Niamh/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
An tSídhe Gaoithe
[ 150 ]

CAIBIDIOL VII.

AN tSÍḊE GAOIṪE.

Nuair a ḃí Taḋg Óg ua Cealla imṫiġṫe do laḃair Murċaḋ le Caoilte.

“A Ḋuinn,” ar seisean, “pé h-é an t-Aṁlaoiḃ do sgríḃ an leitir sin, nó do laḃair an ċaint atá intí, tá botún mór déanta aige. D'á ġastaċt é tá dearṁad déanta aige. Bainfead-sa geit as pé h-é féin. Imṫiġ ag triall ar Ḋúlainn Óg agus abair leis buiḋean d'ḟearaiḃ toḃṫa do ċur le ċéile gan ṁaill agus tar ċúġam anso ċóṁ luaṫ agus ḃeid siad ollaṁ aige.

D'imṫiġ Caoilte.

[ 151 ]“Cad a ṁeasan tú a ḋéanaṁ, a ríġ?” arsa Niaṁ.

“Raġad go h-Áṫ Cliaṫ, a Niaṁ,” ar seisean, “agus laḃarfad le Sitric. Béarfad teaċtaireaċt ag triall air ó'n Árdríġ. Táid Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ, agus Sitric leó, fé smaċt an Árdríġ. Taisbeánfad an leitir sin do Ṡitric. Tá síṫċáin idir Éirinn agus tír Loċlan. Ó 'tá an tsíṫċáin sin ann tá saor ċead ċun gnóṫaí ceannaiġeaċta idir an dá ṫír, agus tá ḟiaċaiḃ ar gaċ tír acu cosnaṁ dlíġe a ṫaḃairt dos na ceannaiġṫiḃ a ṫagan ó'n dtír eile. Tá an cosnaṁ san againne 'á ṫaḃairt dos na ceannaiġṫiḃ Loċlanaċa a ṫagan go h-Éirinn. Tá geallaṁaint againn ó ríġ Loċlan go dtaḃarfaí an cosnaṁ céadna do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa dá dtéidís anonn go Danṁarg ag déanaṁ aon ġnóṫa ceannaiġeaċta ann. Ċuaiḋ ceannaiġe Gaeḋlaċ anonn le déanaiġe. Ḃí sé ag déanaṁ a ġnóṫa, gan aon ċur isteaċ aige 'á ḋéanaṁ ar ġnó aon duine eile, agus gan briseaḋ ná milleaḋ ḋéanaṁ ar aon dlíġ de ḋliġṫiḃ na tíre sin. Ṫáinig ceaṫrar luċt airm, de luċt airm na tíre agus do rugadar air, gan ċúis gan aḋḃar, agus ċuireadar i bprísún é, agus do coimeádaḋ sa ṗrísun é breis agus seaċtṁain. Caiṫfear sásaṁ a ḋ'ḟáġail ó ríġ Loċlan as an ngníoṁ san. Caiṫfear an ceart céadna a tugtar do ċeannaiġṫiḃ Loċlanaċa i n-Éirinn do ċur i n-áiriġṫe do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa ṫall i gcríċ Loċlan. Ar sgáṫ na h-oibre sin, caiṫfear a ḋéanaṁ amaċ má 's féidir é, an ḃfuil an dá Aṁlaoiḃ ann, nó an é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí anso againn atá anois 'n-a ṫeaċtaire idir Ṡitric agus an ríġ ṫall.”

Le n-a linn sin ṫáinig Caoilte ṫar n-ais.

“Tá Dúlainn agus na fir ollaṁ, a ríġ,” ar seisean.

“Tá go maiṫ, a Ḋuinn,” arsa Murċaḋ. “Tiocfair-se linn.”

“Caṫin a ġeóḃmíd aon sgéala uaiḃ, a ríġ?” arsa Niaṁ. [ 152 ]“An túisge 'n-a mbeiḋ aon níḋ le h-innsint gur fiú é é ḋ'innsint curfar teaċtaire ṫar n-ais ċúġat, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ. “Ní gáḋ ḋom a ráḋ leat aire ṁaiṫ a ṫaḃairt dom' leas-ṁáṫair.”

