Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/142

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
138
NIAṀ

ġráséir a ḃíoḋ sé uaireanta eile agus stoc beag ba seasga aige 'á ḋíol le búistéiríḃ Loċlanaċa i gcaṫair Ċorcaiġe. Nuair oireaḋ dó eólus cruinn ḟáġail agus gan ḃeiṫ ag braṫ ar ráflaí, raḋarc a ṡúl féin a ḋ'ḟáġail ar neiṫiḃ, ṫéiḋeaḋ sé ar bórd loinge, 'n-a Loċlanaċ mar 'ḋ eaḋ, agus ṫéiḋeaḋ sé soir go Caṫair na Beirbe agus ċíoḋ sé gaċ níḋ a ḃíoḋ ar siúḃal ann. Ċonaic sé le n-a ṡúiliḃ féin na slóiġte d'á ngleusaḋ, agus d'airiġ sé le n-a ċluasaiḃ na daoine 'ġá innsint d'á ċéile gur siar go h-Éirinn a ḃí na slóiġte sin go léir le dul ċun caṫana cruaḋa do ṫroid do'n Árdrígan uasal, do Ġormlóda. Gormlóda a ṫugaidís ar Ġormḟlaiṫ. Ḃí eólus ar ċaint na tíre sin ag Caoilte ċóṁ maiṫ agus dá mb' ann a tógfaí é. Nuair a ṫéiḋeaḋ sé ameasg na ndaoine ann ní ḃíoḋ ḟios ag aoinne ná gur ḋuine de ṁuintir na tíre é.

Fuair sé amaċ, ar a measg, ar dtúis gur ḃ'í Gormḟlaiṫ a ḃí ag cur na h-oibre go léir ar siúḃal, aċ is fé riún a h-innstí ḋó é. Fuair sé amaċ, leis, ar an gcuma gcéadna, go raiḃ Sitric, mac Ġormḟlaiṫ, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ ar gaċ aon tsaġas cuma. Ḃíoḋ sé coitċianta anonn 's anall idir an dá ċaṫair ag taḃairt gaċ aon tsaġais eóluis do ríġ Loċlan ar ġnóṫaiḃ na h-Éirean, ar an gcuma 'n-a raiḃ Brian ag tuitim agus nár ḃ' ḟéidir dó maireaċtaint puínn eile aimsire. Nuair a ġeóḃaḋ sé bás go dtuitfeaḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Ná béaḋ aon ḃreiṫ ag Murċaḋ ar ḟearaiḃ Éirean a ċoimeád dlúiṫte 'n-a ċéile mar a ḃíodar dlúiṫte ag Brian. Go mbéaḋ ríġṫe na tíre, ṫuaiḋ agus ṫeas, ag marḃuġaḋ a ċéile mar ġeall ar an Árdríġeaċt. Ná béaḋ aon ḃac ar ṡluaġ Loċlanaċ preabaḋ ċúċa isteaċ an uair sin agus gaḃáil de ċosaiḃ ionta i ndiaiġ a ċéile. Go mbéaḋ a leaṫ ar ṫaoḃ na Loċlanaċ féin, i gcoinniḃ an leaṫ eile, ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ na Loċlanaiġ. Gur ḃ'é buac ríġ Loċlan