Niamh/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Marbhughadh le Soilbhreas
[ 163 ]

CAIBIDIOL IX.

MARḂUĠAḊ LE SOILḂREAS.

An ṡaid a ḃí an t-ollinúċáan r siúḃal mór-ṫímpal na n-Éiaean ḃí aġaiḋ na h-Éirean ar Ċeann Cora. Ní raiḃ lá gan priúnsa éigin, nó buiḋean éigin, d'uaisliḃ nó de ṁaiṫiḃ móra, ó ċeanntar éigin de'n tír, ag teaċt go ríġṫeiġlaċ Ḃriain, a d'iaraiḋ cóṁairle, nó ag socaruġaḋ cúise, nó 'ġá ḟiafraiġe an 'ṁó fear a ḃéaḋ orṫa do ċur le ċéile i gcóir an ċogaiḋ a ṫuig gaċ aoinne a ḃí ag teaċt. Deiridís go léir nuair a ḃídís ag imṫeaċt, ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn ríġ ċóṁ mór gradam le Briain; ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn ríġṫeiġlaċ ċóṁ greanta le ríġṫeiġlaċ Ḃriain; ná raiḃ riaṁ i n-Éirinn, ná i n-aon tír eile, fir ċóṁ h-uasal, ċóṁ cróḋa, ċóṁ tréan i gcaṫ le Clainn Ċais.

Ansan deiridís go léir, d'á áilneaċt agus d'á nósṁair- eaċt agus d'á uaisleaċt ar gaċ aon tsaġas cuma, an ríġṫeiġlaċ agus a raiḃ ann, gur ċuir an Ḃanríġin agus Niaṁ, ar an ngradam agus ar an uaisleaċt agus ar an saiḋḃreas agus ar an ḃflúirse agus ar an rabairne, maise ná béaḋ orṫa i n-aon ċor mura mbéaḋ an ḃeirt sin a ḃeiṫ sa n-áit.

Gan aṁras dob' áluinn an ḃeirt iad; agus ní aiṫneóċ' aoinne do ṫiocfaḋ ann mar sin ar ċuaird ná go raiḃ caradas idir an mbeirt. Is ar éigin ba ḋóiċ le duine a ṫuigeaḋ Niaṁ féin uaireanta go raiḃ aon níḋ eatarṫa aċ caradas, ḃíoḋ Gormḟlaiṫ ċóṁ caoin ċóṁ cneasda ċóṁ gráḋṁar san léi. Ḃíoḋ an t-Aifrean gaċ aon ṁaidion, ag Maolṡuaṫain, i n-eaglais an ríġṫeiġlaiġ, agus ḃíoḋ Gormḟlaiṫ agus Niaṁ ag an Aifrean coitċianta. Do ċítí go minic i gcaiṫeaṁ an lae an ḃeirt i ḃfoċair a ċéile, ag caint agus ag cóṁráḋ go soilḃir agus go suairc agus go [ 164 ]sultṁar, i dtreó ná bíoḋ aon ṗioc d’ á ċuiṁneaṁ ag aoinne ná raiḃ fios bunús an sgéil aige, go raiḃ aon níḋ idir an mbeirt aċ caradas fírinneaċ. Ní raiḃ fios bunús an sgéil ag Maolṡuaṫain. Do tuigeaḋ gur ḃ'ḟearr an sgéal a ċoimeád uaiḋ i dtreó ná taisbeánfaḋ sé aon sgáṫaṁlaċt 'n-a ċaint ná 'n-a ċuideaċtanas leis an Árdríġ ná leis an Árdrígain. Aċ ḃíoḋ iongnaḋ ṁór air nuair a ṫagaḋ Niaṁ ċuige ċóṁ minic roimis an Aifrean, ar maidin, agus nuair a ḋ'iaraḋ sí ċóṁ dian ċóṁ dlúṫ air a guiḋe do ċur suas ċun Dé sa Naoṁ Íḋbirt.