“Ná bíoḋ ceist ort, a ríġ,” ar sise. “Taḃarfad aire ṁaiṫ ḋi. Ní ċuirfiḋ sí cor di a gan ḟios dom. Táimíd go h-ana ṁór le n-a ċéile. Aċ tá ḟios aici, is dóiċ liom, cad é an gnó atá anso agam, agus tá sí ag déanaṁ a díċil ċun a ṫaispeáint dúinn go léir gur dearṁad mór dúinn aon droċ aṁras a ḃeiṫ againn uirṫi. Tá an díċeal san 'ġá coimeád ar fad ó aon níḋ a ḋéanaṁ a ċaḃróċ' leis an ndroċ aṁras. Beiḋ m'aigne féin ana ṁí-ṡásta, a ríġ,” ar sise, “go dtí go mbeiḋ 'ḟios agam cé h-é an t-Aṁlaoiḃ seo, nó an aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ.”

“Curfar ċúġat an t-eólus, a Niaṁ,” arsa Murċaḋ, “ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus ḃeiḋ an t-eólus againn le cur ċúġat.”

D'imṫiġ Murċaḋ agus Caoilte amaċ ċun na h-áite 'n-a raiḃ Dúlainn agus na fir ag feiṫeaṁ leó. Ar marcaiġeaċt a ḃíodar le h-imṫeaċt. Marcaiġ ṁaiṫe ab eaḋ iad go léir. Marcaċ áluinn ab eaḋ Murċaḋ agus marcaċ áluinn ab eaḋ Dúlainn. Aċ ní raiḃ aon ḃreiṫ ag aoinne de'n ḃeirt, ná ag aon ḟear i n-Éirinn an uair sin, agus M'lṡeaċlainn Mór féin do ċur ċuige, ar Ċaoilte, ċun capail a ṁarcaiġeaċt. An stail ba ṁó agus ba ṫreise agus ba ṫréine dob' ḟéidir a ḋ'ḟáġail, agus é ḃeiṫ ag imṫeaċt fiain, gan láṁ duine do ḋul ar a ċeann go dtí go mbéaḋ sé i n-aois a ṡeaċt mblian, do léimfeaḋ Caoilte ar a ṁuin, gan srian gan ialait, agus ḋéanfaḋ sé é ṁarcaiġeaċt treasna na dúṫa go dtí go mbéaḋ an stail sin ċóṁ mín le h-uan caoiraċ aige. Ḃí Caoilte cúmṫa ċun na marcaiġeaċta ċóṁ maiṫ díreaċ agus ḃí sé cúmṫa ċun an reaṫa. Ḃí an neart agus an fuinneaṁ go léir agus an [ 153 ]ḃreis ḃeaġ ḟaid ins na cosaiḃ aige. Aon ċapal a geoḃfaí idir an dá ċois sin ní raiḃ aon ḃreiṫ aige, pé léimreaċ a ḋéanfaḋ sé ná pé casaḋ a ḃainfeaḋ sé as féin, ar ḋul ó n-a ngreim. Ní ḟéadfaḋ sé an marcaċ a ċur dé aċ le h-é féin d'iomlasg ar an dtalaṁ. An túisge 'n-a gcuirfeaḋ an capal ċun luiġte ḃéaḋ an marcaċ 'n-a ṡeasaṁ i n'aice agus ansan, an túisge 'n-a mbéaḋ an capal ar a ċosaiḃ airís ḃéaḋ an marcaċ ar a ṁuin airís. Níor ḃeag de raḋarc, uaireanta, ḃeiṫ ag feuċaint air féin agus ar ċapal óg ḟiain ag iomaiġ le ċéile go dtí go caiṫeaḋ an capal géilleaḋ ḋó sa deire.

Do ġluais an dírim marcaċ ó Ċeann Cora agus ṫugadar aġaiḋ soir óṫuaiḋ ar Ṫeaṁair. Ba ṡeólta an ġluaiseaċt acu é, fan an ḃóṫair áluinn a ḃí go breaġ leaṫan, leiḃéalta, réiḋ, an bóṫar a deineaḋ le h-órduġaḋ Ḃriain, ó Ċeann Cora go Teaṁair.

