Jump to content

Niamh/32

From Wikisource
181494Niamh — Cuaird RíghPeadar Ua Laoghaire
[ 176 ]

CAIBIDIOL XI.

CUAIRD RÍĠ.

Do ġluais Brian ar a ċuaird ríġ. Ḃí cualaċt uasal i n-aonḟeaċt leis. Ḃí Murċaḋ i n-aonḟeaċt leis, agus Dúlainn Óg, agus Taḋg Mór ua Cealla, agus Niaṁ. Ḃí Taḋg Óg ua Cealla imṫiġṫe siar a ḃaile go h-Uíḃ Máine ċun aire ṫaḃairt do'n ríġeaċt san, i n-inead a aṫar, agus ċun na ḃfear do ċur le ċéile agus do ġleusaḋ agus d' ollaṁuġaḋ i gcóir an ċogaiḋ adúḃairt gaċ aoinne a ḃí ag teaċt go luaṫ. Ní raiḃ an cogaḋ fógarṫa. Ḃí síṫċáin idir Árdríġ Éirean agus ríġ Loċlan. Ḃí síṫċáin idir é agus na ríġṫe eile go léir, lastoir agus lastuaiḋ. Aċ ḃí sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go raiḃ an cogaḋ ag teaċt agus ná ḃ'ḟada go mbéaḋ sé ann. D'á ḃríġ sin ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal ins gaċ aon ḃall. Ċun an ollṁúċáin sin do ċur ar siúḃal níba ġéire dá mb’ ḟéidir é iseaḋ ċuaiḋ Brian ar an gcuaird ríġ sin. Ṫeastuiġ uaiḋ a ḋ'ḟeisgint le n-a ṡúiliḃ féin conus a ḃí an [ 177 ]gnó d'á ḋéanaṁ. Ḃí cuid d'á ċlainn ṁac, agus uaisle eile a ḃí tuisgionaċ i gnóṫaíḃ cogaiḋ, imṫiġṫe roimis mór- ṫímpal ċun na ndún agus ċun na ndaingean a ḃí curṫa suas aige, ċun a ḋ'innsint go riaḃ sé ag teaċt, agus ċun na ḃfear a ḃí ins na dúnaiḃ agus ins na daingeanaiḃ sin do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó, ionus go mbeidís oireaṁnaċ ar ḋul fé n-a ṡúil. Ḃí sgéala curṫa, leis, ag triall ar na ríġṫiḃ, go raiḃ sé ag teaċt, agus ḃí gaċ ríġ acu ceapaiṫe ar pé neart fear a ḃí aige do ḃeiṫ ċóṁ ġleusta agus dob' ḟéidir iad a ḃeiṫ, agus an méid ba ṁó a ḋ' ḟéadfaḋ sé ḋíoḃ a ḃeiṫ curṫa le ċéile aige i gcóir an lae a ṫiocfaḋ Brian. Níor ḃ' ḟéidir aon ḃob a bualaḋ ar Ḃrian i neiṫiḃ de'n tsórd san. Ḃí an tsúil ró ġéar aige. Do ċífeaḋ sé ar an gcéad aṁarc an loċt ba lúġa, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ġleus. Ċífeaḋ sé, leis, ar an gcéad aṁarc, an raiḃ cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáiṫ lóin, ag an ríġ sin dos na fearaiḃ sin, dá nglaoiḋtí ċun bóṫair orṫa.

Ansan, ḃí árd ḟormad ag na ríġṫiḃ le n-a ċéile feuċaint cé h-é an ríġ a ġeóḃaḋ molaḋ ó Ḃrian nó cé h-é a ġeóḃaḋ cáineaḋ; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba ṁó a ġeóḃaḋ de'n ṁolaḋ. Ḃí an formad san idir na fearaiḃ ċóṁ mór díreaċ agus ḃí sé idir na ríġṫiḃ, i dtreó nár ġáḋ dos na ríġṫiḃ puínn de ḋuaġ na ḃfear a ḋ'ḟáġail ċun iad a ġríosaḋ, mar go raḃdar féin ag gríosaḋ a ċéile ċóṁ dian agus dob' ḟéidir é. Ní raiḃ aoinne do ṫuig an méid sin níb' ḟearr 'ná mar a ṫuig Brian é, agus ní raiḃ aoinne dob' ḟearr a ḋ' ḟéadfaḋ toraḋ ḃaint as 'ná mar a ḋ'ḟéad Brian toraḋ ḃaint as.

