Niamh/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Fuasgailt
[ 169 ]

CAIBIDIOL X.

FUASGAILT.

Ḃí Taḋg Mór féin rómpa istiġ agus níor ḃ' aon iongnaḋ má ġeal a ċroíḋe nuair a ċonaic sé ċuige isteaċ an ḃeirt. Ní raiḃ le feisgint i n-Éirinn an lá san rígan óg a [ 170 ]ḋ'ḟéadfaḋ seasaṁ i n-aice na h-inġíne agus iomláine a h-áilneaċta féin do ċoimeád. Pé áilneaċt a ċífí inti an ḟaid a ḃéaḋ sí 'n-a h-aonar do ṫiocfaḋ claoíḋċlóḋ ar an áilneaċt san nuair a curfaí 'n-a seasaṁ i n-aice Niaṁ í. Ḃí daoine ag tusnuġaḋ ar a ṫaḃairt fé ndeara ná bíoḋ iomláine bláṫa ar áilneaċt Ġormḟlaiṫ féin, le deiriníġe, nuair a ċítí Niaṁ 'n-a h-aice. Níor ċóir puínn iongnaḋ ḋéanaṁ dé sin, áṁṫaċ, mar is ag teaċt a ḃí áilneaċt Niaṁ agus ḃí áilneaċt Ġormḟlaiṫ ag imeaċt, nó ag tusnuġaḋ ar imṫeaċt. Agus i dtaoḃ an ṁic. Ḃí finne agus solusṁaire agus gileaċt na h-inġíne ann, agus ḃí folt óir na h-inġíne air; an t-ualaċ órḋa ar a ċeann agus anuas ar a ġuailliḃ agus ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí an tsúil ríoga ċéadna n-a ċeann, go glan agus go h-osgailte agus go neaṁ-eaglaċ. 'N-a ṫeannta san ḃí sé groíḋe cumasaċ láidir mar ba ḋual aṫar dó ḃeiṫ. Ní raiḃ an ċaoi fáġalta fós aige ar ġníoṁarṫaiḃ gaile agus gaisge ḋéanaṁ, mar a ḃí fáġalta agá aṫair, i gcaṫanaiḃ Ḃriain i n-aġaiḋ na Loċlanaċ. Aċ ḃí an ċaoi roimis, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ndéanfaḋ sé na gníoṁarṫa nuair a ṫiocfaḋ an ċaoi, agus go moṫóċ' na Loċlanaiġ meaġċaint a ḃuille.

Níor ḃ' aon iongnaḋ má ġeal croíḋe Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla nuair a ċonaic sé an ḃeirt ċuige isteaċ.

“Dé ḃeaṫa-sa, a Ṫaiḋg!” ar seisean. “Conus ḟágais gaċ aon rud agus gaċ aoinne ad' ḋiaiġ sa ḃaile?”

“Go mairir-se, a aṫair!” arsa Taḋg. “D'ḟágas gaċ aoinne agus gaċ aon rud am' ḋiaiġ go maiṫ, buiḋċas le Dia! Ḃí rud beag ag déanaṁ buarṫa ḋom agus níor ḋeineas aċ ruiṫ aniar ċun go laḃarfainn le Niaṁ mar ġeall air.”

“An 'mó fear a ḃeiḋ agat i gcóir an ċogaiḋ, a Ṫaiḋg?” arsa Taḋg Mór.

“Tá ċúig céad déag fear againn ċeana, a aṫair,” arsa [ 171 ]Taḋg Óg, “agus tá ḟios agam go mbeiḋ ċúig céad eile againn sar a' fada.”

“Tá san ró ḃeag, a ṁic ó,” arsa Taḋg Mór. “Ba ċeart dúinn an trí ṁíle slán a ḃeiṫ againn.

“Is mó an neart ḋá ṁíle ó Uíḃ Máine, a aṫair, 'ná trí ṁíle ó áiteanaiḃ eile. Tá a lán d' ár ḃfearaiḃ agus tá muiriġean óg orṫa.”

“Tá,” arsa Taḋg Mór, “agus má ġeiḃid Loċlanaiġ an láṁ uaċtair orainn cad a ḋéanfaiḋ an muiriġean óg? Beart lag, a Ṫaiḋg, iseaḋ d'aon ḟear atá ábalta ar ċlaiḋeaṁ a ċasaḋ fanṁaint siar anois. Náċ dóiċ leat san, a Niaṁ?”

“Ní dóiċ liom, a aṫair,” arsa Niaṁ, “go ḃfanfaiḋ aon ḟear siar i n-Uíḃ Máine, aon ḟear go ḃfuil lúṫ a ġéag i n-aon ċor aige.”

