Jump to content

Niamh/27

From Wikisource
181486Niamh — Dá Amhlaoibh?Peadar Ua Laoghaire
[ 144 ]

CAIBIDIOL VI.

ḊÁ AṀLAOIḂ?

Nuair a h-innseaḋ an sgéal do Ṁurċaḋ ní miste a ráḋ ná gur cuireaḋ ag maċtnaṁ é. Cé r' ḃ'é an fear a sgríḃ an leitir sin a tugaḋ do Ċaoilte? Cé ba ḃun le breiṫ ar Ċaoilte agus é ċur isteaċ i bprísún? Sin cuid des na ceisteanaiḃ a ḃí ag Murċaḋ 'á ḟiafraiġe ḋé féin. D'inis Caoilte ḋó conus mar a ḋ' iar Taḋg Óg ua Cealla air ḃeiṫ ag faire, 'n-a ċuardaiḃ, feuċaint an ḃfaġaḋ sé aon tuairisg ar an Aṁlaoiḃ úd, an comrádaiḋe a ḃí ag Taḋg Óg i sgoil Ínse Caṫaiġ. Nuair airiġ sé na ráflaí, ṫall, i dtaoḃ an Aṁlaoiḃ a ṫáinig ó Ṡitric, ó ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, ag triall ar ríġ críċe Loċlan, gur ċuiṁniġ sé ar an Aṁlaoiḃ a ḃí ar iaraiḋ agus gur ḃeartuiġ sé i n' aigne raḋarc ḟáġail, dá mb’ ḟéidir é, ar ṫeaċtaire Ṡitric, le h-ionaċus go mb' ḟéidir gur ḃ'é an t-Aṁlaoiḃ céadna é. Gur a d’ iaraiḋ an raḋairc sin a ḋ'ḟáġail a ḃí sé nuair a cuireaḋ an púicín air.

“Agus anois cad is dóiċ leat do'n sgéal, a ríġ?” ar seisean le Murċaḋ.

“Tá raint neiṫe sa sgéal, a Ḋuinn,” arsa Murċaḋ, “atá soiléir go leór.” (Ḃí ḟios ag Murċaḋ cé r' ḃ' é Caoilte.) “An fear a ḋ'órduiġ an púicín do ċur ort-sa ḃí ḟios aige cad a ḃí uait, gur ṫeastuiġ uait raḋarc ḟáġail air féin. Ḃí ḟios aige go n-aiṫneofá é dá ḃfaġfá raḋarc air. Fuair seisean raḋarc ort-sa sar ar ḟéadais-se raḋarc ḟáġail air-sean. Do rugaḋ 'n-a láṫair tu nuair a ḃí an púicín ort. D' ḟeuċ sé go maiṫ ort ansan. Is fear é go ḃfuil cóṁaċt aige. Mura mbéaḋ go ḃfuil ní ḃéaḋ an luċt airm úṁal dó. Tá ḟios aige cé 'ra mac tu. Siné cúis nár leig [ 145 ]eagla ḋó aon anċor a ṫaḃairt duit. Tá an méid sin soiléir go leór. Cad 'n-a ṫaoḃ dó a ṫaḃairt le tuiscint duit, agus dúinn go léir, as an leitir seo, go ḃfuil aiṫne ṁaiṫ aige ort? Inis an méid seo ḋom, a Ḋuinn. An raiḃ aiṫne ag an Aṁlaoiḃ a ḃí i n-Inis Caṫaiġ ort?”

“Ní raiḃ, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Is dóiċ liom, a Ḋuinn, go dtuigim an sgéal, aċ b'ḟéidir dearṁad a ḃeiṫ orm,” arsa Murċaḋ. “Me’s aoinne aṁáin an dá Aṁlaoiḃ do ḃí aiṫne aige ort, aċ ċeap sé, agus dob' ḟíor ḋó é, go raḃais-se deiṁniġṫeaċ ná raiḃ. Ansan do sgríḃ sé an leitir sin ċun a ċur 'n-a luiġe ort nár ḃ'é féin an t-Aṁlaoiḃ go raḃais ar a lorg, mar go raiḃ aiṫne ṁaiṫ aige féin ort, agus go raiḃ 'ḟios agat féin ná raiḃ aon aiṫne ag an Aṁlaoiḃ eile ort. Is cuiṁin liom an t-Aṁlaoiḃ a ḃíoḋ ag teaċt anso ainíos ó Inis Caṫaiġ i n-aonḟeaċt le Taḋg Óg ua Cealla. Ṁeasas gur ḃ' ógánaċ deaġ-ċroíḋeaċ macánta osgailte é, agus is dóiċ liom gur ḃ'é sin meas gaċ aoinne air. Is iongantaċ an sgéal é má ḃí doiṁneas fill ann lastiġ de'n ṁacántaċt agus de'n osgailteaċt go léir. B'ḟéidir nár ḃ'ḟearra ḋúinn rud a ḋéanfaimís 'ná laḃairt le Niaṁ agus an níḋ go léir do ċur 'n-a ċóṁairle. Anso ṫall, feuċ, atá sí féin agus a h-aṫair 'n-a gcóṁnuiġe,” agus ṫaisbeáin sé an tig do Ċaoilte.