Ḃí an aimsir ag gluaiseaċt ar an gcuma san. Cóṁaċt Ḃriain ag neartuġaḋ ins gaċ aon ḃall istiġ i n-oileán na h-Éirean, agus cóṁaċt Loċlan ag neartuġaḋ ins gaċ aon ḃall lasmuiċ d'oileán na h-Éirean. Na buiḋeana ins na daingeanaiḃ ag déanaṁ taiṫíġe des na h-armaiḃ agus ag leanṁaint ar an dtaiṫíġe ċóṁ díċealaċ agus ba ċeart d'ḟearaiḃ ná feidir cad é an neómat a ċaiṫfidís na h-airm sin do láiṁsiáil i gcoíṁsgar maċaire ċun iad féin a ċosaint ar naṁdaiḃ fíoċṁara fuilteaċa, mar a ḋein cuid acu go minic ċeana. Na ríġṫe agus na h-uaisle ar fuid na tíre ag cur a mbuiḋeana féin le ċéile, 'ġá múineaḋ agus 'ġá ngleusaḋ agus ag méaduġaḋ a neart, ag toġaḋ na ḃfear ab ḟearr agus ag cur na n-iarṁarán i leiṫ taoiḃ. An gaḃa, Meargaċ, ag obair go dian, na ceardaiġṫe dob' ḟearr le fáġail aige na teinte ar lasaḋ agus na builg ag séideaḋ aige, do ló agus d'oíḋċe, agus gan ar a ċumas na h-airm a ḋéanaṁ ċóṁ tiuġ agus ḃí glaoḋaċ agus ceannaċ orṫa, ḃí a leiṫéid sin d'airc ar gaċ aon rud i ḃfuirm fir ċun arm a ḃeiṫ n-a láiṁ aige. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla i gCeann Cora, aċ má ḃí, ḃí Taḋg Óg ṫiar sa ḃaile, agus ní baoġal ná gur ġleus sé neart Uíḃ Máine ċóṁ maiṫ díreaċ agus ḋéanfaḋ Taḋg Mór féin dá mbéaḋ sé ṫiar. [ 165 ]Is aṁlaiḋ a ḃí faire agus formad agus iomarḃáiġ idir na ríġṫiḃ agus idir na cineaċaiḃ, feuċaint cé b' ḟearr a ḋéanfaḋ an t-ollṁúċán, agus cé r' ḃ' iad an ḃuiḋean dob' ḟearr a ḃéaḋ gleusta agus ba ṁó do ṫaisbeánfaḋ neart nuair a ṫiocfaḋ an ġlaoḋ.

Ḃí an feall a ṫuig sé a ḃí déanta ag Aṁlaoiḃ air ag déanaṁ ana ḃuarṫa do Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an ḃfeall san do ċoruiġeaḋ a ċuid fola agus ṫagaḋ allus teiṫ tré n-a ċroicean amaċ le náire. Ṫuig sé i n' aigne mura mbéaḋ an caradas a ṫaisbeáin sé féin do'n ropaire fill, go mb' ḟéidir ná béaḋ oiread iontaoiḃ ag Colla as agus do ḃí. Ṫuig sé ansan go mb' ḟéidir gur ċeart dó dul óḋeas ċun an mainistreaċ agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla, sgéal Ċaoilte a ḋ'innsint dó. Go mb’ ḟéidir go dtiocfaḋ droċ aṁras ag Colla ar ḋuine éigin eile, díreaċ fé mar a ṫáinig an droċ aṁras ag an Legáid ar an sagart óg, ar Art mac Duiḃ. Nuair a ċuiṁniġ sé ar an méid sin ba ḋóbair dó preabaḋ óḋeas láiṫreaċ. Aċ ansan do ċuiṁniġ sé ar Niaṁ agus ar Ṁurċaḋ, agus dúḃairt sé leis féin gur ḃ'ḟearr dul soir ar dtúis go Ceann Cora agus laḃairt le Niaṁ. Siúd soir é. Ní ḟéadfaḋ sé fanṁaint socair. Ní ḟéadfaḋ sé an oíḋċe ċodlaḋ. Ní ḟéadaḋ sé aon tsuaiṁneas ḟáġail ó n' aigne aċ an ḟaid a ḃíoḋ gnó éigin idir láṁaiḃ aige, gnó éigin a ċoisgfeaḋ é ar ḃeiṫ ag maċtnaṁ. Nuair a ḃíoḋ sé ag siúḃal ní ḟéadaḋ sé gan ḃeiṫ ag géaruġaḋ sa ċuisiḋeaċt go dtí ná féadfaḋ aoinne coimeád suas leis.