“Ní dóiċ liom go ḃfanfaiḋ, a 'nġean ó,” arsa Taḋg Mór. “Aċ cad é seo oraiḃ, a Ṫaiḋg?” ar seisean.

D'inis Taḋg dó ansan conus a ṫáinig sé go h-oban ar Ġormḟlaiṫ agus ar Niaṁ agus cad a ċonaic sé. Ṁíniġ sé ḋó conus mar, do réir a ṫuisgiona féin, a ḃí beartuiġṫe ag Gormḟlaiṫ sprid agus croíḋe agus aigne Niaṁ do ḃriseaḋ agus do ṁilleaḋ le corp soilḃris agus le corp caradais mar 'ḋ eaḋ.

“Ní ḟéadfaiḋ Niaṁ an rud san do ṡeasaṁ, a aṫair,” ar seisean. “Tá sí ag dul as ċeana féin. Ní ḟágfaiḋ an ḃean san goile ná sláinte aici. Ní fearrde í aon uair a' ċloig de'n aimsir a ċaiṫean sí i gcóṁluadar na mná san. Croċaire mná iseaḋ an ḃean san! Má fágtar Niaṁ 'n-a foċair cuirfiḋ sí Niaṁ sa n-iúir, an rud atá beartuiġṫe aici a ḋéanaṁ.”

D'ḟeuċ Taḋg Mór ar Niaṁ.

“Ambriaṫar, a ġaṁain,” ar seisean, “gur dóiċ liom go ḃfuil an ceart aige. Taoi'n tú ag dul as. Náċ olc uaim nár ṫug fé ndeara é!” [ 172 ]“Ó, a aṫair,” arsa Niaṁ, “is truaġ ċráiḋte nár ḟanamair ṫiar sa ḃaile. Tagan toċt agus ualaċ ar mo ċroíḋe nuair a ċím ċúġam í gaċ aon ṁaidion agus í ċóṁ séiṁ, ċóṁ soilḃir, ċóṁ gealġáiriteaċ. Bím a d'iaraiḋ gáire ḋéanaṁ léi i dtreó ná taḃarfaḋ sí fé ndeara an toċt orm, aċ is beag ná go mb'ḟearr liom bás d' ḟáġail 'ná fanṁaint a ṫuille 'n-a foċair. Go maiṫiḋ Dia ḋom é! Ní ḟéadaim gan ḃeiṫ 'ġá ṁeas go ḃfuil droċ níḋ 'ġá leanṁaint.”

“Ná bac í féin a ṫuille, a 'nġean ó,” arsa Taḋg Mór. “Is truaġ nár laḃrais níos túisge liom. Fanaiġ araon ansan. Raġad anonn go teiġlaċ Ḃriain. Beiḋ mé ċúġaiḃ sar a' fada.”

D'imṫiġ sé amaċ agus anonn ċun an teiġlaiġ. Gorm- ḟlaiṫ an ċéad duine a ḃuail uime.

“Móra ḋuit, a ríġ,” ar sise leis. “Cad tá ag coimeád Niaṁ uaim? Is iongantaċ an t-eólus atá aici ar obair ṡnáṫaide. Tá cleas ar an obair sin aici 'á ṁúineaḋ ḋom agus isé is fada liom go mbeiḋ an cleas agam. An fada go dtiocfaiḋ sí, a ríġ?”

“Tá sí gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ, a Árdrígan,” arsa Taḋg Mór. “Tá a driṫáir ag caint léi. Is dóiċ liom gur inis sé rud éigin dí a ċuir tré ċéile aigne uirṫi. Bíoḋ foiḋne agat, a Árdrígan,” ar seisean. “B'ḟéidir náċ fiú biorán a's é. B' ḟéidir go mbéaḋ sí ċúġat gan puinn ríġnis. An ḃfuil an t-Árdríġ le feisgint, le d' ṫoil, a Árdrígan?”

“Anois díreaċ a ċonac é féin agus an ríġḋaṁna ag dul isteaċ,” ar sise.

“Gura maiṫ agat, a Árdrígan!” arsa Taḋg Mór, agus d'imṫiġ sé isteaċ.

“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ, 'n-a h-aigne féin, nuair a ḃí sé imṫiġṫe, “ní deirim ná go ḃfuil teinneas croíḋe curṫa agam ar do ṗeata-sa. ‘Tá sí gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ.’ An [ 173 ]cailín boċt! Dá mb' áil leó gan í ċur am' ṫreó. Ní féidir aon níḋ a ḋéanaṁ a gan ḟios di. Aċ is féidir rud a ḋéanaṁ os a cóṁair. Is féidir an croíḋe do ċráḋ inti os a cóṁair.”

