Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/155

From Wikisource
This page has not been proofread.
151
NIAṀ

“Cad a ṁeasan tú a ḋéanaṁ, a ríġ?” arsa Niaṁ.

“Raġad go h-Áṫ Cliaṫ, a Niaṁ,” ar seisean, “agus laḃarfad le Sitric. Béarfad teaċtaireaċt ag triall air ó'n Árdríġ. Táid Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ, agus Sitric leó, fé smaċt an Árdríġ. Taisbeánfad an leitir sin do Ṡitric. Tá síṫċáin idir Éirinn agus tír Loċlan. Ó 'tá an tsíṫċáin sin ann tá saor ċead ċun gnóṫaí ceannaiġeaċta idir an dá ṫír, agus tá ḟiaċaiḃ ar gaċ tír acu cosnaṁ dlíġe a ṫaḃairt dos na ceannaiġṫiḃ a ṫagan ó'n dtír eile. Tá an cosnaṁ san againne 'á ṫaḃairt dos na ceannaiġṫiḃ Loċlanaċa a ṫagan go h-Éirinn. Tá geallaṁaint againn ó ríġ Loċlan go dtaḃarfaí an cosnaṁ céadna do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa dá dtéidís anonn go Danṁarg ag déanaṁ aon ġnóṫa ceannaiġeaċta ann. Ċuaiḋ ceannaiġe Gaeḋlaċ anonn le déanaiġe. Ḃí sé ag déanaṁ a ġnóṫa, gan aon ċur isteaċ aige 'á ḋéanaṁ ar ġnó aon duine eile, agus gan briseaḋ ná milleaḋ ḋéanaṁ ar aon dlíġ de ḋliġṫiḃ na tíre sin. Ṫáinig ceaṫrar luċt airm, de luċt airm na tíre agus do rugadar air, gan ċúis gan aḋḃar, agus ċuireadar i bprísún é, agus do coimeádaḋ sa ṗrísun é breis agus seaċtṁain. Caiṫfear sásaṁ a ḋ'ḟáġail ó ríġ Loċlan as an ngníoṁ san. Caiṫfear an ceart céadna a tugtar do ċeannaiġṫiḃ Loċlanaċa i n-Éirinn do ċur i n-áiriġṫe do ċeannaiġṫiḃ Gaeḋlaċa ṫall i gcríċ Loċlan. Ar sgáṫ na h-oibre sin, caiṫfear a ḋéanaṁ amaċ má 's féidir é, an ḃfuil an dá Aṁlaoiḃ ann, nó an é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí anso againn atá anois 'n-a ṫeaċtaire idir Ṡitric agus an ríġ ṫall.”

Le n-a linn sin ṫáinig Caoilte ṫar n-ais.

“Tá Dúlainn agus na fir ollaṁ, a ríġ,” ar seisean.

“Tá go maiṫ, a Ḋuinn,” arsa Murċaḋ. “Tiocfair-se linn.”

“Caṫin a ġeóḃmíd aon sgéala uaiḃ, a ríġ?” arsa Niaṁ.