Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
181
NIAṀ

Ḃí áṫas an doṁain ar Niaṁ nuair a fuair sí gur siar ċun teiġlaiġ a h-aṫar a ḃí Brian ag dul ar dtúis. Ċuir Taḋg Mór teaċtaire siar, ċóṁ luaṫ agus fuair sé an t-eólus, 'ġá innsint do Ṫaḋg Óg go raiḃ an t-Árdríġ ag teaċt. Ba ṁaiṫ le Brian féin dul siar ċun na h-áite sin ar dtúis. Is ann a ḃí a ġaolta ó ṫaoḃ a ṁáṫar, agus is ann a ḃí gaolta na clainne a ḃí aige le n-a ċéad ṁnaoi. Drifiúr do Ṁaolruanaiḋ na Paidre ab eaḋ í. Agus gan aṁras ḃí áṫas an doṁain ar an muintir ṫiar go léir, leis, nuair a h-innseaḋ dóiḃ go raiḃ sé ag teaċt. Ṫáinig Maolruanaiḋ na Paidre, ríġ Ua ḃFiaċrac Áiḋne, agus a lán eile d'uaisliḃ Conaċt, tamal maiṫ de'n tslíġ 'n-a ċoinniḃ. Ḃí Conn, mac Ṁaoilruanaiḋ, i dteiġlaċ Ḃriain ċeana. Ṫugadar go léir aġaiḋ ar ṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Do cuireaḋ míle fáilte rómpa. Do cuireaḋ gaċ cóir orṫa d'ár ċeart, go h-uasal agus go ríoga, agus dúḃairt Niaṁ nár tógaḋ an ceó i gceart d'á croíḋe go dtí go ḃfuair sí í féin airís i dteiġlaċ a h-aṫar agus uaisle Conaċt agus Ċeann Cora 'n-a tímpal.

D' adṁuiġ an ċuideaċta gur ṡaṁluiġdar an solus 'n-a tímpal, mar a ḃíoḋ ċeana, agus gur ḃ'í an gaṫ gréine céadna airís í ag teaċt n-a measg.

Nuair a ḃí an ċuaird go h-Uíḃ Máine taḃarṫa ċuadar go léir, le cois a ċéile, go h-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne agus ċuir Maolruanaiḋ cóir uasal orṫa.