Pé caint a ḃí ag Murċaḋ 'á ḋéanaṁ leis an Árdríġ níor ḃ'ḟada go raiḃ sí déanta. Ansan ṫáinig sé féin agus Taḋg Mór amaċ. D'inis Taḋg Mór a sgéal dó, agus ná féadfaḋ sé Niaṁ a ḋ'ḟágáilt i gCeann Cora níba ṡia.

“Tá go maiṫ, a Ṫaiḋg, tá go h-ana maiṫ,” arsa Murċaḋ. “Tagan san agus an rud ar a ḃfuil socair isteaċ le n-a ċéile go h-áluinn. Tá m' aṫair ag dul ar a ċuaird ríġ. Fágfar an Árdrígan i gCeann Cora os cionn an ríġṫeiġlaiġ. Ní féidir di aon droċ níḋ a ḋéanaṁ an ḟaid a ḃeiḋ an t-Árdríġ ar a ċuaird. Ní foláir duit-se dul leis, a Ṫaiḋg, agus ní foláir duit Niaṁ a ḃreiṫ leat. Má tá sí ag dul as taḃarfaiḋ an ċuaird tar n-ais 'n-a maise féin airís í, geallaim ḋuit é.”

Do ṫáinig Taḋg Mór ṫar n-ais ċun a ṫíġe féin. D'inis sé do'n ḃeirt cad air go raiḃ socair. Ḃí áṫas mór orṫa araon.

“Tá mo ġuiḋe taḃarṫa ḋom ag Dia, molaḋ go deó leis!” arsa Niaṁ. “Ní'l maidion le fada,” ar sise, “nár iaras ar Ṁaolṡuaṫain mo ġuiḋe do ċur suas ċun Dé sa Naoṁ Iḋbirt. Ḃíos 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré impiḋe Ṡeanáin, mé ḋ'ḟuasgailt as an gcruaḋ-ċás 'n-a raḃas. Ċuir Dia ṫusa ċúġam ar dtúis, a Ṫaiḋg. Do laḃrais-se le m' aṫair. Do laḃair m' aṫair le Murċaḋ. Agus sin déanta an ḟuasgailt! Molaḋ go deó le Dia!”

“Is maiṫ é sin,” arsa Taḋg Óg. “Agus anois, ó tá so ġnó-sa déanta ċun ár dtoile go léir, is miṫid dóṁ-sa aġaiḋ a ṫaḃairt ar mo ġnó féin. Tá mo ċroíḋe briste ó ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar an ropaire fill úd agus ar ġuid na cailíse agus ar an láṁ a ḃí agam féin sa ġadaiġeaċt san.” [ 174 ]“Airiú, a Ṫaiḋg, an ar buile ataoí!” arsa Niaṁ. “An láṁ a ḃí agat féin sa ġadaiġeaċt san! Cad é an láṁ a ḋ' ḟéadfá-sa ḃeiṫ agat sa ġadaiġeaċt san?”

“Mura mbéaḋ an caradas a ċonaic Colla, agus gaċ aoinne eile, idir mise agus an ropaire úd, a Niaṁ,” ar seisean, “ní ḃéaḋ oiread iontaoiḃ ag Colla as agus a ḃí aige as. Mura mbéaḋ an iontaoiḃ a ḃí ag Colla as ní curfaí isteaċ sa n-érdam é, agus ní ḃfaġaḋ sé an ċaoṫaṁlaċt a fuair sé ar an ngadaiġeaċt a ḋéanaṁ. Fuair sé caradas, a Niaṁ, ó m' aṫair agus óm' ṁáṫair, agus uaiḃ go léir, ṫiar i n-Uíḃ Máine. Is truaġ ċráiḋte mar a ċuir sé cos leis riaṁ sa n-áit. Ní ċuirfeaḋ sé cos leis sa n-áit agus ní ḃfaġaḋ sé an caradas a fuair sé ann, a Niaṁ, mura mbéaḋ mise! Nuair a ċuiṁniġim air bíon náire orm ná féadfainn a ḋ'innsint duit!”

