Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/171

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
167
NIAṀ

ċéile ar an gcuma san. Náċ uaṫḃásaċ an ara í! Cad é mar ḟéadan sí caint agus sult agus gáirí ḋéanaṁ, gur ḋóiċ le duine ná fuil cor ná lúb 'n-a croíḋe aċ oiread leis an leanḃ! Do ḃuaiḋ sí ar a ḃfeaca riaṁ!”

“Ní feadaraís a leaṫ, a Ṫaiḋg. Ní ḟeadaraís a leaṫ,” arsa Niaṁ. “Mura mbéaḋ m' aṫair a ḃeiṫ anso am' aice agam ċomáinfeaḋ sí as mo ṁeaḃair mé. Ní ḟeadar an tsaoġal cad a ḋall Brian agus í ṫaḃairt leis riaṁ! B'ḟearr liom go mbeinn féin agus m' aṫair ṫiar sa ḃaile agus go ḃféadfaimís fanṁaint ann.” Ansan do ċrom sí ar ġol, agus ḃí sí ag gol ar feaḋ tamail ṁaiṫ.

Níor laḃair Taḋg go dtí go raiḃ an greas san guil curṫa ḋi aici. Nuair a ḃí sé curṫa ḋi aici: “Seaḋ!” ar 'sise “Is mór an t-éadtromuġaḋ ar mo ċroíḋe an méid sin.”

“A Niaṁ, a laoġ,” arsa Taḋg, “ní ḋéanfaiḋ so an gnó go deó. Caiṫfear aṫaruġaḋ ḋéanaṁ ar an obair seo. Ní fágfar anso ṫusa níos sia. Tá cion agam ar Ḃrian. Tá cion againn go léir air. Aċ is measa liom-sa ṫusa 'ná é, agus 'ná a ḃfuil beó d'á mbainean leis. Má ṫug sé leis í, agus má ḋein sé dearṁad nuair a ṫug sé leis í, ní h-alaiḋ ḋúinn tusa ḃeiṫ ṫíos leis an ndearṁad san. Caiṫfiḋ Murċaḋ duine éigin eile do ċur ag faire ar Ġormḟlaiṫ. Bean éigin d'á saġas féin be ċeart do ċur ag faire uirṫi. Is maiṫ liom mar a ṫánag. Ní raiḃ aon ċoinne agam go raḃais i n-a leiṫéid de ċás aici. An ḃfuil ḟios agat cad 'tá ceapaiṫe aici? Tá sí ceapaiṫe ar do ċroíḋe a ḃriseaḋ istiġ ad' ċliaḃ le corp soilḃris agus síḃialtaċta! Isé a nádúr féin fuaṫ fíoċṁar a ḃeiṫ aici lastiġ de'n tsoilḃreas agus de'n ġealġáire. Is aṁlaiḋ a réiḋtiġean san le n-a goile agus le n-a sláinte. Tá ḟios aici go h-áluinn náċ mar sin duit-se, ná réiḋtiġean a leiṫéid le d' ġoile ná le d' ṡláinte. Tá ḟios aici go gcuirfiḋ an obair sin sa ċré ṫú aċ leanṁaint air. Anois, ag feuċaint dom ort, ċím go