Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/166

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
162
NIAṀ

agus ní ḋéanfaḋ dá ndeintí rud orm-sa nuair a ḃí greim againn air. Aċ é ċur anall aḃaile 'n-a ṡaoġal agus 'n-a ṡláinte! Ní féidir liom foiḋneaṁ leis mar sgéal nuair a ċuiṁniġim air!”

Do sgar an ḃeirt. D'imṫiġ Aṁlaoiḃ anonn go ríġṫeiġlaċ ríġ Loċlan agus d'inis sé ḋó gaċ níḋ i dtaoḃ teaċt Ṁurċaḋ agus Ṁ'lseaċlainn go h-Áṫ Cliaṫ, fé mar a dúḃairt sé go neósfaḋ sé.

“Tá go maiṫ,” arsa'n ríġ. “Is fearr go mór an sgéal a ḃeiṫ mar atá sé 'ná é ḃeiṫ mar a ḃéaḋ sé dá gcurtí an fear úd ċun báis. Dá gcurtí ċun báis é ní ḃéaḋ Loċlanaċ beó i n-Éirinn um an dtaca so aċ an méid acu do cuirfeaḋ iad féin go daingean fé smaċt Ḃriain. Ní ḟéadfaimís-ne cosg do ċur le n-ár ndaoine féin anso. Do caiṫfí iad do ġleusaḋ agus do ċur ar loingeas agus iad do breiṫ go h-Éirinn ċun díoltais a ḋéanaṁ ar Ḃrian agus ar Ġaeḋlaiḃ Éirean mar ġeall ar ṁarḃuġaḋ a gcine. Ní ḃéaḋ aċ diṫineas agus droċ ollaṁuġaḋ sa n-obair. Ní raġaḋ ár neart go h-Éirinn i n-aonḟeaċt. 'N-a mbuiḋniḃ fé leiṫ iseaḋ do ṡroisfidís Éire. Ansan do ṁarḃóċ' Brian iad 'n-a mbuiḋniḃ fé leiṫ. Is fearr go mór an sgéal a ḃeiṫ mar atá sé. Beiḋ uain againn ar ṫuille nirt do ċur le ċéile. Agus feuċ, a Aṁlaoiḃ, a ṁic ó,” ar seisean, “beiḋ uain ag Brian ar ḃás a ḋ' ḟáġail, — má tá aon aiḋm aige ar ḃás a ḋ' ḟáġail i n-aon ċor!”

D'ḟan an sgéal mar sin agus do ġluais an t-ollṁúċán ar aġaiḋ, ins gaċ aon ṗáirt de ċríċ Loċlan agus ins gaċ aon ṗáirt d'oileán na h-Éirean, go mór mór ins na h-áiteanaiḃ a ḃí dílis do Ḃrian.