Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/179

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
175
NIAṀ

ġeall ar Aṁlaoiḃ féin. Ní h-alaiḋ ḋuit éagcóir a ḋéanaṁ ort féin, a Ṫaiḋg. Níor ḋeinis aċ an rud a ḋeineamair go léir. Níor ḃuail sé ort-sa aċ an bob a ḃuail sé orainn go léir.”

“Níor ḃuail sé aon ḃob ort-sa, a Niaṁ,” arsa Taḋg, agus gan aon ċuiṁneaṁ aige ar an mbríġ a ḃí le n-a ċaint.

“Ambriaṫar gur ḃuail,” ar sise. “Do ḃuail sé an bob orm a ḃuail sé ar gaċ aoinne. Ní raiḃ aon ċoinne agam ná gur ḃuaċail ṡímplíḋe osgailte ḋeaġ-ċroíḋeaċ é. Ḃí áṫas mór orm mar ġeall ar ċaradas a ḃeiṫ idir ṫusa agus a leiṫéid d' ógánaċ ġealċroíḋeaċ uasal onóireaċ, dar liom.”

Ba ṁór go léir an suaiṁneas aigne ar Ṫaḋg an ċaint sin a ḋ'aireaċtaint ó Niaṁ.

“Agus cad 'deirir liom,” ar seisean, “i dtaoḃ dul síos agus an sgéal go léir a ḋ'innsint do Ċolla?”

“Ní dóiċ liom,” ar sise, “go ḃfuil aon ġáḋ leis. Cá ḃ'ḟios duit ná go mb’ ḟéidir go ḃfuil fios an sgéil go léir ag Colla ċeana ċóṁ maiṫ agus atá againne? Agus cá ḃ'ḟios duit ná go mb’ ḟéidir gur mó an milleán atá ag Colla air féin 'ná mar atá aige ar aoinne eile? Cad is gáḋ ḋuit-se dul agus tú féin a ḋaoraḋ sa sgéal? I dtaoḃ aon droċ aṁrais a ḃeiṫ ag Colla ar aon duine eile,” ar sise, “ní baoġal go gcuirfiḋ Colla aon droċ aṁras ar aoinne gan laḃairt le Murċaḋ. Má laḃran sé le Murċaḋ socaróċaiḋ Murċaḋ an sgéal dó. Isí cóṁairle ṫaḃar- fainn-se ḋuit, a Ṫaiḋg,” ar sise, “'ná gan aon cur isteaċ ná amaċ a ḃeiṫ agat ar an sgéal a ṫuille an ḟaid ná déanfaiḋ aoinne aon ċur isteaċ ná amaċ ort mar ġeall air. Do sgaoilfinn ṫorm é dá mbéinn ad' ċás.”

“Is dóiċ liom, a Niaṁ,” ar seisean, “go ndéanfaiḋ mé rud ort. Ní'l aon lorg i n-aon ċor agam ar ḃeiṫ ag dul ag caint le Colla mar ġeall air. Is aṁlaiḋ atá gráin