Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/169

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
165
NIAṀ

Is aṁlaiḋ a ḃí faire agus formad agus iomarḃáiġ idir na ríġṫiḃ agus idir na cineaċaiḃ, feuċaint cé b' ḟearr a ḋéanfaḋ an t-ollṁúċán, agus cé r' ḃ' iad an ḃuiḋean dob' ḟearr a ḃéaḋ gleusta agus ba ṁó do ṫaisbeánfaḋ neart nuair a ṫiocfaḋ an ġlaoḋ.

Ḃí an feall a ṫuig sé a ḃí déanta ag Aṁlaoiḃ air ag déanaṁ ana ḃuarṫa do Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an ḃfeall san do ċoruiġeaḋ a ċuid fola agus ṫagaḋ allus teiṫ tré n-a ċroicean amaċ le náire. Ṫuig sé i n' aigne mura mbéaḋ an caradas a ṫaisbeáin sé féin do'n ropaire fill, go mb' ḟéidir ná béaḋ oiread iontaoiḃ ag Colla as agus do ḃí. Ṫuig sé ansan go mb' ḟéidir gur ċeart dó dul óḋeas ċun an mainistreaċ agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla, sgéal Ċaoilte a ḋ'innsint dó. Go mb’ ḟéidir go dtiocfaḋ droċ aṁras ag Colla ar ḋuine éigin eile, díreaċ fé mar a ṫáinig an droċ aṁras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac Duiḃ. Nuair a ċuiṁniġ sé ar an méid sin ba ḋóbair dó preabaḋ óḋeas láiṫreaċ. Aċ ansan do ċuiṁniġ sé ar Niaṁ agus ar Ṁurċaḋ, agus dúḃairt sé leis féin gur ḃ'ḟearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora agus laḃairt le Niaṁ. Siúd soir é. Ní ḟéadfaḋ sé fanṁaint socair. Ní ḟéadfaḋ sé an oíḋċe ċodlaḋ. Ní ḟéadaḋ sé aon tsuaiṁneas ḟáġail ó n' aigne aċ an ḟaid a ḃíoḋ gnó éigin idir láṁaiḃ aige, gnó éigin a ċoisgfeaḋ é ar ḃeiṫ ag maċtnaṁ. Nuair a ḃíoḋ sé ag siúḃal ní ḟéadaḋ sé gan ḃeiṫ ag géaruġaḋ sa ċuisiḋeaċt go dtí ná féadfaḋ aoinne coimeád suas leis.

Ṫáinig sé go Ceann Cora. Nuair a ḃí sé ag teaċt i gcóṁngar an ríġṫeiġlaiġ agus é ag siúḃal go géar, ċonaic sé an ḃeirt ḃan ag siúḃal roimis amaċ agus é ag teaċt suas leó. Ḃí sé ag siúḃal géar agus ḃíodar-san ag siúḃal go breaġ réiḋ. Ḃí caint éigin ar siúḃal acu a ḃí 'ġá gcur