Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/149

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
145
NIAṀ

eagla ḋó aon anċor a ṫaḃairt duit. Tá an méid sin soiléir go leór. Cad 'n-a ṫaoḃ dó a ṫaḃairt le tuiscint duit, agus dúinn go léir, as an leitir seo, go ḃfuil aiṫne ṁaiṫ aige ort? Inis an méid seo ḋom, a Ḋuinn. An raiḃ aiṫne ag an Aṁlaoiḃ a ḃí i n-Inis Caṫaiġ ort?”

“Ní raiḃ, a ríġ,” arsa Caoilte.

“Is dóiċ liom, a Ḋuinn, go dtuigim an sgéal, aċ b'ḟéidir dearṁad a ḃeiṫ orm,” arsa Murċaḋ. “Me’s aoinne aṁáin an dá Aṁlaoiḃ do ḃí aiṫne aige ort, aċ ċeap sé, agus dob' ḟíor ḋó é, go raḃais-se deiṁniġṫeaċ ná raiḃ. Ansan do sgríḃ sé an leitir sin ċun a ċur 'n-a luiġe ort nár ḃ'é féin an t-Aṁlaoiḃ go raḃais ar a lorg, mar go raiḃ aiṫne ṁaiṫ aige féin ort, agus go raiḃ 'ḟios agat féin ná raiḃ aon aiṫne ag an Aṁlaoiḃ eile ort. Is cuiṁin liom an t-Aṁlaoiḃ a ḃíoḋ ag teaċt anso ainíos ó Inis Caṫaiġ i n-aonḟeaċt le Taḋg Óg ua Cealla. Ṁeasas gur ḃ' ógánaċ deaġ-ċroíḋeaċ macánta osgailte é, agus is dóiċ liom gur ḃ'é sin meas gaċ aoinne air. Is iongantaċ an sgéal é má ḃí doiṁneas fill ann lastiġ de'n ṁacántaċt agus de'n osgailteaċt go léir. B'ḟéidir nár ḃ'ḟearra ḋúinn rud a ḋéanfaimís 'ná laḃairt le Niaṁ agus an níḋ go léir do ċur 'n-a ċóṁairle. Anso ṫall, feuċ, atá sí féin agus a h-aṫair 'n-a gcóṁnuiġe,” agus ṫaisbeáin sé an tig do Ċaoilte.

“An ḃfuil Niaṁ n-a cóṁnuiġe anso, a ríġ?” arsa Caoilte, agus do las sé go bun na gcluas. Ṫug Murċaḋ fé ndeara an lasaḋ, aċ d'iompuiġ sé ċóṁ h-oban san, ag feuċaint ar rud éigin eile, gur ṁeas Caoilte nár ṫug.

“Tá sí 'n-a cóṁnuiġe anso le tamal maiṫ aois. Tá sé ċóṁ maiṫ agam a ḋ'innsint duit cad 'n-a ṫaoḃ.”

Ansan d'inis sé do Ċaoilte an dá ḟoláraṁ a ṫug an Legáid uaiḋ, agus an sgannra a ḃí air féin le h-eagla go ndéanfaí aon iaraċt ar niṁ a ṫaḃairt do'n Árdríġ; conus