Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/181

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
177
NIAṀ

gnó d'á ḋéanaṁ. Ḃí cuid d'á ċlainn ṁac, agus uaisle eile a ḃí tuisgionaċ i gnóṫaíḃ cogaiḋ, imṫiġṫe roimis mór- ṫímpal ċun na ndún agus ċun na ndaingean a ḃí curṫa suas aige, ċun a ḋ'innsint go riaḃ sé ag teaċt, agus ċun na ḃfear a ḃí ins na dúnaiḃ agus ins na daingeanaiḃ sin do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó, ionus go mbeidís oireaṁnaċ ar ḋul fé n-a ṡúil. Ḃí sgéala curṫa, leis, ag triall ar na ríġṫiḃ, go raiḃ sé ag teaċt, agus ḃí gaċ ríġ acu ceapaiṫe ar pé neart fear a ḃí aige do ḃeiṫ ċóṁ ġleusta agus dob' ḟéidir iad a ḃeiṫ, agus an méid ba ṁó a ḋ' ḟéadfaḋ sé ḋíoḃ a ḃeiṫ curṫa le ċéile aige i gcóir an lae a ṫiocfaḋ Brian. Níor ḃ' ḟéidir aon ḃob a bualaḋ ar Ḃrian i neiṫiḃ de'n tsórd san. Ḃí an tsúil ró ġéar aige. Do ċífeaḋ sé ar an gcéad aṁarc an loċt ba lúġa, ins na fir nó ins na h-airm, nó sa ġleus. Ċífeaḋ sé, leis, ar an gcéad aṁarc, an raiḃ cóir iompair agus cóir gluaiste agus sáiṫ lóin, ag an ríġ sin dos na fearaiḃ sin, dá nglaoiḋtí ċun bóṫair orṫa.

Ansan, ḃí árd ḟormad ag na ríġṫiḃ le n-a ċéile feuċaint cé h-é an ríġ a ġeóḃaḋ molaḋ ó Ḃrian nó cé h-é a ġeóḃaḋ cáineaḋ; nó, dá mba ná cáinfí aoinne, cé ba ṁó a ġeóḃaḋ de'n ṁolaḋ. Ḃí an formad san idir na fearaiḃ ċóṁ mór díreaċ agus ḃí sé idir na ríġṫiḃ, i dtreó nár ġáḋ dos na ríġṫiḃ puínn de ḋuaġ na ḃfear a ḋ'ḟáġail ċun iad a ġríosaḋ, mar go raḃdar féin ag gríosaḋ a ċéile ċóṁ dian agus dob' ḟéidir é. Ní raiḃ aoinne do ṫuig an méid sin níb' ḟearr 'ná mar a ṫuig Brian é, agus ní raiḃ aoinne dob' ḟearr a ḋ' ḟéadfaḋ toraḋ ḃaint as 'ná mar a ḋ'ḟéad Brian toraḋ ḃaint as.

Siar tré Ċonaċtaiḃ a ṫug Brian aġaiḋ ar dtúis. Ḃí ḟios aige gur i gConaċtaiḃ ba lúġa a ḃí gáḋ le h-aimsir ċun ollṁúċáin mar go raiḃ an t-ollṁúċán déanta ċeana ann. Teiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla an ċéad ṫeiġlaċ i gConaċtaiḃ