.”

Ċuir an ċaint sin Caoilte ag maċtnaṁ. Cé r' ḃ' é an t-Aṁlaoiḃ seo? Nó ar ḃ'ḟéidir i n-aon ċor gur ḃ'é cara Ṫaiḋg Óig uí Ċealla é?

“Ní foláir dom, má ḟéadaim é, raḋarc ḟáġail air,” ar seisean i n'aigne féin.

Ċrom sé ar ḋruidim, ar feaḋ raint laeṫanta, i dtreó an ríġṫeiġlaiġ le pé mangaireaċt a ḃí ar siúḃal aige. Ḃíoḋ sé ag faire ar na h-uaisliḃ agus iad ag dul isteaċ 's amaċ. Ṫeip air aon raḋarc ḟáġail ar aoinne de ṡaġas Aṁlaoiḃ. Má ṫeip ḃí rud eile nár ṫeip air. Níor ṫeip air ceaṫrar luċt airm do ṫeaċt n-a ṫímpal do ṗreib agus prísúnaċ a ḋéanaṁ dé agus é ċur isteaċ i gcarcair ḋaingean, sar a' raiḃ ḟios aige, ba ḋóiċ leat, cad a ḃí ag imṫeaċt air. Níor laḃraḋ oiread agus focal leis. Níor deineaḋ aċ breiṫ air agus a ḋá láiṁ a ċeangal lastiar dé agus púicín a ṫarang anuas ar a ṡúiliḃ agus é ṫógaint ċun siúḃal. Nuair a ḃí sé istiġ sa ṗrísún do cuireaḋ slaḃra fan ċuim air, agus ḃí an ceann eile de'n tslaḃra san daingean sa ḃfalla. Do baineaḋ dé an púicín agus do fágaḋ ansan é i n' aonar. Tar éis raint aimsire do tugaḋ bia ċuige agus do baineaḋ an ceangal d'á láṁaiḃ an ḟaid a ḃí sé ag iṫe an ḃíḋ. Amáireaċ a ḃí ċúgainn, tár éis ċeiṫre h-uaire fiċid a ḃeiṫ caiṫte aige i n’ aonar, do tugaḋ an bia ċuige airís. Do tugaḋ an bia ċuige mar sin gaċ aon lá. Gaċ aon uair a ṫagaḋ an bia do laḃraḋ Caoilte [ 142 ]leis an dteaċtaire, agus d'ḟiafraiġeaḋ sé ḋé cad é an ċúis gur cuireaḋ isteaċ sa ṗrísún san é agus gan aon rud déanta as an slíġ aige. Ní ṫugaḋ an teaċtaire aon ḟreagra air aċ fé mar a ḃéaḋ sé boḋar balḃ. D' imṫiġ lá agus oíḋċe, agus d'imṫiġ lá eile agus oíḋċe eile, agus d'ḟan Caoilte sa ṗrísún. D'imṫiġ seaċtṁain, agus ambasa ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ḃfágfaí sa ṗrísún san é, níor ḃ'ḟios cad é an ḟaid. Ḃí sé ag maċtnaṁ agus ag maċtnaṁ, agus ní ḟéadfaḋ sé aon tuairim a ṫaḃairt do cad fé ndeara prísúnaċ a ḋéanaṁ dé. Ḃí ḟios aige go maiṫ go raiḃ sé ag cur eóluis ag triall ar Ṁurċaḋ go h-Éirinn ar neart slóġ tíre Loċlan agus ar acfuinn na tíre agus ar gaċ aon tsaġas gnóṫa stáit d'á raiḃ ar siúḃal sa n-áit. Aċ ḃí ḟios aige go maiṫ, leis, ná raiḃ cogaḋ an uair sin idir an dá ṫír, idir Éire agus críċ Loċlan, agus d'á ḃríġ sin, pé eólus a ċuirfeaḋ sé uaiḋ aḃaile go h-Éirinn nár ḃ'ḟéidir spiaireaċt do ċur 'n-a leiṫ. Má laḃair sé caint na Loċlanaċ ċóṁ maiṫ agus do laḃradar féin í ní ḋéanfaḋ san spiaire ḋé nuair ná raiḃ aon ċogaḋ ar siúḃal idir an dá ṫír.

Nuair a ḃí breis agus seaċtṁain caiṫte sa ṗrísún aige do laḃair sé, lá, leis an dteaċtaire mar seo:—

“A ḋuine ṁacánta,” ar seisean, “ní'l aon lá a ṫáinís anso le m' ċuid bíḋ ċúġam nár ḟiafraiġeas díot cad é an ċúis gur deineaḋ prísúnaċ díom. Níor ṫugais aon ḟreagra orm. Is maiṫ liom anois an méid seo do ráḋ leat, agus tá súil agam go raġaiḋ an focal ag triall ar ríġ Loċlan. Pé duine is bun le mise ċur isteaċ sa ṗrísún so, gan aon droċ ġníoṁ do ċur am' leiṫ, tá an dlíġ briste aige agus díolfaiḋ sé as. Má tugtar aon anċor dom díolfar as ċóṁ daor agus a díolaḋ riaṁ a h-éagcóir. Mura maiṫ leat laḃairt liom-sa laḃair le duine éigin eile agus inis an méid sin dó. Laḃair leis an [ 143 ]t-é a ḋein an gníoṁ so. Ní duine gan úġdarás a ḋein an gníoṁ so.”

D'imṫiġ an teaċtaire. Ní raiḃ sé aḃfad imṫiġṫe nuair a ṫáinig an ceaṫrar céadna úd airís. Do rugadar ar Ċaoilte. Ḃaineadar an slaḃra d'á ċom. Ṡáṫadar an púicín anuas ar an ċeann agus ar a ṡúiliḃ. Do rugadar leó amaċ é agus síos ċun an ċuain, agus ċuireadar ar bórd loinge é. Ḃí an long ag dul go h-Éireann. Do cuireaḋ suas na seólta agus do ġluais an long. Nuair a ḃí an long tamal amaċ ar uisge do baineaḋ an púicín de Ċaoilte agus do baineaḋ an ceangal d'á láṁaiḃ. Ansan do ṡín an captaéin leitir ċuige. Sidé a ḃí sa leitir:—

“A ‘Ḋuinn,’ nó a ‘Ċaoilte,’ nó a ‘Ċosa Buíḋe Árda,’ nó pé ainim n-ar maiṫ leat freagairt dó, tá t' anam 'á leigint leat an turus so. Mar a deirir, ní'l cogaḋ idir ríġ Loċlan agus Árdríġ Éirean. Aċ má feictar sa tír seo airís tú ní feicfear beó ṫú 'n-a ḋiaiġ san.”

Do léiġ sé an leitir agus ċuir sé ċuige í. Ḃí an captaéin agus é féin, agus an ḟuirean, síḃialta go leór le n-a ċéile go dtí gur sroiseaḋ cuan Ċorcaiġe. Do cuireaḋ i dtír ag calaiṫ an ċuain sin é agus do fágaḋ ansan é. Ḃí a ḋóṫin daoine muintearṫa i gCorcaiġ aige. Níor ḃ'ḟada an ríġneas a ḋein sé eatarṫa. D'imṫiġ sé óṫuaiḋ go Ceann Cora. Níor ḃ'ḟada go ḃfeacaiḋ sé an ríġḋaṁna, Murċaḋ. Ṫaisbeáin sé an leitir dó, agus d'inis sé an sgéal go léir dó, tríd síos.