Ṫáinig sé go Ceann Cora. Nuair a ḃí sé ag teaċt i gcóṁngar an ríġṫeiġlaiġ agus é ag siúḃal go géar, ċonaic sé an ḃeirt ḃan ag siúḃal roimis amaċ agus é ag teaċt suas leó. Ḃí sé ag siúḃal géar agus ḃíodar-san ag siúḃal go breaġ réiḋ. Ḃí caint éigin ar siúḃal acu a ḃí 'ġá gcur [ 166 ]ag gáirí go h-iongantaċ. Níor ṁoṫuiġdar ag teaċt é go dtí go raiḃ sé náċ mór buailte leó. D'iompuiġdar agus ṫugadar aġáiḋ air. Do stad é 'n-a ċoilg-ḟeasaṁ ar lár an ḃóṫair. Gormḟlaiṫ agus Niaṁ isiad a ḃí ann.

“Ó! Míle fáilte róṁat, a ríġ!” arsa Gorṁḟlaiṫ go soilḃir. “Is fada na feacamair ṫu,” ar sisé, agus ṡín sí a láṁ ċuige agus gáire 'n-a snua.

Do rug sé ar an láiṁ, aċ dá ḃfaġaḋ sé Éire air ní ḟéadfaḋ sé focal do laḃairt.

“Is dóċa,” ars sise, “ná fuairis aon tuairisg fós ar Aṁlaoiḃ. Cuirean sé uaigneas orm, a Niaṁ,” ar sise le Niaṁ, “Taḋg a ḋ'ḟeisgint agus gan Aṁlaoiḃ a ḋ'ḟeisgint le n-a ċois. Ḃí ana ċion agam ar Aṁlaoiḃ. Ní ḟeadar an doṁan cad d'imṫiġ air. Ba ṁór an truaġ aon droċ níḋ a ḋ'imṫeaċt air.”

Ċomáin sí léi mar sin ag caint. Níor laḃair Taḋg. Ní ḟéadfaḋ sé laḃairt. Ḃí sé mar a sáḋfaí le sgiain é. Níor laḃair Niaṁ aċ ċóṁ beag. Pé rud a ḃí 'ġá cur ag gáirí sar a dtáinig Taḋg suas, níor ḟan aon ċuiṁne aici air agus níor ḟan aon ġáire aici.

“Is dóiċ liom,” arsa Gormḟlaiṫ, “go ḃfuil rud éigin ag déanaṁ buarṫa do d' ḋriṫáir, a Niaṁ, agus gur maiṫ leis ḃeiṫ ag caint leat at' aonar. Fanaiġ ansan ag siúḃal daoiḃ féin go dtí go mbeiḋ ḃúr gcaint déanta agaiḃ, agus raġad-sa isteaċ. Aċ ná coimeád aḃfad uaim í, a Ṫaiḋg,” ar sise. “Tá cleas ar obair ṡnáṫaide aici 'á ṁúineaḋ ḋom agus ní ḃeiḋ mé sásta go dtí go mbeiḋ an cleas agam.”

D'imṫiġ sí uaṫa. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt go dtí go raiḃ sí as a raḋarc. Ansan do laḃair Niaṁ.

“Airiú, a Ṫaiḋg, a ṁaoinaċ,” ar sise, “cad tá ort!”

“Ní'l blúire ar doṁan orm,” ar seisean, “aċ do ḃain an ḃean san a leiṫéid de ṗreib asam! Níor ḟan léas meaḃraċ agam nuair a ċonac an ḃeirt agaiḃ i ḃfoċair a [ 167 ]ċéile ar an gcuma san. Náċ uaṫḃásaċ an ara í! Cad é mar ḟéadan sí caint agus sult agus gáirí ḋéanaṁ, gur ḋóiċ le duine ná fuil cor ná lúb 'n-a croíḋe aċ oiread leis an leanḃ! Do ḃuaiḋ sí ar a ḃfeaca riaṁ!”

