Niamh/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Beirt Droch Bhuachailí
[ 157 ]

CAIBIDIOL VIII.

BEIRT DROĊ ḂUAĊAILÍ.

“Déanfaiḋ an t-annsgian san, Murċaḋ, díoḃáil dúinn, a ríġ,” arsa Sitric. “Ní maiṫ a ḋeinis é an fear do ċur sa ṗrísún. B'ḟearr sgaoileaḋ leis agus faire do ċoimeád air.”

[ 158 ]“Siné díreaċ a ḋéanfainn mura mbéaḋ a ḟios a ḃeiṫ agam go n-aiṫneóċ' sé mé dá ḃfaġaḋ sé raḋarc orm,” arsa Aṁlaoiḃ. “Is dóiċ leó i gCeann Cora go ḃfuilim marḃ. Ní'l aon ṗioc d'á ḟios acu cé r' ḃ'é Aṁlaoiḃ ná an ḃfuil sé beó. Dá ḃfaġaḋ an fear úd na gcos raḋarc orm do neósfaḋ sé ḋóiḃ cá ḃfeacaiḋ sé mé. Tá aiṫne aige orm, aċ is dóiċ leis ná fuil aon aiṫne agam-sa air féin. Siné ball 'n-a ḃfuil an dearṁad air. D' aiṫniġeas an peidléir ṫall ċóṁ luaṫ agus do leigeas mo ṡúil air. Dá ḃfeiceaḋ sé mé sar a ḃfeaca-sa é, agus go n-imṫeóċ' sé gan mé 'ġá ḟeisgint, d'imṫeóċ' sé aḃaile láiṫreaċ agus do neósfaḋ sé ḋóiḃ i n-Inis Caṫaiġ agus i gCeann Cora go ḃfeacaiḋ sé mé, agus cá ḃfeacaiḋ sé mé. Ansan do ḃéaḋ ḟios acu go léir cé ṫóg an ċailís. Ċonaic Colla mé i gCeann Cora an lá ḟágas an áit. Do curfaí so agus súd le ċéile agus ḃéaḋ 'ḟios acu go léir cad é an gnó a ḃí agam i gCeann Cora an lá san. Ṫaḃarfaidís tuairim do cá ḃfuil an ċailís anois. Ċaiṫfeaḋ do ṁáṫair teiṫeaḋ le n-a h-anam as an áit.”

“Mo ṁáṫair!” arsa Sitric.

“Ár máṫair, má seaḋ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní beag di a ḃfuil le fulang aici eatarṫa. Is fearr gan a ṫuille eóluis a ṫaḃairt dóiḃ. Is dóiċ leó go ḃfuil an ċailís imṫiġṫe ṫar faraige. Ní féidir d'ár máṫair cor a ċur di, do ló ná d' oíḋċe, a gan ḟios dóiḃ, tá an faire ċóṁ géar san uirṫi. Dá ḃfaiġinn-se mo ṫoil ní raġaḋ fear na gcos ṫar n-ais ag triall orṫa. Ḃí eagal ar an ríġ, dá dtugtí aon anċor dó go dtiocfaḋ cogaḋ as, agus gan sinn ollaṁ fós, dar leis.”

“Cad é an neart atá ollaṁ aige?”

“Tá oċt míle fear ollaṁ aige, i n-arm 's i n-éide. Dá nglaoiḋtí amáireaċ air d'ḟéadfaḋ sé ḋá ṁíle fear eile do ċur leis an oċt míle sin. Ní dóiċ leis go ḃfuilimíd laeṫ [ 159 ]láidir ár ndóṫin. Tá sgannraḋ Ġleanna Ṁáma fós air,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Ní h-aon iongnaḋ go mbéaḋ,” arsa Sitric. “Ḋein Clann Ċais obair uaṫḃásaċ an lá san.”

“Bainfear móráil an lae sin díoḃ nuair a ṫiocfaiḋ an lá atá 'n-a gcóir againn,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Bainfear,” arsa Sitric. “Aċ is fearr feuċaint róṁainn agus sinn féin d' ollaṁuġaḋ i gceart. Cad é an neart eile, nó na nirt eile, atá ollaṁ, nó ag ollaṁuġaḋ, i n-éaġmuis nirt ríġ Loċlan agus ár neart féin i n-Éirinn anso?”

“Tá neart d'á ollaṁuġaḋ ar oileán Ṁanain,” arsa Aṁlaoiḃ, “agus ní neart suaraċ é. Tá ċúig céad déag fear ann, ollaṁ aon lá a glaoḋfar orṫa. Ní'l oileán des na h-oileánaiḃ atá lastiar d' Albain gan míle nó cúpla míle fear ollaṁ ann. Is dóiċ liom go ḃfuil trí ṁíle fear ollaṁ ar oileán Sgaṫaiġ.”