Tímpal deiċ míle soir óṫuaiḋ ó Ċeann Cora ḃí buaċail ag aeireaċt ḃó ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de'n ḃóṫar. D'airiġ sé, aḃfad siar óḋeas uaiḋ, mar a ḃéaḋ séideaḋ beag gaoiṫe tré ċrannaiḃ. Do neartuiġ ar an séideaḋ i dtreó gur ṁeas an buaċail gur stoirm a ḃí ag teaċt. Ansan do neartuiġ ar an séideaḋ i dtreó gur ṁeas an buaċail nár ṡéideaḋ a ḃí ann aċ fuaim uisge ag gaḃáil le fánaiġ gleanna. Ansan d'airiġ sé mar a ḃéaḋ brúṫ agus meilt agus fuadar cuisiḋeaċta, agus do ġluais an marc-ṡluaġ ċuige amaċ ó sgáṫ na coille a ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair agus a ḃí 'ġá gclúdaċ uaiḋ go dtí san. Ṫánadar i n'aice agus ġluaiseadar ṫairis, agus an ḟaid a ḃíodar ag gaḃáil ṫairis ṡaṁluiġ sé go raiḃ an talaṁ ag bogaḋ agus ag luasgaḋ agus ag criṫ fé n-a ċosaiḃ le neart agus le brúṫ agus le fuinneaṁ a ngluaiseaċta agus iad ag imṫeaċt mar imṫeóċ' an tsíḋe gaoiṫe, agus an ceó-bóṫair ag eiriġe 'n-a ndiaiġ, agus suip agus bileóga feóċta d'á séideaḋ suas [ 154 ]agus d'á gcasaḋ agus d'á sguabaḋ ċun siúḃail, leis an ngaoiṫ a ṫáinig ó'n ngluaiseaċt. D'imṫíġdar ṫairis agus ċuaiḋ an ceó 'n-a ṡúiliḃ agus ḃí an foṫram 'n-a ċluasaiḃ, agus nuair ḟéad sé a ṡúile do ġlanaḋ agus feuċaint airís orṫa, ḃíodar ag imṫeaċt soir óṫuaiḋ as a raḋarc agus ḃí an foṫram ag maoluġaḋ. Do ṁaoluiġ an foṫram go dtí ná raiḃ ann aċ mar a ḃéaḋ fuaim uisge. Do ṁaoluiġ sé ansan go dtí ná raiḃ ann aċ mar a ḃéaḋ séideaḋ gaoiṫe tré ċrannaiḃ. Ansan do ṁaoluiġ sé go dtí ná h-airiġeaḋ an buaċail aċ puṫ beag anois agus airís dé. Ansan ḃí sé imṫiġṫe. Do cuireaḋ a leiṫéid de sgárd i gcroíḋe an ḃuaċala gur ḟan sé ar an áit sin gan coruiġe as ar feaḋ aḃfad.

Deiċ mbliana agus daċad 'n-a ḋiaiġ san, nuair a ḃí an buaċail sin 'n-a ṡeanduine, ḃíoḋ sé 'n-a ṡeasaṁ ar an áit gcéadna go minic agus d'airiġeaḋ sé an tsíḋe gaoiṫe ag tusnuġaḋ ṫiar ṫeas, mar ar ṫusnuiġ an séideaḋ gaoiṫe an uair sin, agus ṫagaḋ an tsíḋe gaoiṫe ċuige aniar andeas le fuinneaṁ, agus do sguabaḋ sí ṫairis soir óṫuaiḋ ag déanaṁ ceó-bóṫair agus ag sgaipeaḋ na sop, agus ḃíoḋ sé daingean i n'aigne gur ḃ'é Murċaḋ agus a ṁarc-ṡluaġ a ḃíoḋ ann! Ḃíodar go léir ar ṡluaġ na marḃ, an uair sin.

Aċ ṫáinig Murċaḋ agus a ṁarc-ṡluaġ go Teaṁair. Ċuir sé teaċtaire isteaċ ag triall ar Ṁ'lṡeaċlainn 'ġá ráḋ leis gur ṁaiṫ leis raint cainte ḋéanaṁ leis. Ṫáinig M'lṡeaċlainn amaċ agus ċuir sé míle fáilte roiṁ Ṁurċaḋ agus rómpa go léir. Do rug sé leis isteaċ iad agus ḋéin sé cúram mór díoḃ. Do cuireaḋ cóir bíḋ agus díġe orṫa. Ar ball d'inis Murċaḋ do Ṁ'lṡeaċlainn cad a ṫug é. Gur cuireaḋ duine de ċeannaiġṫiḃ na h-Éirean i bprísún, ṫall i bpríoṁ-ċaṫair tíre Loċlan, gan ċúis gan aḋḃar. Ansan ṫaisbeáin sé an leitir.

