Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/161

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
157
NIAṀ

ṫeaċt suas leis an gcuirpṫeaċ a ḋein an gníoṁ san agus é ṫaḃairt ċun láṁa agus an bás atá tuillte aige ḋ'imirt air.”

“Asdó, b' ḟéidir, a ríġ,” arsa Sitric, “na féadfaḋ ár ndíċeal teaċt suas leis.”

“Ní duine suaraċ é a ríġ,” arsa Murċaḋ. “Ní ḟéadfaḋ aon duine suaraċ an gníoṁ a ḋein sé do ḋéanaṁ. Ní ḃéaḋ luċt airm an ríġ úṁal do ḋuine ṡuaraċ. An fear gur ḋein luċt airm an ríġ rud air, mar a ḋeineadar air siúd, ní ró ḟuiriste ḋó dul i ḃfolaċ ó ríogra na tíre.”

“Ní ḟeadar an doṁan, a ríġ,” arsa Sitric. “Ní'l agam-sa le déanaṁ aċ mo ḃriaṫar ríġ a ṫaḃairt duit go ndéanfad mo ḋíċeal ar é ṫaḃairt ċun láṁa, agus go n-iarfad ar ríġ Loċlan a ḋíċeal a ḋéanaṁ, leis, ċuige. Isé ár mbuac go léir, aon ḟear a ṁillfiḋ ár smaċt, é ṫaḃairt ċun láṁa ċóṁ luaṫ agus is féidir é.”

Nuair a ḃí an méid sin cainte déanta eatarṫa, d'ḟág Murċaḋ agus M'lṡeaċlainn slán ag Sitric agus ṫánadar uaiḋ. Ḃí Aṁlaoiḃ i ḃfolaċ agus é ag éisteaċt leis an gcaint. Nuair a ḃí an dá ḃuiḋean imṫiġṫe ṫáinig sé amaċ, agus ḃí a lán cainte idir é féin agus Sitric feuċaint conus ḟéadfaidís teaċt as an gcruaḋ-ċás 'n-a raḃdar mar ġeall ar an ngníoṁ a ḋein Aṁlaoiḃ.


CAIBIDIOL VIII.

BEIRT DROĊ ḂUAĊAILÍ.

“Déanfaiḋ an t-annsgian san, Murċaḋ, díoḃáil dúinn, a ríġ,” arsa Sitric. “Ní maiṫ a ḋeinis é an fear do ċur sa ṗrísún. B'ḟearr sgaoileaḋ leis agus faire do ċoimeád air.”