“Tá san maiṫ go leór, a ríġ, aċ an ḃfuil aon eólus cruinn agat ar an ollṁúċán atá ag Brian 'á ḋéanaṁ?” arsa Sitric.

“Ambriaṫar go ḃfuil,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní'l aon ṁíogarnaċ ar Ḃrian. Tá sé 'ġá ollaṁuġaḋ féin ċóṁ tréan agus d'ḟéadfaḋ sé ḃeiṫ 'ġá ollaṁuġaḋ féin dá mbéaḋ fios ár n-aigne aige ċóṁ cruinn agus 'tá againn féin. Dá mbéaḋ sé deiċ mbliana níos óige 'ná mar atá sé ḃéaḋ sé fuar againn ḃeiṫ ag braṫ ar aon láṁ uaċtair a ḋ'ḟáġail air. Aċ tá sé ana aosta. Ní fios cad é an neómat a ṡínfiḋ sé a ċosa. Ansan má ḃímíd ollaṁ beiḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn.”

“Ṁeasas,” arsa Sitric, “go raiḃ congnaṁ aige le fáġail ċun iad a ṡíneaḋ.”

“Is deacair an congnaṁ a ṫaḃairt dó, tá an faire ċóṁ dlúṫ san,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí [ 160 ]Ċealla sa n-áit i gcóṁnuiġe agus ní féidir aon níḋ a ḋéanaṁ a gan ḟios di.”

“Airiġim a lán daoine ag teaċt ṫáirsi sin 'ġá ráḋ gur cailín ana ḃreaġ í. Cad é an saġas í?”

“Droċ ṡaġas,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá sí daṫaṁail, deaḃraiġṫeaċ, áluinn go maiṫ. Déarfainn gur b' í an ḃean is áilne i n-Éirinn í, lasmuiċ de'n Árdrígain. Aċ tá sí go h-olc.”

“Ní h-é sin adeirtear,” arsa Sitric. “Isé rud atá i mbéalaiḃ daoine 'n-a taoḃ 'ná go ḃfuil áilneaċt a pearsan ṫar na beartaiḃ agus gur ḃuaiḋ uaisleaċt a h-aigne agus a méinne ar áilneaċt a pearsan.”

“Ná creid focal dé,” arsa Aṁlaoiḃ. “Creid a ṁalairt. An ċéad uair riaṁ a ċonac í do ċonac go raiḃ sí go h-olc. Droċ ṡaġas iseaḋ í. Deirim leat é.”

“Cad é an saġas a driṫáir?” arsa Sitric. “Deir gaċ aoinne go raiḃ ana ċion aige féin agus ag Aṁlaoiḃ ar a ċéile; an t-Aṁlaoiḃ úd a cailleaḋ nó d'imṫiġ amú. Deirtear go raiḃ sé ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol i ndiaiġ Aṁlaoiḃ.”

“Ó, cúis ġáire ċúgainn! An fear boċt. Ní'l ann aċ leaṫ-amadán,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḃíoḋ ana spórt agam air uaireanta. Ní leiginn m' aigne ċuige, áṁṫaċ. Ḃíomair ṫuas i gCeann Cora lá agus ḃí cleasaiḋeaċt ar siúḃal ann. Ḃain sé an cos de ṁarcaċ bréige ann le buille ṫuaiġ. Do leigeas féin orm nár ḟéadas an cleas a ḋéanaṁ. ‘Níor ṫugais a ċeart féin do'n ḟaoḃar,’ ar seisean liom. Amadán iseaḋ é, a ríġ. Ní miste fear láidir a ṫaḃairt ar Ṁurċaḋ, áṁṫaċ. Ní dóiċ liom gur ḃuail riaṁ fós umam fear ċóṁ láidir le Murċaḋ. Deirtear gur treise d'ḟear é 'ná a aṫair an lá is fearr a ḃí a aṫair. Is iongantaċ an fear é. Ní ḟéadfá do ṡúile ṫógaint dé dá ḃfeicfeá ag déanaṁ na lúṫċleas é. Ní'l aon teóra leis an neart atá suiḋte ins gaċ ball d'á ḃallaiḃ.” [ 161 ]“Tá súil agam ná buailfead uime sa ċaṫ so atá le teaċt lá éigin,” arsa Sitric. “Aċ feuċ, a Aṁlaoiḃ. Tá an sgéal go h-olc agat-sa.”

“Conus san airiú!”

“Caiṫfear an ceann a ḃaint díot.”

