Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/168

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
164
NIAṀ

sultṁar, i dtreó ná bíoḋ aon ṗioc d’ á ċuiṁneaṁ ag aoinne ná raiḃ fios bunús an sgéil aige, go raiḃ aon níḋ idir an mbeirt aċ caradas fírinneaċ. Ní raiḃ fios bunús an sgéil ag Maolṡuaṫain. Do tuigeaḋ gur ḃ'ḟearr an sgéal a ċoimeád uaiḋ i dtreó ná taisbeánfaḋ sé aon sgáṫaṁlaċt 'n-a ċaint ná 'n-a ċuideaċtanas leis an Árdríġ ná leis an Árdrígain. Aċ ḃíoḋ iongnaḋ ṁór air nuair a ṫagaḋ Niaṁ ċuige ċóṁ minic roimis an Aifrean, ar maidin, agus nuair a ḋ'iaraḋ sí ċóṁ dian ċóṁ dlúṫ air a guiḋe do ċur suas ċun Dé sa Naoṁ Íḋbirt.

Ḃí an aimsir ag gluaiseaċt ar an gcuma san. Cóṁaċt Ḃriain ag neartuġaḋ ins gaċ aon ḃall istiġ i n-oileán na h-Éirean, agus cóṁaċt Loċlan ag neartuġaḋ ins gaċ aon ḃall lasmuiċ d'oileán na h-Éirean. Na buiḋeana ins na daingeanaiḃ ag déanaṁ taiṫíġe des na h-armaiḃ agus ag leanṁaint ar an dtaiṫíġe ċóṁ díċealaċ agus ba ċeart d'ḟearaiḃ ná feidir cad é an neómat a ċaiṫfidís na h-airm sin do láiṁsiáil i gcoíṁsgar maċaire ċun iad féin a ċosaint ar naṁdaiḃ fíoċṁara fuilteaċa, mar a ḋein cuid acu go minic ċeana. Na ríġṫe agus na h-uaisle ar fuid na tíre ag cur a mbuiḋeana féin le ċéile, 'ġá múineaḋ agus 'ġá ngleusaḋ agus ag méaduġaḋ a neart, ag toġaḋ na ḃfear ab ḟearr agus ag cur na n-iarṁarán i leiṫ taoiḃ. An gaḃa, Meargaċ, ag obair go dian, na ceardaiġṫe dob' ḟearr le fáġail aige na teinte ar lasaḋ agus na builg ag séideaḋ aige, do ló agus d'oíḋċe, agus gan ar a ċumas na h-airm a ḋéanaṁ ċóṁ tiuġ agus ḃí glaoḋaċ agus ceannaċ orṫa, ḃí a leiṫéid sin d'airc ar gaċ aon rud i ḃfuirm fir ċun arm a ḃeiṫ n-a láiṁ aige. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla i gCeann Cora, aċ má ḃí, ḃí Taḋg Óg ṫiar sa ḃaile, agus ní baoġal ná gur ġleus sé neart Uíḃ Máine ċóṁ maiṫ díreaċ agus ḋéanfaḋ Taḋg Mór féin dá mbéaḋ sé ṫiar.