Siar tré Ċonaċtaiḃ a ṫug Brian aġaiḋ ar dtúis. Ḃí ḟios aige gur i gConaċtaiḃ ba lúġa a ḃí gáḋ le h-aimsir ċun ollṁúċáin mar go raiḃ an t-ollṁúċán déanta ċeana ann. Teiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla an ċéad ṫeiġlaċ i gConaċtaiḃ [ 178 ]ar ar ṫug sé aġaiḋ. Ḃí Taḋg Óg imṫiġṫe siar roimis agus ḃí gaċ níḋ ollaṁ aige roimis.

Nuair a ṫagaḋ Brian isteaċ mar sin ar ċuaird, i dtiġearnas ríġ, ar an eaglais a ṫugaḋ sé aġaiḋ ar dtúis. Dá mbéaḋ gáḋ le h-aon níḋ a ḋéanaṁ do'n eaglais, aon níḋ i ḃfuirm saoirseaċta, ċun an tíġe ċur i méid, nó ċun slaċt a ċur air, ṫugaḋ Brian síntiús maiṫ do ríġ na tíre sin ċun na h-oibre sin do ḋéanaṁ. Ansan, dá mbéaḋ mainistir sa n-áit ṫaḃarfaḋ sé cuaird ar an mainistir, agus ḋéanfaḋ Maolṡuaṫain feuċaint i ndiaiġ oibre na mainistreaċ, feuċaint a' raiḃ gaċ aon rud 'n-a ċeart, agus aon rud ba ġáḋ a ċeartuġaḋ ḋéanfaḋ sé é ċeartuġaḋ.

Ba ḃeag eaglais ná mainistir ná conḃint ban riaġalta ná bíoḋ níḋ éigin tairḃṫeaċ ag Brian le bronnaḋ orṫa nuair a ṫagaḋ sé mar sin ar ċuaird, agus do curtí gaċ eaglais agus gaċ mainistir agus gaċ conḃint ban riaġalta sa treó dob' ḟearr 'n-ar ḃ' ḟéidir iad do ċur nuair a ḃíoḋ súil le n-a ṫeaċt.

Deireaḋ sé, i gcóṁnuiġe, gur dos na gnóṫaíḃ a ḃain le Creideaṁ ba ċeart do ríġṫiḃ agus do ḋaoine aireaċas a ṫaḃairt ar dtúis. Gur ċeart gnó Dé a ḋéanaṁ ar dtúis sar a dtaḃarfaí aġaiḋ ar ġnó an tsaoġail seo. Gur ḋóiċíġ-de do ḋuine an raṫ a ḃeiṫ ar a ġnóṫaíḃ saoġalta nuair a ḋéanfaḋ sé a ḋíċeal ar ḋualgaisíḃ an Ċreidiṁ do ċóṁlíonaḋ. Aċ, pé 'cu ba ṫoil le Dia an raṫ do ċur ar ġnóṫaíḃ saoġalta an duine nó gan a ċur, go raiḃ ceangailte ar an nduine aiṫeanta Dé do ċoimeád.

Do ṁúin Brian dos na ríġṫiḃ agus dos na daoine a ḃí fé n-a smaċt an uraim is dual do ḃantraċt, aċ do ṁúin sé ḋóiḃ, 'n-a ṫeannta san, an uraim is dual do'n ċeart ar gaċ aon tsaġas cuma, agus ċuir sé 'n-a luiġe ar a n-aigne go daingean gur i ndlíġ Dé ata bríġ agus bunús agus cúis agus fáṫ gaċ urama ḋíoḃ go léir. An t-é ná beiḋ [ 179 ]eagla Dé air ná beann aige ar ḋlíġ Dé, go ḃfuil sé fuar ag aoinne ḃeiṫ ag braṫ air go staonfaiḋ an duine sin ó ḋrúis ná ó ċraos ná ó éagcóir a ḋéanaṁ ar a ċóṁarsain má ġeiḃean sé an ċaoi. D'á ḃríġ sin gur ceart ar dtúis greim daingean a ṫaḃairt do'n Ċreideaṁ i gcroíḋe agus i n-aigne an duine. Nuair a ḃeiḋ an greim sin ag an gCreideaṁ gur b'eaḋ is féidir an duine sin a ḋéanaṁ úṁal do gaċ dlíġ agus do gaċ riaġail agus do gaċ dualgas bunaiġ d'á mbainean leis an gCreideaṁ.