“An ḃfuil Niaṁ n-a cóṁnuiġe anso, a ríġ?” arsa Caoilte, agus do las sé go bun na gcluas. Ṫug Murċaḋ fé ndeara an lasaḋ, aċ d'iompuiġ sé ċóṁ h-oban san, ag feuċaint ar rud éigin eile, gur ṁeas Caoilte nár ṫug.

“Tá sí 'n-a cóṁnuiġe anso le tamal maiṫ aois. Tá sé ċóṁ maiṫ agam a ḋ'innsint duit cad 'n-a ṫaoḃ.”

Ansan d'inis sé do Ċaoilte an dá ḟoláraṁ a ṫug an Legáid uaiḋ, agus an sgannra a ḃí air féin le h-eagla go ndéanfaí aon iaraċt ar niṁ a ṫaḃairt do'n Árdríġ; conus [ 146 ]nár ḟéad sé a aigne ċur ċun suaiṁnis go dtí gur ċuir sé ḟiaċaiḃ ar Niaṁ teaċt go Ceann Cora.

“Tá,” ar seisean, “eagla agam' leas-ṁáṫair roime n-a súil. An ḟaid a ḃeiḋ sí anso ní déanfar aon iaraċt ar éagcóir a ḋéanaṁ ar an Árdríġ. Tuigean Niaṁ cad ċuige go ḃfuil sí anso, agus geallaim ḋuit naċ miste do Ġormḟlaiṫ eagla ḃeiṫ aici roime n-a súil. Ní ṫuigean aoinne eile sa teiġlaċ, áṁ, aċ Niaṁ agus a h-aṫair, cad ċuige go ḃfuil sí anso. Tuigean fear friṫálṁa an ríġ go ḃfuil sé anso ċun aire ṫaḃairt do ḃia an ríġ, díreaċ mar is gnáṫ aire ṫaḃairt do ḃia aon ríġ. Ní'l ḟios aige go ḃfuil aon ċontaḃairt fé leiṫ ar m'aṫair. Tá sé ċóṁ maiṫ againn dul agus do sgéal-sa a ḋ'innsint do Niaṁ feuċaint a' ndéarfaiḋ sí go ḃfuil ḋá Aṁlaoiḃ ann nó ná fuil.”

Ḃuaileadar araon anonn ċun an tíġe n-a raiḃ Niaṁ agus a h-aṫair 'n-a gcóṁnuiġe ann. Ċuir Niaṁ agus a h-aṫair fáilte rómpa mar ba ċóir.

D'inis Caoilte a sgéal di, ó ṫusaċ go deire, agus ṫaisbeáin sé an leitir di.

“Coimeádfad an leitir seo, le nḃúr dtoil,” ar sise, “agus taisbeánfad do Ṫaḋg í. Má 'sé Aṁlaoiḃ Ṫaiḋg a sgríḃ í aiṫneóċaiḋ Taḋg an sgríḃinn.”

“Ná béaḋ sé ċóṁ maiṫ agam-sa,” arsa Caoilte, “preabaḋ siar go h-Uíḃ Máine agus an leitir a ṫaisbeáint láiṫreaċ dó?”

“Ṫar a ḃfeacaís riaṁ,” arsa Murċaḋ.

D'imṫiġ Caoilte siar. Ṫaisbeáin sé an leitir do Ṫaḋg Óg ua Ċealla.

“Cé 's dóiċ leat a sgríḃ an leitir sin, a Ṫaiḋg,” ar seisean.

D' ḟeuċ Taḋg ar an leitir. Do léiġ sé í. Do léiġ sé airís í. D'ḟeuċ sé ar Ċaoilte. [ 147 ]“Cé is dóiċ leat a sgríḃ í?” arsa Caoilte leis.

“Airiú, cá ḃ'ḟios dóṁ-sa cé sgríḃ í!” arsa Taḋg.

“Ní'l aon ṗioc d'á ḟios agam cé sgríḃ í,” ar seisean, “ná cad é an bríġ atá léi.”

