Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
176
NIAṀ

agam air mar sgéal, agus gráin agam orm féin mar ġeall ar aon ḃaint a ḃeiṫ agam leis.”

Níor ḃ' ḟada gur ġluais Brian ar a ċuaird ríġ mór-ṫímpal na h-Éirean. Do ġluais Taḋg Mór ua Cealla agus Niaṁ 'n-a ċualaċt. Ḃí saoġal breaġ ansan ag Niaṁ, agus níor ḃ' ḟada go raiḃ a croíḋe agus a h-aigne féin airís aici.

Do fágaḋ Ceann Cora fé ċúram 'na h-Árdríġna. Ḃí ḟios aici cad é an bríġ a ḃí leis sin.



CAIBIDIOL XI.

CUAIRD RÍĠ.

Do ġluais Brian ar a ċuaird ríġ. Ḃí cualaċt uasal i n-aonḟeaċt leis. Ḃí Murċaḋ i n-aonḟeaċt leis, agus Dúlainn Óg, agus Taḋg Mór ua Cealla, agus Niaṁ. Ḃí Taḋg Óg ua Cealla imṫiġṫe siar a ḃaile go h-Uíḃ Máine ċun aire ṫaḃairt do'n ríġeaċt san, i n-inead a aṫar, agus ċun na ḃfear do ċur le ċéile agus do ġleusaḋ agus d' ollaṁuġaḋ i gcóir an ċogaiḋ adúḃairt gaċ aoinne a ḃí ag teaċt go luaṫ. Ní raiḃ an cogaḋ fógarṫa. Ḃí síṫċáin idir Árdríġ Éirean agus ríġ Loċlan. Ḃí síṫċáin idir é agus na ríġṫe eile go léir, lastoir agus lastuaiḋ. Aċ ḃí sé daingean i n-aigne na ndaoine, ar fuaid na h-Éirean, go raiḃ an cogaḋ ag teaċt agus ná ḃ'ḟada go mbéaḋ sé ann. D'á ḃríġ sin ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal ins gaċ aon ḃall. Ċun an ollṁúċáin sin do ċur ar siúḃal níba ġéire dá mb’ ḟéidir é iseaḋ ċuaiḋ Brian ar an gcuaird ríġ sin. Ṫeastuiġ uaiḋ a ḋ'ḟeisgint le n-a ṡúiliḃ féin conus a ḃí an