“Táim ceapaiṫe, a ríġ,” ar seisean, “ar ḋul soir go [ 155 ]h-Áṫ Cliaṫ agus ar laḃairt le Sitric, ó 'sé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ é, agus ar a ḟiafraiġe ḋé an ḃfuil aon eólus aige ar an t-é is bun leis an ngníoṁ éagcórṫa so do ḋéanaṁ orainn. Dá leigimís leó an gníoṁ so gan gearán a ḋéanaṁ mar ġeall air níor ḃ'ḟada, b'ḟéidir, go ndéanfaí gníoṁ eile a ḃéaḋ níba ṁeasa 'ná é. Is lag an ḃeart dúinne a ráḋ go mbéaḋ díon agus cosnaṁ againn 'á ṫaḃairt do ċeannaiġṫiḃ Loċlanaċa i n-Éirinn, agus na cuirfimís díon ná cosnaṁ i n-áiriġṫe do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa ṫall i dtír Loċlan.”

“Agus cá ḃfuil an ceannaiġe Gaeḋlaċ do cuireaḋ i bprísún, a ríġ?” arsa M'lṡeaċlainn.

“Má séantar an gníoṁ, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “beiḋ an ceannaiġe le fáġail.”

“An aṁlaiḋ ba ṁaiṫ leat mise ḋul leat go h-Áṫ Cliaṫ, a ríġ?” arsa M'lṡeaċlainn.

“Dá mb' é do ṫoil teaċt linn, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “ba ḋian ṁaiṫ an rud é. Ṫaḃarfaḋ sé le tuisgint do Ṡitric, agus tré Ṡitric do ríġ Loċlan ṫall, agus dos na Loċlanaiġ go léir, go ḃfuilimíd ar aon aigne sa sgéal. Do ċuirfeaḋ san eagla ar an t-é ḋein an gníoṁ pé h-é féin.”

“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa M'lṡeaċlainn. “Raġad-sa liḃ.”

Ḃí ḋá ḃuiḋean acu ann ansan agus iad ag taḃairt aġaiḋ ar Áṫ Cliaṫ. Ní raiḃ i mBaile Áṫa Cliaṫ an uair sin aċ caṫair ana ḃeag. Ḃí an féar glas ag fás go saiḋḃir ar ḟorṁór an tailiṁ atá fé ṫiġṫiḃ móra agus fé ṡráideanaiḃ breaġṫa fada leaṫana anois. Níor ḋeacair ríġṫeiġlaċ Ṡitric a ḋéanaṁ amaċ. Ṫug an dá ḃuiḋean aġaiḋ ar an ríġṫeiġlaċ. Do ċonacṫas ag teaċt iad. Ḃí Sitric agus Aṁlaoiḃ ṫuas i ḃfinneóig. Ċonacadar an dá ḃuiḋean ag teaċt ċun an ríġṫeiġlaiġ. D' aiṫniġdar Murċaḋ agus [ 156 ]M'lṡeaċlainn. D'aiṫin Aṁlaoiḃ Caoilte. Do riṫ Aṁlaoiḃ agus ċuaiḋ sé i ḃfolaċ.

“Ná leig ort go ḃfuil aon ṗioc eóluis agat, a ríġ, ar cá ḃfuilim-se ná an ḃfuilim beó nó marḃ,” ar seisean le Sitric.

Ċuaiḋ Sitric amaċ ag cur fáilte roim Ṁ'lṡeaċlainn agus roim Ṁurċaḋ. Do tugaḋ isteaċ iad féin agus na h-uaisle a ḃí i n-aonḟeaċt leó, agus do cuireaḋ gaċ aon ċóir orṫa. Ar ball d'inis Murċaḋ cad a ṫug é. Ḃí ana ċaṫuġaḋ ar Ṡitric nuair a h-innseaḋ dó an éagcóir a deineaḋ ar an gceannaiġe Gaeḋlaċ ṫall i gCaṫair na Beirbe.

