Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/158

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
154
NIAṀ

agus d'á gcasaḋ agus d'á sguabaḋ ċun siúḃail, leis an ngaoiṫ a ṫáinig ó'n ngluaiseaċt. D'imṫíġdar ṫairis agus ċuaiḋ an ceó 'n-a ṡúiliḃ agus ḃí an foṫram 'n-a ċluasaiḃ, agus nuair ḟéad sé a ṡúile do ġlanaḋ agus feuċaint airís orṫa, ḃíodar ag imṫeaċt soir óṫuaiḋ as a raḋarc agus ḃí an foṫram ag maoluġaḋ. Do ṁaoluiġ an foṫram go dtí ná raiḃ ann aċ mar a ḃéaḋ fuaim uisge. Do ṁaoluiġ sé ansan go dtí ná raiḃ ann aċ mar a ḃéaḋ séideaḋ gaoiṫe tré ċrannaiḃ. Ansan do ṁaoluiġ sé go dtí ná h-airiġeaḋ an buaċail aċ puṫ beag anois agus airís dé. Ansan ḃí sé imṫiġṫe. Do cuireaḋ a leiṫéid de sgárd i gcroíḋe an ḃuaċala gur ḟan sé ar an áit sin gan coruiġe as ar feaḋ aḃfad.

Deiċ mbliana agus daċad 'n-a ḋiaiġ san, nuair a ḃí an buaċail sin 'n-a ṡeanduine, ḃíoḋ sé 'n-a ṡeasaṁ ar an áit gcéadna go minic agus d'airiġeaḋ sé an tsíḋe gaoiṫe ag tusnuġaḋ ṫiar ṫeas, mar ar ṫusnuiġ an séideaḋ gaoiṫe an uair sin, agus ṫagaḋ an tsíḋe gaoiṫe ċuige aniar andeas le fuinneaṁ, agus do sguabaḋ sí ṫairis soir óṫuaiḋ ag déanaṁ ceó-bóṫair agus ag sgaipeaḋ na sop, agus ḃíoḋ sé daingean i n'aigne gur ḃ'é Murċaḋ agus a ṁarc-ṡluaġ a ḃíoḋ ann! Ḃíodar go léir ar ṡluaġ na marḃ, an uair sin.

Aċ ṫáinig Murċaḋ agus a ṁarc-ṡluaġ go Teaṁair. Ċuir sé teaċtaire isteaċ ag triall ar Ṁ'lṡeaċlainn 'ġá ráḋ leis gur ṁaiṫ leis raint cainte ḋéanaṁ leis. Ṫáinig M'lṡeaċlainn amaċ agus ċuir sé míle fáilte roiṁ Ṁurċaḋ agus rómpa go léir. Do rug sé leis isteaċ iad agus ḋéin sé cúram mór díoḃ. Do cuireaḋ cóir bíḋ agus díġe orṫa. Ar ball d'inis Murċaḋ do Ṁ'lṡeaċlainn cad a ṫug é. Gur cuireaḋ duine de ċeannaiġṫiḃ na h-Éirean i bprísún, ṫall i bpríoṁ-ċaṫair tíre Loċlan, gan ċúis gan aḋḃar. Ansan ṫaisbeáin sé an leitir.

“Táim ceapaiṫe, a ríġ,” ar seisean, “ar ḋul soir go