Do stad Caoilte. Ċonaic sé nár aiṫin Taḋg an sgríḃinn. Ḃí sé i gcás 'dir ḋá ċóṁairle cé 'cu ba ċeart dó an sgéal go léir a ḋ'innsint dó nó nár ċeart, gan cead ó Ṁurċaḋ nó ó Niaṁ. Fé ḋeire ṫuig sé, ó ṫaisbeáin sé an leitir, gur ċeart dó a ḋ'innsint cad 'n-a ṫaoḃ gur ṫaisbeáin sé í agus cad é an bríġ a ḃí léi. D'inis sé an sgéal go léir dó, na ráflaí a ḋ' airiġ sé ṫall i dtaoḃ ḃáis Ḃriain agus i dtaoḃ an Aṁlaoiḃ a ċuaiḋ anonn ó Áṫ Cliaṫ, ó Ṡitric, go ríġ Loċlan, agus i dtaoḃ an teaċtaireaċta a ḃí ag an Aṁlaoiḃ sin do'n ríġ ṫall, 'ġá ráḋ leis go raiḃ Gormḟlaiṫ go maiṫ, agus an saiḋḃreas a ḃí uaiṫi, go raiḃ sé fáġalta aici. Ansan d'inis sé ḋó conus mar a ċuaiḋ sé féin i gcóṁngar do ríġṫeiġlaċ ríġ Loċlan feuċaint a' ḃféadfaḋ sé raḋarc ḟáġail ar an Aṁlaoiḃ úd, agus conus mar a cuireaḋ an púicín air, agus mar a cuireaḋ sa ṗrísún é, agus mar a cuireaḋ anall go Corcaiġ é, agus conus mar a ṫug an captaéin an leitir dó.

D'éist Taḋg leis an innsint go breaġ socair go dtí go raiḃ an focal deirineaċ ráiḋte. Níor laḃair sé ansan féin. D'ḟan sé gan laḃairt ar fead tamail ṁaiṫ. Nuair a ḃí a ṁaċtnaṁ déanta aige do laḃair sé.

“Cad é an saiḋḃreas,” ar seisean, “a ḃí ó Ġormḟlaiṫ agus a fuair sí?”

“Siní díreaċ an ċeist náċ féidir le Niaṁ ná le Murċaḋ ná liom féin do réiḋteaċ,” arsa Caoilte. (Níor ṁaiṫ leis tráċt ar an gcailís gan cead ó Ṁurċaḋ.)

“Raġaiḋ mé leat soir go Ceann Cora,” arsa Taḋg.

Do ġluais an ḃeirt soir. D'innseadar nár aiṫin Taḋg an sgríḃinn. [ 148 ]“Ṡaṁluiġeas féin gur mar sin a ḃéaḋ,” arsa Niaṁ.

“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúḃairt an leitir a ṫaisbeáint dó.”

“Is mé,” ar sise. “Níor ḃ’ aon dióḃáil í ṫaisbeáint dó. Ní h-é an t-é do laḃair an ċaint do sgríḃ an leitir. Fuair sé duine eile ċun na sgríḃinne ḋéanaṁ.”

Ḃí Taḋg ana ġruama. Ní raiḃ focal ag teaċt as aċ é ag maċtnaṁ. Ḃí an triúr eile ag caiṫeaṁ tuairimí ċóṁ maiṫ agus d'ḟéadadar é, agus ḃí gaċ aon tuairim d'ár tugaḋ ag dúnaḋ isteaċ, i ndiaiġ ar ndiaiġ, 'ġá ċur 'n-a luiġe air gur ḃ 'aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ. An ḟaid a ḃí na tuairimí ar siúḃal ḃí a lán neiṫe beaga ag teaċt ċun cuiṁne Ṫaiḋg, neiṫe beaga nár ċuir sé blúire suime ionta nuair a ċonaic sé ar dtúis iad, aċ gur ċuir sé mórán suime anois ionta, agus ḃíodar 'ġá ṫaisbeáint dó go raiḃ gaċ aon deaḃraṁ gur ḃ 'aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ.

Ṫuig Murċaḋ gur ċeart guid na cailíse d'innsint do Ṫaḋg. Do h-innseaḋ dó é. Níor ḃeag san.

“Ó,” ar seisean, “náċ mé an t-amadán críoċnuiġṫe! Le feall iseaḋ ġlac sé an Creideaṁ. Le feall iseaḋ ġlac sé na mion-Úird, ċun go gcurfaí isteaċ sa n-érdam é. Ba ċeart mé ċroċaḋ mar ġeall ar leigint dó a leiṫéid d'amadán a ḋéanaṁ díom! Feall ab eaḋ an cion a ḃí aige orm! Ó! Ní ċuirfead náire an sgéil díom an dá lá 's 'n ḟaid a ṁairfead! Dá mairinn céad ní ċuirfinn díom é. A Niaṁ, caiṫfir-se agus m'aṫair dul siar aḃaile.”

“Airiú, a Ṫaiḋg, a laoġ,” arsa Niaṁ, “cad é an gnó atá agat siar dínn? Ná fuil ḟios agat cad ċuige gur tugad anseo sinn? Cad 'tá ċun tu féin a ċosg ar aire ṫaḃairt do'n áit ṫiar?”