“Ní feadaraís a leaṫ, a Ṫaiḋg. Ní ḟeadaraís a leaṫ,” arsa Niaṁ. “Mura mbéaḋ m' aṫair a ḃeiṫ anso am' aice agam ċomáinfeaḋ sí as mo ṁeaḃair mé. Ní ḟeadar an tsaoġal cad a ḋall Brian agus í ṫaḃairt leis riaṁ! B'ḟearr liom go mbeinn féin agus m' aṫair ṫiar sa ḃaile agus go ḃféadfaimís fanṁaint ann.” Ansan do ċrom sí ar ġol, agus ḃí sí ag gol ar feaḋ tamail ṁaiṫ.

Níor laḃair Taḋg go dtí go raiḃ an greas san guil curṫa ḋi aici. Nuair a ḃí sé curṫa ḋi aici: “Seaḋ!” ar 'sise “Is mór an t-éadtromuġaḋ ar mo ċroíḋe an méid sin.”

“A Niaṁ, a laoġ,” arsa Taḋg, “ní ḋéanfaiḋ so an gnó go deó. Caiṫfear aṫaruġaḋ ḋéanaṁ ar an obair seo. Ní fágfar anso ṫusa níos sia. Tá cion agam ar Ḃrian. Tá cion againn go léir air. Aċ is measa liom-sa ṫusa 'ná é, agus 'ná a ḃfuil beó d'á mbainean leis. Má ṫug sé leis í, agus má ḋein sé dearṁad nuair a ṫug sé leis í, ní h-alaiḋ ḋúinn tusa ḃeiṫ ṫíos leis an ndearṁad san. Caiṫfiḋ Murċaḋ duine éigin eile do ċur ag faire ar Ġormḟlaiṫ. Bean éigin d'á saġas féin be ċeart do ċur ag faire uirṫi. Is maiṫ liom mar a ṫánag. Ní raiḃ aon ċoinne agam go raḃais i n-a leiṫéid de ċás aici. An ḃfuil ḟios agat cad 'tá ceapaiṫe aici? Tá sí ceapaiṫe ar do ċroíḋe a ḃriseaḋ istiġ ad' ċliaḃ le corp soilḃris agus síḃialtaċta! Isé a nádúr féin fuaṫ fíoċṁar a ḃeiṫ aici lastiġ de'n tsoilḃreas agus de'n ġealġáire. Is aṁlaiḋ a réiḋtiġean san le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá ḟios aici go h-áluinn náċ mar sin duit-se, ná réiḋtiġean a leiṫéid le d' ġoile ná le d' ṡláinte. Tá ḟios aici go gcuirfiḋ an obair sin sa ċré ṫú aċ leanṁaint air. Anois, ag feuċaint dom ort, ċím go [ 168 ]ḃfuilir ag dul as. Caiṫfear duine éigin a ḋ'ḟáġail a ḃeiḋ maiṫ a dóṫin di sa ċleas so atá ar siúḃal aici.”

“Is dóiċ liom, a Ṫaiḋg,” arsa Niaṁ, “go ḃfuil an ceart agat, nó pé 'n-Éirinn é, go ḃfuil cuid de’n ċeart agat. Tá sí, is dóiċ liom, ceapaiṫe ar mo ṡláinte ḃriseaḋ, nó murab é sin é, ar mé ḋíbirt as so. Is dóiċ liom gur cuma léi aċ go mbéaḋ sí sgarṫa liom beó nó marḃ. Má imṫíġim anois beiḋ áṫas uirṫi agus déarfaiḋ sí léi féin go ḃfuil eiriġṫe go maiṫ léi sa ċluiċe a ṡocaruiġ sí ar a ḋ'imirt. Ní maiṫ liom an méid sin a ṫaḃairt mar ṡásaṁ di agus gan cúrsaí an Árdríġ do ḃac i n-aon ċor.”

