Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/184

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
180
NIAṀ

agus ar na mainistiríḃ agus ar ċonḃintíḃ na mban riaġalta ṫugaḋ sé aġaiḋ ar na sgoileanaiḃ, agus d'ḟeuċaḋ sé isteaċ go cruinn sa ċuma 'n-a mbíoḋ an obair ag dul ċun cinn. Agus ṫugaḋ sé aire ṁaiṫ, — aċ níor ġáḋ ḋó san mar do ṫugaḋ na manaiġ féin aire maiṫ dó, — pé easnaṁ a ḃéaḋ, ná ná béaḋ, ar aon tsaġas eile ealaḋan, ná caiṫfeaḋ aon easnaṁ a ḃeiṫ, ná aon ḟaillíġ a ḃeiṫ, sa ċuma 'n-a múintí an Creideaṁ dos na daoiniḃ óga. Ḃí ḟios ag Brian go maiṫ, agus ḃí ḟios ag an uile ḋuine des na h-oidíḃ a ḃí ag stiúruġaḋ na h-oibre sin, ná fuil aċ diaḃal ó ifrean sa ḃfear a geóḃaiḋ sgoluiġeaċt gan Creideaṁ. D'á ḃríġ sin níor ġáḋ do Ḃrian ḃeiṫ ag feuċaint 'n-a ndiaiġ ċun a ċur ḟiaċaiḃ orṫa an Creideaṁ do ṁúineaḋ. Aċ do ḃíoḋ.

Nuair a ḃíoḋ an obair sin go léir déanta ag Brian, sa n-áit 'n-a mbíoḋ sé ar a ċuaird, ṫugaḋ sé aġaiḋ ar an ollṁúċán armála a ḃíoḋ ar siúḃal i gcóir an ċogaḋ ṁóir a ḃí ag teaċt, dar le gaċ aoinne. Do tugtí na fir amaċ os a ċóṁair agus do curtí tré n-a ngleacaiḋeaċt iad. Ḃíoḋ oiread san eagla roime n-a ṡúil ag na fearaiḃ go léir, idir uasal agus íseal, go mbídís ag déanaṁ taiṫíġe de'n ġleacaiḋeaċt ar feaḋ mórán aimsire roim ré nuair a ḃíoḋ súil le n-a ṫeaċt. Ḋeinidís a ndíċeal ċun ná faġaḋ sé aon loċt orṫa. Agus ḃíoḋ an formad ann, leis, idir na ríġṫiḃ, feuċaint cé aige dob' ḟearr n-a mbéaḋ an t-ollṁúċán déanta, agus idir na buiḋniḃ, feuċaint cia'cu buiḋean ba ṁó a ṫaḃarfaḋ sásaṁ dó.

Ṫugaḋ sé taḃarṫaistí uaiḋ, dos na ríġṫiḃ agus dos na fearaiḃ, claiḋeaṁ, nó sleaġ, nó tuaġ, nó brat áluinn, nó capal breaġ, agus ḃíoḋ an formad ann feuċaint cé ġeóḃaḋ an taḃarṫas ba luaċṁaire, mar, gan aṁras, is do'n t-é ab ḟearr a ṫaḃarfaḋ sásaṁ a taḃarfaí an taḃarṫas ab ḟearr.