Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/167

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
163
NIAṀ

CAIBIDIOL IX.

MARḂUĠAḊ LE SOILḂREAS.

An ṡaid a ḃí an t-ollinúċáan r siúḃal mór-ṫímpal na n-Éiaean ḃí aġaiḋ na h-Éirean ar Ċeann Cora. Ní raiḃ lá gan priúnsa éigin, nó buiḋean éigin, d'uaisliḃ nó de ṁaiṫiḃ móra, ó ċeanntar éigin de'n tír, ag teaċt go ríġṫeiġlaċ Ḃriain, a d'iaraiḋ cóṁairle, nó ag socaruġaḋ cúise, nó 'ġá ḟiafraiġe an 'ṁó fear a ḃéaḋ orṫa do ċur le ċéile i gcóir an ċogaiḋ a ṫuig gaċ aoinne a ḃí ag teaċt. Deiridís go léir nuair a ḃídís ag imṫeaċt, ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn ríġ ċóṁ mór gradam le Briain; ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn ríġṫeiġlaċ ċóṁ greanta le ríġṫeiġlaċ Ḃriain; ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir ċóṁ h-uasal, ċóṁ cróḋa, ċóṁ tréan i gcaṫ le Clainn Ċais.

Ansan deiridís go léir, d'á áilneaċt agus d'á nósṁair- eaċt agus d'á uaisleaċt ar gaċ aon tsaġas cuma, an ríġṫeiġlaċ agus a raiḃ ann, gur ċuir an Ḃanríġin agus Niaṁ, ar an ngradam agus ar an uaisleaċt agus ar an saiḋḃreas agus ar an ḃflúirse agus ar an rabairne, maise ná béaḋ orṫa i n-aon ċor mura mbéaḋ an ḃeirt sin a ḃeiṫ sa n-áit.

Gan aṁras dob' áluinn an ḃeirt iad; agus ní aiṫneóċ' aoinne do ṫiocfaḋ ann mar sin ar ċuaird ná go raiḃ caradas idir an mbeirt. Is ar éigin ba ḋóiċ le duine a ṫuigeaḋ Niaṁ féin uaireanta go raiḃ aon níḋ eatarṫa aċ caradas, ḃíoḋ Gormḟlaiṫ ċóṁ caoin ċóṁ cneasda ċóṁ gráḋṁar san léi. Ḃíoḋ an t-Aifrean gaċ aon ṁaidion, ag Maolṡuaṫain, i n-eaglais an ríġṫeiġlaiġ, agus ḃíoḋ Gormḟlaiṫ agus Niaṁ ag an Aifrean coitċianta. Do ċítí go minic i gcaiṫeaṁ an lae an ḃeirt i ḃfoċair a ċéile, ag caint agus ag cóṁráḋ go soilḃir agus go suairc agus go