Na ríġṫe agus na riaġaltaisí atá sa tsaoġal anois, an ċuid acu go ḃfuil aon adṁáil i n-aon ċor acu do Ċreideaṁ, do ċeadóċaidís an Creideaṁ le h-ionaċus go ndéanfaḋ an Creideaṁ na daoine úṁal dóiḃ. Ċóṁ maiṫ agus gur ċuige sin a cuireaḋ an Creideaṁ ar bun, ċun daoine ḋéanaṁ úṁal do ríġṫiḃ! Do ṫuig Brian nár ḃ'eaḋ. Gur ċun daoine ḋéanaṁ úṁal do Ḋia a cuireaḋ a Creideaṁ ar bun. Ná fuil sa n-úṁluiġeaċt a ċuirean an Creideaṁ i n-áiriġṫe do ríġṫiḃ aċ cuid de ṫoraḋ an Ċreidiṁ. Gur maiṫ an rud do ríġṫiḃ an úṁluiġeaċt san a ṫeaċt mar ṫoraḋ as an gCreideaṁ ar an saoġal so, aċ ná fuil sa méid sin de ṫoraḋ an Ċreidiṁ aċ neaṁníḋ seaċas an toraḋ a faċtar as ar an saoġal eile. Go n-iompuiġṫear neiṫe taoḃ síos suas nuair a cuirtear suim i dtoraḋ an Ċreidiṁ ar an saoġal so agus neaṁṡuim 'n-a ṫoraḋ ar an saoġal eile.

Do ṫuig Brian na neiṫe sin go léir agus ḋein sé beart do réir a ṫuisgiona. Ḃí an Creideaṁ aige 'n-a ċroíḋe féin istiġ agus do ḃí an Creideaṁ san le feisgint go soiléir 'n-a ġníoṁarṫaiḃ. Do ṁúisgil an deaġ-ṡampla san Creideaṁ agus toraḋ an Ċreidiṁ i gcroíḋṫiḃ na ríġṫe agus na ndaoine a ḃí fé n-a smaċt.

Ṫug sé tusaċ do'n Ċreideaṁ ins na h-áiteanaiḃ 'n-ar ṫug sé a ċuarda. Nuair a ḃíoḋ feuċta aige ar na h-eaglaisíḃ [ 180 ]agus ar na mainistiríḃ agus ar ċonḃintíḃ na mban riaġalta ṫugaḋ sé aġaiḋ ar na sgoileanaiḃ, agus d'ḟeuċaḋ sé isteaċ go cruinn sa ċuma 'n-a mbíoḋ an obair ag dul ċun cinn. Agus ṫugaḋ sé aire ṁaiṫ, — aċ níor ġáḋ ḋó san mar do ṫugaḋ na manaiġ féin aire maiṫ dó, — pé easnaṁ a ḃéaḋ, ná ná béaḋ, ar aon tsaġas eile ealaḋan, ná caiṫfeaḋ aon easnaṁ a ḃeiṫ, ná aon ḟaillíġ a ḃeiṫ, sa ċuma 'n-a múintí an Creideaṁ dos na daoiniḃ óga. Ḃí ḟios ag Brian go maiṫ, agus ḃí ḟios ag an uile ḋuine des na h-oidíḃ a ḃí ag stiúruġaḋ na h-oibre sin, ná fuil aċ diaḃal ó ifrean sa ḃfear a geóḃaiḋ sgoluiġeaċt gan Creideaṁ. D'á ḃríġ sin níor ġáḋ do Ḃrian ḃeiṫ ag feuċaint 'n-a ndiaiġ ċun a ċur ḟiaċaiḃ orṫa an Creideaṁ do ṁúineaḋ. Aċ do ḃíoḋ.