“Ní'lim ag dul siar,” ar seisean. “Leanfad an feallaire úd! Bainfead an gealġáire ḋé. Ó! An [ 149 ]claiḋre! An biṫeaṁnaċ fill! Leanfad é agus tiocfad suas leis agus bainfead an ceann ó n-a ġuailliḃ dé.”

“Go réiḋ, a Ṫaiḋg,” arsa Murċaḋ. “Ní'l deiṁne ceart i n-aon ċor fós againn air gur b'é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí i n-Inis Caṫaiġ do sgríḃ an leitir sin nó do laḃair an ċaint atá inti. Dá mbéaḋ féin ní h-alaiḋ ḋúinn gan feuċaint róṁainn le h-eagla gur ḃ' aṁlaiḋ a ċuirfimís ar a ċumas tuille díoḃála ḋéanaṁ dúinn. Má 'sé a ḋein an méid díoḃála atá déanta ní h-aon dóiċín é. Ní foláir cuid d'á ġastaċt féin a ḋ'imirt 'n-a ċoinniḃ. Eiriġ-se siar aḃaile agus fanaḋ Niaṁ agus t'aṫair anso. Ní gan fáṫ a cuireaḋ amaċ, ṫall i gcríċ Loċlan, an ráfla úd i dtaoḃ ḃáis an Árdríġ. Do cuireaḋ amaċ an ráfla i dtreó go mbéaḋ daoine ag dul i dtaiṫiġe an sgéil agus nuair a ṫiocfaḋ an tásg ná déanfaí iomad iongnaḋ ḋé. Do cuireaḋ amaċ an ráfla le cúis eile, leis. Do cuireaḋ amaċ é mar ċóṁarṫa, 'ġá ráḋ le ríġ Loċlan ‘Lean de'n ollṁúċán ċóṁ dian agus ḟéadfair é. Ní ḟeadaraís cad é an neómat a ġeóḃaḋ Brian bás. Ḃí ollaṁ.’ 'Sé sin le ráḋ, ‘Cuirfimíd ċun báis é ċóṁ luaṫ agus is féidir é, aċ bíḋiḋ-se ollaṁ!’ Siné bríġ atá leis na ráflaíḃ.”

“Gaḃaim párdún agat, a ríġ,” arsa Taḋg le Murċaḋ, “aċ má tá daoine anso againn atá ċóṁ ceapaiṫe sin ar an Árdríġ do ċur ċun báis cad 'n-a ṫaoḃ ná beirtear láiṫreaċ orṫa agus a ndroċ ḃearta do ċur 'n-a leiṫ agus iad do ċur ċun báis! Cad ċuige ḃeiṫ ag feiṫeaṁ go dtí go mbeiḋ an droċ ḃeart déanta acu? Cad é an leiġeas ar an ndroċ ḃeart an cuirpṫeaċ do ċur ċun báis nuair a ḃeiḋ an droċ ḃeart déanta?”

“Is fíor ḋuit, a Ṫaiḋg,” arsa Murċaḋ, “gur ṡuaraċ an leiġeas ar ḋroċ ḃeart an cuirpṫeaċ do ċur ċun báis nuair a ḃéaḋ an droċ ḃeart déanta. Ní h-aṁlaiḋ atáṫar ag feiṫeaṁ go dtí go ndéanfaiḋ an cuirpṫeaċ an droċ beart. [ 150 ]Is aṁlaiḋ atáimíd ag déanaṁ ár ndíċil ċun an ċuirpṫiġ do ċosg ar an ndroċ ḃeart a ḋéanaṁ. Ní féidir cuirpṫeaċ do ċur ċun báis, pé droċ aṁras a ḃéaḋ agat air, go dtí go mbéaḋ droċ ġníoṁ éigin agat le cur 'n-a leiṫ. Mura mbéaḋ droċ ġníoṁ agat le cur n-a leiṫ cad a ḃéaḋ agat le déanaṁ aċ tu féin a ċosaint air? Siné atá againn 'á ḋéanaṁ, a Ṫaiḋg. Táimíd 'ġár gcosaint féin ar an gcuirpṫeaċ. Eiriġ-se siar aḃaile, a Ṫaiḋg, agus ná leig ort le h-aoinne aon níḋ i dtaoḃ na cainte seo atá déanta anso againn indiu. Ná bíoḋ aon eagal ort ná go dtaḃarfad-sa caoi ḋuit, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am ċuige, ar t'aigne ṡásaṁ ar an ḃfeallaire.”

“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa Taḋg. “Tá t' ḟocal agam ċuige sin agus táim sásta. Tiocfaiḋ mo lá.”

Agus d'imṫiġ sé aḃaile.