Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/150

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
146
NIAṀ

nár ḟéad sé a aigne ċur ċun suaiṁnis go dtí gur ċuir sé ḟiaċaiḃ ar Niaṁ teaċt go Ceann Cora.

“Tá,” ar seisean, “eagla agam' leas-ṁáṫair roime n-a súil. An ḟaid a ḃeiḋ sí anso ní déanfar aon iaraċt ar éagcóir a ḋéanaṁ ar an Árdríġ. Tuigean Niaṁ cad ċuige go ḃfuil sí anso, agus geallaim ḋuit naċ miste do Ġormḟlaiṫ eagla ḃeiṫ aici roime n-a súil. Ní ṫuigean aoinne eile sa teiġlaċ, áṁ, aċ Niaṁ agus a h-aṫair, cad ċuige go ḃfuil sí anso. Tuigean fear friṫálṁa an ríġ go ḃfuil sé anso ċun aire ṫaḃairt do ḃia an ríġ, díreaċ mar is gnáṫ aire ṫaḃairt do ḃia aon ríġ. Ní'l ḟios aige go ḃfuil aon ċontaḃairt fé leiṫ ar m'aṫair. Tá sé ċóṁ maiṫ againn dul agus do sgéal-sa a ḋ'innsint do Niaṁ feuċaint a' ndéarfaiḋ sí go ḃfuil ḋá Aṁlaoiḃ ann nó ná fuil.”

Ḃuaileadar araon anonn ċun an tíġe n-a raiḃ Niaṁ agus a h-aṫair 'n-a gcóṁnuiġe ann. Ċuir Niaṁ agus a h-aṫair fáilte rómpa mar ba ċóir.

D'inis Caoilte a sgéal di, ó ṫusaċ go deire, agus ṫaisbeáin sé an leitir di.

“Coimeádfad an leitir seo, le nḃúr dtoil,” ar sise, “agus taisbeánfad do Ṫaḋg í. Má 'sé Aṁlaoiḃ Ṫaiḋg a sgríḃ í aiṫneóċaiḋ Taḋg an sgríḃinn.”

“Ná béaḋ sé ċóṁ maiṫ agam-sa,” arsa Caoilte, “preabaḋ siar go h-Uíḃ Máine agus an leitir a ṫaisbeáint láiṫreaċ dó?”

“Ṫar a ḃfeacaís riaṁ,” arsa Murċaḋ.

D'imṫiġ Caoilte siar. Ṫaisbeáin sé an leitir do Ṫaḋg Óg ua Ċealla.

“Cé 's dóiċ leat a sgríḃ an leitir sin, a Ṫaiḋg,” ar seisean.

D' ḟeuċ Taḋg ar an leitir. Do léiġ sé í. Do léiġ sé airís í. D'ḟeuċ sé ar Ċaoilte.