Nuair a ḃíoḋ an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit 'n-a mbíoḋ sé ar a ċuaird, ṫugaḋ sé aġaiḋ ar an ollṁúċán armála a ḃíoḋ ar siúḃal i gcóir an ċogaḋ ṁóir a ḃí ag teaċt, dar le gaċ aoinne. Do tugtí na fir amaċ os a ċóṁair agus do curtí tré n-a ngleacaiḋeaċt iad. Ḃíoḋ oiread san eagla roime n-a ṡúil ag na fearaiḃ go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanaṁ taiṫíġe de'n ġleacaiḋeaċt ar feaḋ mórán aimsire roim ré nuair a ḃíoḋ súil le n-a ṫeaċt. Ḋeinidís a ndíċeal ċun ná faġaḋ sé aon loċt orṫa. Agus ḃíoḋ an formad ann, leis, idir na ríġṫiḃ, feuċaint cé aige dob' ḟearr n-a mbéaḋ an t-ollṁúċán déanta, agus idir na buiḋniḃ, feuċaint cia'cu buiḋean ba ṁó a ṫaḃarfaḋ sásaṁ dó.

Ṫugaḋ sé taḃarṫaistí uaiḋ, dos na ríġṫiḃ agus dos na fearaiḃ, claiḋeaṁ, nó sleaġ, nó tuaġ, nó brat áluinn, nó capal breaġ, agus ḃíoḋ an formad ann feuċaint cé ġeóḃaḋ an taḃarṫas ba luaċṁaire, mar, gan aṁras, is do'n t-é ab ḟearr a ṫaḃarfaḋ sásaṁ a taḃarfaí an taḃarṫas ab ḟearr. [ 181 ]Ḃí áṫas an doṁain ar Niaṁ nuair a fuair sí gur siar ċun teiġlaiġ a h-aṫar a ḃí Brian ag dul ar dtúis. Ċuir Taḋg Mór teaċtaire siar, ċóṁ luaṫ agus fuair sé an t-eólus, 'ġá innsint do Ṫaḋg Óg go raiḃ an t-Árdríġ ag teaċt. Ba ṁaiṫ le Brian féin dul siar ċun na h-áite sin ar dtúis. Is ann a ḃí a ġaolta ó ṫaoḃ a ṁáṫar, agus is ann a ḃí gaolta na clainne a ḃí aige le n-a ċéad ṁnaoi. Drifiúr do Ṁaolruanaiḋ na Paidre ab eaḋ í. Agus gan aṁras ḃí áṫas an doṁain ar an muintir ṫiar go léir, leis, nuair a h-innseaḋ dóiḃ go raiḃ sé ag teaċt. Ṫáinig Maolruanaiḋ na Paidre, ríġ Ua ḃFiaċrac Áiḋne, agus a lán eile d'uaisliḃ Conaċt, tamal maiṫ de'n tslíġ 'n-a ċoinniḃ. Ḃí Conn, mac Ṁaoilruanaiḋ, i dteiġlaċ Ḃriain ċeana. Ṫugadar go léir aġaiḋ ar ṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Do cuireaḋ míle fáilte rómpa. Do cuireaḋ gaċ cóir orṫa d'ár ċeart, go h-uasal agus go ríoga, agus dúḃairt Niaṁ nár tógaḋ an ceó i gceart d'á croíḋe go dtí go ḃfuair sí í féin airís i dteiġlaċ a h-aṫar agus uaisle Conaċt agus Ċeann Cora 'n-a tímpal.

D' adṁuiġ an ċuideaċta gur ṡaṁluiġdar an solus 'n-a tímpal, mar a ḃíoḋ ċeana, agus gur ḃ'í an gaṫ gréine céadna airís í ag teaċt n-a measg.

Nuair a ḃí an ċuaird go h-Uíḃ Máine taḃarṫa ċuadar go léir, le cois a ċéile, go h-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne agus ċuir Maolruanaiḋ cóir uasal orṫa.