“Ó,” ar seisean, “cuirfead-sa teaċtaire anonn 'ġá innsint do'n ríġ gur deineaḋ an éagcóir sin, agus déanfar an uile ṡaġas deiṁne agus uruiḋeaċta air náċ baoġal go dtaḃarfar aon ċaoi d'aoinne ar a leiṫéid a ḋéanaṁ airís.”

“Tá san maiṫ go leór, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “aċ ní ḋéanfaiḋ san an gnó anois. Tá órduġaḋ agam-sa ó'n Árdríġ, má tá an fear a ḋein an gníoṁ san i n-Éirinn anois, luċt cuardaiġ do ċur amaċ ċun beirṫe air agus ċun é ṫaḃairt ċun láṁa. Ar ṁaiṫe leis an dá ṫír, le h-Éirinn agus le tír Loċlan, ní foláir an fear a ḋein an gníoṁ san do ċur ċun báis. Is bíoḋba báis do'n ríġ é, mar do ṫóg sé ċuige féin an t-uġdarás a ḃainean leis an ríġ. Is bíoḋba báis do ṁuintir na h-Éirean é, mar do ḋein sé gníoṁ i gcoinniḃ anama fir Éireanaiġ. Is bíoḋba báis é do Loċlanaiġ, i n-Éirinn nó i n-aon tír eile, mar do ḋein sé gníoṁ a ċuirfiḋ ḟiaċaiḃ ar luċt gaċ tíre eiriġe 'n-a gcoinniḃ, mura ndeintear an gníoṁ a ḋ' agairt, agus san go luaṫ, ar an t-é a ḋein an gníoṁ. Ar ṁaiṫe linn go léir, a ríġ,” arsa Murċaḋ, “ní foláir dóṁ-sa a ḃeiṫ ar mo ċumas a ráḋ leis an Árdríġ nuair a raġad aḃaile, go ḃfuil do ḃriaṫar ríġ agam uait-se ċuige go ndéanfair féin do ḋíċeal, agus go ndéanfaiḋ ríġ Loċlan a ḋíċeal, ar [ 157 ]ṫeaċt suas leis an gcuirpṫeaċ a ḋein an gníoṁ san agus é ṫaḃairt ċun láṁa agus an bás atá tuillte aige ḋ'imirt air.”

“Asdó, b' ḟéidir, a ríġ,” arsa Sitric, “na féadfaḋ ár ndíċeal teaċt suas leis.”

“Ní duine suaraċ é a ríġ,” arsa Murċaḋ. “Ní ḟéadfaḋ aon duine suaraċ an gníoṁ a ḋein sé do ḋéanaṁ. Ní ḃéaḋ luċt airm an ríġ úṁal do ḋuine ṡuaraċ. An fear gur ḋein luċt airm an ríġ rud air, mar a ḋeineadar air siúd, ní ró ḟuiriste ḋó dul i ḃfolaċ ó ríogra na tíre.”

“Ní ḟeadar an doṁan, a ríġ,” arsa Sitric. “Ní'l agam-sa le déanaṁ aċ mo ḃriaṫar ríġ a ṫaḃairt duit go ndéanfad mo ḋíċeal ar é ṫaḃairt ċun láṁa, agus go n-iarfad ar ríġ Loċlan a ḋíċeal a ḋéanaṁ, leis, ċuige. Isé ár mbuac go léir, aon ḟear a ṁillfiḋ ár smaċt, é ṫaḃairt ċun láṁa ċóṁ luaṫ agus is féidir é.”

Nuair a ḃí an méid sin cainte déanta eatarṫa, d'ḟág Murċaḋ agus M'lṡeaċlainn slán ag Sitric agus ṫánadar uaiḋ. Ḃí Aṁlaoiḃ i ḃfolaċ agus é ag éisteaċt leis an gcaint. Nuair a ḃí an dá ḃuiḋean imṫiġṫe ṫáinig sé amaċ, agus ḃí a lán cainte idir é féin agus Sitric feuċaint conus ḟéadfaidís teaċt as an gcruaḋ-ċás 'n-a raḃdar mar ġeall ar an ngníoṁ a ḋein Aṁlaoiḃ.