Is aṁlaiḋ atáimíd ag déanaṁ ár ndíċil ċun an ċuirpṫiġ do ċosg ar an ndroċ ḃeart a ḋéanaṁ. Ní féidir cuirpṫeaċ do ċur ċun báis, pé droċ aṁras a ḃéaḋ agat air, go dtí go mbéaḋ droċ ġníoṁ éigin agat le cur 'n-a leiṫ. Mura mbéaḋ droċ ġníoṁ agat le cur n-a leiṫ cad a ḃéaḋ agat le déanaṁ aċ tu féin a ċosaint air? Siné atá againn 'á ḋéanaṁ, a Ṫaiḋg. Táimíd 'ġár gcosaint féin ar an gcuirpṫeaċ. Eiriġ-se siar aḃaile, a Ṫaiḋg, agus ná leig ort le h-aoinne aon níḋ i dtaoḃ na cainte seo atá déanta anso againn indiu. Ná bíoḋ aon eagal ort ná go dtaḃarfad-sa caoi ḋuit, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am ċuige, ar t'aigne ṡásaṁ ar an ḃfeallaire.”
“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa Taḋg. “Tá t' ḟocal agam ċuige sin agus táim sásta. Tiocfaiḋ mo lá.”
Agus d'imṫiġ sé aḃaile.
CAIBIDIOL VII.
AN tSÍḊE GAOIṪE.
Nuair a ḃí Taḋg Óg ua Cealla imṫiġṫe do laḃair Murċaḋ le Caoilte.
“A Ḋuinn,” ar seisean, “pé h-é an t-Aṁlaoiḃ do sgríḃ an leitir sin, nó do laḃair an ċaint atá intí, tá botún mór déanta aige. D'á ġastaċt é tá dearṁad déanta aige. Bainfead-sa geit as pé h-é féin. Imṫiġ ag triall ar Ḋúlainn Óg agus abair leis buiḋean d'ḟearaiḃ toḃṫa do ċur le ċéile gan ṁaill agus tar ċúġam anso ċóṁ luaṫ agus ḃeid siad ollaṁ aige.
D'imṫiġ Caoilte.