“Ó, tuigim,” arsa Aṁlaoiḃ. “Agus tá do ḃriaṫar ríġ taḃarṫa agat-sa do Ṁurċaḋ agus do Ḃriain go ndéanfair do ḋíċeal ċun an cinn a ḃaint díom. Náċ símplíḋe na daoine iad! Aċ ar ndó, táim féin ċóṁ símplíḋe le h-aoinne acu. Dá mb'áil liom-sa an ceann a ḃaint d' ḟear na gcos nuair a ḃí greim agam air ní ḃéaḋ an ceann le baint díom féin anois, agus ní ḃéaḋ do ḃriaṫar ríġ taḃarṫa uait agat-sa ċuige. Aċ sin mar imṫíġean i gcóṁnuiġe ar an nduine ná bainean an ceann d'á naṁaid nuair a ġeiḃean sé an lom air. Ġeóḃaiḋ an naṁaid sin lom air féin agus bainfiḋ sé an ceann dé.”

“An neósfair do'n ríġ gur ṫáinig M'lṡeaċlainn agus Murċaḋ anseo?” arsa Sitric.

“Imṫeóċaḋ soir láiṫreaċ agus neósfad an uile ḟocal dé ḋó, agus neósfad dó go dtáinig fear na gcos anso i n-aonḟeaċt leó, agus ná tiocfaḋ d'á mb'áil leis an ríġ leigint dóṁ-sa an ceann a ḃaint dé i n-inead an ṗúicín a ċur air,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċuirfinn-se púicín air a ċuirfeaḋ deire le n-a ċuid spiaireaċta. Aċ ní h-aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint anois air mar sgéal. An ceannaiġe! An peidléir! Is deas an obair ḃeiṫ ag taḃairt ceart ceannaiġeaċta d'á leiṫéid sin! Ceart spiaireaċta atá tugaiṫe ḋó!”

“Agus go mór mór ó's duine tusa ná déanfaḋ spiaireaċt i n-aon ċor! Ba lag leat a leiṫéid a ḋéanaṁ!” arsa Sitric.

“Cuir uait an magaḋ, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ní cúrsaí magaiḋ é. Déanfaiḋ Donn mac Beaṫaċ díoḃáil fós dúinn. [ 162 ]agus ní ḋéanfaḋ dá ndeintí rud orm-sa nuair a ḃí greim againn air. Aċ é ċur anall aḃaile 'n-a ṡaoġal agus 'n-a ṡláinte! Ní féidir liom foiḋneaṁ leis mar sgéal nuair a ċuiṁniġim air!”

Do sgar an ḃeirt. D'imṫiġ Aṁlaoiḃ anonn go ríġṫeiġlaċ ríġ Loċlan agus d'inis sé ḋó gaċ níḋ i dtaoḃ teaċt Ṁurċaḋ agus Ṁ'lseaċlainn go h-Áṫ Cliaṫ, fé mar a dúḃairt sé go neósfaḋ sé.

“Tá go maiṫ,” arsa'n ríġ. “Is fearr go mór an sgéal a ḃeiṫ mar atá sé 'ná é ḃeiṫ mar a ḃéaḋ sé dá gcurtí an fear úd ċun báis. Dá gcurtí ċun báis é ní ḃéaḋ Loċlanaċ beó i n-Éirinn um an dtaca so aċ an méid acu do cuirfeaḋ iad féin go daingean fé smaċt Ḃriain. Ní ḟéadfaimís-ne cosg do ċur le n-ár ndaoine féin anso. Do caiṫfí iad do ġleusaḋ agus do ċur ar loingeas agus iad do breiṫ go h-Éirinn ċun díoltais a ḋéanaṁ ar Ḃrian agus ar Ġaeḋlaiḃ Éirean mar ġeall ar ṁarḃuġaḋ a gcine. Ní ḃéaḋ aċ diṫineas agus droċ ollaṁuġaḋ sa n-obair. Ní raġaḋ ár neart go h-Éirinn i n-aonḟeaċt. 'N-a mbuiḋniḃ fé leiṫ iseaḋ do ṡroisfidís Éire. Ansan do ṁarḃóċ' Brian iad 'n-a mbuiḋniḃ fé leiṫ. Is fearr go mór an sgéal a ḃeiṫ mar atá sé. Beiḋ uain againn ar ṫuille nirt do ċur le ċéile. Agus feuċ, a Aṁlaoiḃ, a ṁic ó,” ar seisean, “beiḋ uain ag Brian ar ḃás a ḋ' ḟáġail, — má tá aon aiḋm aige ar ḃás a ḋ' ḟáġail i n-aon ċor!”

D'ḟan an sgéal mar sin agus do ġluais an t-ollṁúċán ar aġaiḋ, ins gaċ aon ṗáirt de ċríċ Loċlan agus ins gaċ aon ṗáirt d'oileán na h-Éirean, go mór mór ins na h-áiteanaiḃ a ḃí dílis do Ḃrian.