“Ní h-aon ċomparáid i n-aon ċor tusa agus í féin, a Niaṁ. Ní h-aon ċreideaṁaint duit-se an láṁ uaċtair a ḋ'ḟáġail uirṫi ins na beartaiḃ atá curṫa roimpi aici. Téanam agus laḃraimís le m' aṫair. Agus feuċ airiú! Ba ḋóbair dom an gnó a ṫug mé do ḋearṁad. Táim 'ġá ċuiṁneaṁ, a Niaṁ, gur ceart dom dul síos go h-Inis Caṫaiġ agus a ḋ'innsint do Ċolla gur b' é Aṁlaoiḃ a ġuid an ċailís.”

“Agus ar neóin, a Ṫaiḋg,” arsa Niaṁ, ag cur smuta gáire aisti, “ní'l aon deiṁne ceart fós agat air gur b' é an t-Aṁlaoiḃ a ḃí ṫíos i n-Inis Caṫaiġ do ġuid an ċailís.”

“Tá deiṁne mo ḋóṫin agam air,” ar seisean. “Náċ tapaiḋ a ṫáinig an dúil sa Ċreideaṁ aige! Ḃí rud éigin 'ġá ċur n-a luiġe orm i gcaiṫeaṁ na h-aimsire an ḟaid a ḃí sé 'ġá ollṁuġaḋ féin ċun an Creidiṁ a ġlacaḋ ná raiḃ aon ġus sa n-ollṁuċán. Ḃí eagal orm dá ngéillinn do'n smaoineaṁ san go mbéinn ag déanaṁ éagcóra ar an mbuaċail, ḃí sé ċóṁ símplíḋe, ċóṁ leanabaíḋe sin, an ropaire! Ansan airís, nuair a dúḃairt sé gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart, ṫáinig an smaoineaṁ céadna ċúġam. Ċeapas nár ṁoṫuiġeas an gus ceart 'n-a ċaint ná 'n-a [ 169 ]ṁeón i dtaoḃ an ruda a ḃí aige 'á ċur roimis, dar liom. Ṫugas fé ndeara go minic folaṁas éigin ná féadainn a ṫuisgint ins na gnóṫaiḃ Creidiṁ a ḃíoḋ ar siúḃal aige. An lá a ḃí Brian agus na h-uaisle ṫíos, nuair a ṫainig an Legáid, d' airiġeas daoine ag cáineaḋ agus ag gearaḋ na Loċlanaċ os cóṁair an Loċlanaiġ óig. Ḃí eagal orm go mbéaḋ fearg air. Níor ċuir sé blúire suime 'n-a gcaint, an ropaire fill! Is áluinn a ċoimeád sé a aigne istiġ, agus mise ag déanaṁ éagcóra ar mo ḋá ṡúil agus ar mo ḃreaṫeaṁntas féin le h-eagla go ndéanfainn éagcóir air- sean. Ní'l aon ṗioc d'á ṁearḃall orm, a Niaṁ. Isé ġuid an ċailís, agus is ċun í ġuid do leig sé air gur ġlac sé an Creideaṁ, agus is ċuige do leig sé air gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Ḃí ḟios aige, ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ cuid des na mion-Órdaiḃ glacaiṫe aige, go gcuirfeaḋ Colla sa n-érdam é. Ansan ḃí gaċ aon ċaoi aige ar an gcailís a ġuid. Ḃíos ċun dul síos agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla, aċ níor ṁaiṫ liom é ḋéanaṁ gan é ċur ad' ċóṁairle-se ar dtúis. Cá ḃ' ḟios ná go mb’ ḟéidir go mbéaḋ sé ar ḋuine éigin eile ag Colla. Téanam go ḃfeicimíd m'aṫair, agus sa n-am gcéadna, bí ag cuiṁneaṁ ad' aigne ar cad is ceart dom a ḋéanaṁ.”

Ċuadar isteaċ i dtiġ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, agus fuaradar Taḋg féin rómpa istiġ.