Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/152

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
148
NIAṀ

“Ṡaṁluiġeas féin gur mar sin a ḃéaḋ,” arsa Niaṁ.

“Agus ar neóin,” arsa Caoilte, “is tu a dúḃairt an leitir a ṫaisbeáint dó.”

“Is mé,” ar sise. “Níor ḃ’ aon dióḃáil í ṫaisbeáint dó. Ní h-é an t-é do laḃair an ċaint do sgríḃ an leitir. Fuair sé duine eile ċun na sgríḃinne ḋéanaṁ.”

Ḃí Taḋg ana ġruama. Ní raiḃ focal ag teaċt as aċ é ag maċtnaṁ. Ḃí an triúr eile ag caiṫeaṁ tuairimí ċóṁ maiṫ agus d'ḟéadadar é, agus ḃí gaċ aon tuairim d'ár tugaḋ ag dúnaḋ isteaċ, i ndiaiġ ar ndiaiġ, 'ġá ċur 'n-a luiġe air gur ḃ 'aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ. An ḟaid a ḃí na tuairimí ar siúḃal ḃí a lán neiṫe beaga ag teaċt ċun cuiṁne Ṫaiḋg, neiṫe beaga nár ċuir sé blúire suime ionta nuair a ċonaic sé ar dtúis iad, aċ gur ċuir sé mórán suime anois ionta, agus ḃíodar 'ġá ṫaisbeáint dó go raiḃ gaċ aon deaḃraṁ gur ḃ 'aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ.

Ṫuig Murċaḋ gur ċeart guid na cailíse d'innsint do Ṫaḋg. Do h-innseaḋ dó é. Níor ḃeag san.

“Ó,” ar seisean, “náċ mé an t-amadán críoċnuiġṫe! Le feall iseaḋ ġlac sé an Creideaṁ. Le feall iseaḋ ġlac sé na mion-Úird, ċun go gcurfaí isteaċ sa n-érdam é. Ba ċeart mé ċroċaḋ mar ġeall ar leigint dó a leiṫéid d'amadán a ḋéanaṁ díom! Feall ab eaḋ an cion a ḃí aige orm! Ó! Ní ċuirfead náire an sgéil díom an dá lá 's 'n ḟaid a ṁairfead! Dá mairinn céad ní ċuirfinn díom é. A Niaṁ, caiṫfir-se agus m'aṫair dul siar aḃaile.”

“Airiú, a Ṫaiḋg, a laoġ,” arsa Niaṁ, “cad é an gnó atá agat siar dínn? Ná fuil ḟios agat cad ċuige gur tugad anseo sinn? Cad 'tá ċun tu féin a ċosg ar aire ṫaḃairt do'n áit ṫiar?”

“Ní'lim ag dul siar,” ar seisean. “Leanfad an feallaire úd! Bainfead an gealġáire ḋé. Ó! An