Nuair airiġ Niaṁ an méid sin cainte ní miste a ráḋ ná go raiḃ náire a dóṫin uirṫi féin. Ṫuig sí go h-áluinn an uair sin, agus go minic roimis sin, cad é an saġas ag gráḋ a tugaḋ di gan laḃairt. Ṫuig sí an uair sin, agus go minic roimis sin, ó'n lá a ḋ'inis Caoilte sgéal an ṗúicín, cad é an saġas an glacaḋ Creidiṁ a ḋein Aṁlaoiḃ agus cad í an íntinn ar ar ġlac sé na h-Úird. Ḃí an dá ṁaċtnaṁ úd taḃarṫa d'á ċéile aici cruinn go leór. Ḃí náire a dóṫin uirṫi nuair airiġ sí Taḋg 'á ráḋ go raiḃ náire air. Ní dúḃairt sí aon ḟocal, áṁṫaċ, amaċ as a béal i dtaoḃ an náire a ḃí uirṫi ná i dtaoḃ ná cúise a ḃí aici leis an náire; níḋ nár loċt ar an gcailín!

“Ó, a Ṫaiḋg,” ar sise, “ná laḃair ar an gcuma san. Ḃí sé siúd ċóṁ sleaṁain ċóṁ gealġáiriteaċ san go raiḃ báiġ agus caradas ag gaċ aoinne leis. Ṁeasamair go léir go raiḃ sé ċóṁ símplíḋe ċóṁ h-osgailte leis an leanḃ. Ċuirfinn geal go n-adṁóċ' Colla féin náċ mar ġeall ort-sa a ṫug sé aon iontaoiḃ riaṁ a' h-Aṁlaoiḃ, aċ mar [ 175 ]ġeall ar Aṁlaoiḃ féin. Ní h-alaiḋ ḋuit éagcóir a ḋéanaṁ ort féin, a Ṫaiḋg. Níor ḋeinis aċ an rud a ḋeineamair go léir. Níor ḃuail sé ort-sa aċ an bob a ḃuail sé orainn go léir.”

“Níor ḃuail sé aon ḃob ort-sa, a Niaṁ,” arsa Taḋg, agus gan aon ċuiṁneaṁ aige ar an mbríġ a ḃí le n-a ċaint.

“Ambriaṫar gur ḃuail,” ar sise. “Do ḃuail sé an bob orm a ḃuail sé ar gaċ aoinne. Ní raiḃ aon ċoinne agam ná gur ḃuaċail ṡímplíḋe osgailte ḋeaġ-ċroíḋeaċ é. Ḃí áṫas mór orm mar ġeall ar ċaradas a ḃeiṫ idir ṫusa agus a leiṫéid d' ógánaċ ġealċroíḋeaċ uasal onóireaċ, dar liom.”

Ba ṁór go léir an suaiṁneas aigne ar Ṫaḋg an ċaint sin a ḋ'aireaċtaint ó Niaṁ.

“Agus cad 'deirir liom,” ar seisean, “i dtaoḃ dul síos agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla?”

“Ní dóiċ liom,” ar sise, “go ḃfuil aon ġáḋ leis. Cá ḃ'ḟios duit ná go mb’ ḟéidir go ḃfuil fios an sgéil go léir ag Colla ċeana ċóṁ maiṫ agus atá againne? Agus cá ḃ'ḟios duit ná go mb’ ḟéidir gur mó an milleán atá ag Colla air féin 'ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gáḋ ḋuit-se dul agus tú féin a ḋaoraḋ sa sgéal? I dtaoḃ aon droċ aṁrais a ḃeiṫ ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní baoġal go gcuirfiḋ Colla aon droċ aṁras ar aoinne gan laḃairt le Murċaḋ. Má laḃran sé le Murċaḋ socaróċaiḋ Murċaḋ an sgéal dó. Isí cóṁairle ṫaḃar- fainn-se ḋuit, a Ṫaiḋg,” ar sise, “'ná gan aon cur isteaċ ná amaċ a ḃeiṫ agat ar an sgéal a ṫuille an ḟaid ná déanfaiḋ aoinne aon ċur isteaċ ná amaċ ort mar ġeall air. Do sgaoilfinn ṫorm é dá mbéinn ad' ċás.”

“Is dóiċ liom, a Niaṁ,” ar seisean, “go ndéanfaiḋ mé rud ort. Ní'l aon lorg i n-aon ċor agam ar ḃeiṫ ag dul ag caint le Colla mar ġeall air. Is aṁlaiḋ atá gráin [ 176 ]agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar ġeall ar aon ḃaint a ḃeiṫ agam leis.”

Níor ḃ' ḟada gur ġluais Brian ar a ċuaird ríġ mór-ṫímpal na h-Éirean. Do ġluais Taḋg Mór ua Cealla agus Niaṁ 'n-a ċualaċt. Ḃí saoġal breaġ ansan ag Niaṁ, agus níor ḃ' ḟada go raiḃ a croíḋe agus a h-aigne féin airís aici.

Do fágaḋ Ceann Cora fé ċúram 'na h-Árdríġna. Ḃí ḟios aici cad é an bríġ a ḃí leis sin.