Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/157

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
153
NIAṀ

ḃreis ḃeaġ ḟaid ins na cosaiḃ aige. Aon ċapal a geoḃfaí idir an dá ċois sin ní raiḃ aon ḃreiṫ aige, pé léimreaċ a ḋéanfaḋ sé ná pé casaḋ a ḃainfeaḋ sé as féin, ar ḋul ó n-a ngreim. Ní ḟéadfaḋ sé an marcaċ a ċur dé aċ le h-é féin d'iomlasg ar an dtalaṁ. An túisge 'n-a gcuirfeaḋ an capal ċun luiġte ḃéaḋ an marcaċ 'n-a ṡeasaṁ i n'aice agus ansan, an túisge 'n-a mbéaḋ an capal ar a ċosaiḃ airís ḃéaḋ an marcaċ ar a ṁuin airís. Níor ḃeag de raḋarc, uaireanta, ḃeiṫ ag feuċaint air féin agus ar ċapal óg ḟiain ag iomaiġ le ċéile go dtí go caiṫeaḋ an capal géilleaḋ ḋó sa deire.

Do ġluais an dírim marcaċ ó Ċeann Cora agus ṫugadar aġaiḋ soir óṫuaiḋ ar Ṫeaṁair. Ba ṡeólta an ġluaiseaċt acu é, fan an ḃóṫair áluinn a ḃí go breaġ leaṫan, leiḃéalta, réiḋ, an bóṫar a deineaḋ le h-órduġaḋ Ḃriain, ó Ċeann Cora go Teaṁair.

Tímpal deiċ míle soir óṫuaiḋ ó Ċeann Cora ḃí buaċail ag aeireaċt ḃó ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de'n ḃóṫar. D'airiġ sé, aḃfad siar óḋeas uaiḋ, mar a ḃéaḋ séideaḋ beag gaoiṫe tré ċrannaiḃ. Do neartuiġ ar an séideaḋ i dtreó gur ṁeas an buaċail gur stoirm a ḃí ag teaċt. Ansan do neartuiġ ar an séideaḋ i dtreó gur ṁeas an buaċail nár ṡéideaḋ a ḃí ann aċ fuaim uisge ag gaḃáil le fánaiġ gleanna. Ansan d'airiġ sé mar a ḃéaḋ brúṫ agus meilt agus fuadar cuisiḋeaċta, agus do ġluais an marc-ṡluaġ ċuige amaċ ó sgáṫ na coille a ḃí ar ṫaoḃ an ḃóṫair agus a ḃí 'ġá gclúdaċ uaiḋ go dtí san. Ṫánadar i n'aice agus ġluaiseadar ṫairis, agus an ḟaid a ḃíodar ag gaḃáil ṫairis ṡaṁluiġ sé go raiḃ an talaṁ ag bogaḋ agus ag luasgaḋ agus ag criṫ fé n-a ċosaiḃ le neart agus le brúṫ agus le fuinneaṁ a ngluaiseaċta agus iad ag imṫeaċt mar imṫeóċ' an tsíḋe gaoiṫe, agus an ceó-bóṫair ag eiriġe 'n-a ndiaiġ, agus suip agus bileóga feóċta d'á séideaḋ suas