Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/183

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
179
NIAṀ

eagla Dé air ná beann aige ar ḋlíġ Dé, go ḃfuil sé fuar ag aoinne ḃeiṫ ag braṫ air go staonfaiḋ an duine sin ó ḋrúis ná ó ċraos ná ó éagcóir a ḋéanaṁ ar a ċóṁarsain má ġeiḃean sé an ċaoi. D'á ḃríġ sin gur ceart ar dtúis greim daingean a ṫaḃairt do'n Ċreideaṁ i gcroíḋe agus i n-aigne an duine. Nuair a ḃeiḋ an greim sin ag an gCreideaṁ gur b'eaḋ is féidir an duine sin a ḋéanaṁ úṁal do gaċ dlíġ agus do gaċ riaġail agus do gaċ dualgas bunaiġ d'á mbainean leis an gCreideaṁ.

Na ríġṫe agus na riaġaltaisí atá sa tsaoġal anois, an ċuid acu go ḃfuil aon adṁáil i n-aon ċor acu do Ċreideaṁ, do ċeadóċaidís an Creideaṁ le h-ionaċus go ndéanfaḋ an Creideaṁ na daoine úṁal dóiḃ. Ċóṁ maiṫ agus gur ċuige sin a cuireaḋ an Creideaṁ ar bun, ċun daoine ḋéanaṁ úṁal do ríġṫiḃ! Do ṫuig Brian nár ḃ'eaḋ. Gur ċun daoine ḋéanaṁ úṁal do Ḋia a cuireaḋ a Creideaṁ ar bun. Ná fuil sa n-úṁluiġeaċt a ċuirean an Creideaṁ i n-áiriġṫe do ríġṫiḃ aċ cuid de ṫoraḋ an Ċreidiṁ. Gur maiṫ an rud do ríġṫiḃ an úṁluiġeaċt san a ṫeaċt mar ṫoraḋ as an gCreideaṁ ar an saoġal so, aċ ná fuil sa méid sin de ṫoraḋ an Ċreidiṁ aċ neaṁníḋ seaċas an toraḋ a faċtar as ar an saoġal eile. Go n-iompuiġṫear neiṫe taoḃ síos suas nuair a cuirtear suim i dtoraḋ an Ċreidiṁ ar an saoġal so agus neaṁṡuim 'n-a ṫoraḋ ar an saoġal eile.

Do ṫuig Brian na neiṫe sin go léir agus ḋein sé beart do réir a ṫuisgiona. Ḃí an Creideaṁ aige 'n-a ċroíḋe féin istiġ agus do ḃí an Creideaṁ san le feisgint go soiléir 'n-a ġníoṁarṫaiḃ. Do ṁúisgil an deaġ-ṡampla san Creideaṁ agus toraḋ an Ċreidiṁ i gcroíḋṫiḃ na ríġṫe agus na ndaoine a ḃí fé n-a smaċt.

Ṫug sé tusaċ do'n Ċreideaṁ ins na h-áiteanaiḃ 'n-ar ṫug sé a ċuarda. Nuair a ḃíoḋ feuċta aige ar na h-eaglaisíḃ