Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/145

From Wikisource
This page has not been proofread.
141
NIAṀ

Ní ḟeadar-sa san,” a déarfaḋ an fear eile, “mura mar seo a ḋ'eiriġ an focal. Dúḃairt Gormḟlaiṫ le h-Aṁlaoiḃ a ḋ'innsint do'n ríġ go raiḃ Brian ag tuitim leis an aois go tiuġ, agus ná féadfaḋ sé, agus a ḋíċeal a ḋéanaṁ, seasaṁ puínn níos sia. Is dóċa, nuair a leaṫ an ċaint sin ameasg na ndaoine gur ċuireadar leis an gcaint agus gur ḋeineadar a ḃás as an gcaint. Nuair a ḃíon ráfla ag gaḃáil tímpal bíon gaċ aoinne ag cur leis.”

Ċuir an ċaint sin Caoilte ag maċtnaṁ. Cé r' ḃ' é an t-Aṁlaoiḃ seo? Nó ar ḃ'ḟéidir i n-aon ċor gur ḃ'é cara Ṫaiḋg Óig uí Ċealla é?

“Ní foláir dom, má ḟéadaim é, raḋarc ḟáġail air,” ar seisean i n'aigne féin.

Ċrom sé ar ḋruidim, ar feaḋ raint laeṫanta, i dtreó an ríġṫeiġlaiġ le pé mangaireaċt a ḃí ar siúḃal aige. Ḃíoḋ sé ag faire ar na h-uaisliḃ agus iad ag dul isteaċ 's amaċ. Ṫeip air aon raḋarc ḟáġail ar aoinne de ṡaġas Aṁlaoiḃ. Má ṫeip ḃí rud eile nár ṫeip air. Níor ṫeip air ceaṫrar luċt airm do ṫeaċt n-a ṫímpal do ṗreib agus prísúnaċ a ḋéanaṁ dé agus é ċur isteaċ i gcarcair ḋaingean, sar a' raiḃ ḟios aige, ba ḋóiċ leat, cad a ḃí ag imṫeaċt air. Níor laḃraḋ oiread agus focal leis. Níor deineaḋ aċ breiṫ air agus a ḋá láiṁ a ċeangal lastiar dé agus púicín a ṫarang anuas ar a ṡúiliḃ agus é ṫógaint ċun siúḃal. Nuair a ḃí sé istiġ sa ṗrísún do cuireaḋ slaḃra fan ċuim air, agus ḃí an ceann eile de'n tslaḃra san daingean sa ḃfalla. Do baineaḋ dé an púicín agus do fágaḋ ansan é i n' aonar. Tar éis raint aimsire do tugaḋ bia ċuige agus do baineaḋ an ceangal d'á láṁaiḃ an ḟaid a ḃí sé ag iṫe an ḃíḋ. Amáireaċ a ḃí ċúgainn, tár éis ċeiṫre h-uaire fiċid a ḃeiṫ caiṫte aige i n’ aonar, do tugaḋ an bia ċuige airís. Do tugaḋ an bia ċuige mar sin gaċ aon lá. Gaċ aon uair a ṫagaḋ an bia do laḃraḋ Caoilte