t-é a ḋein an gníoṁ so. Ní duine gan úġdarás a ḋein an gníoṁ so.”
D'imṫiġ an teaċtaire. Ní raiḃ sé aḃfad imṫiġṫe nuair a ṫáinig an ceaṫrar céadna úd airís. Do rugadar ar Ċaoilte. Ḃaineadar an slaḃra d'á ċom. Ṡáṫadar an púicín anuas ar an ċeann agus ar a ṡúiliḃ. Do rugadar leó amaċ é agus síos ċun an ċuain, agus ċuireadar ar bórd loinge é. Ḃí an long ag dul go h-Éireann. Do cuireaḋ suas na seólta agus do ġluais an long. Nuair a ḃí an long tamal amaċ ar uisge do baineaḋ an púicín de Ċaoilte agus do baineaḋ an ceangal d'á láṁaiḃ. Ansan do ṡín an captaéin leitir ċuige. Sidé a ḃí sa leitir:—
“A ‘Ḋuinn,’ nó a ‘Ċaoilte,’ nó a ‘Ċosa Buíḋe Árda,’ nó pé ainim n-ar maiṫ leat freagairt dó, tá t' anam 'á leigint leat an turus so. Mar a deirir, ní'l cogaḋ idir ríġ Loċlan agus Árdríġ Éirean. Aċ má feictar sa tír seo airís tú ní feicfear beó ṫú 'n-a ḋiaiġ san.”
Do léiġ sé an leitir agus ċuir sé ċuige í. Ḃí an captaéin agus é féin, agus an ḟuirean, síḃialta go leór le n-a ċéile go dtí gur sroiseaḋ cuan Ċorcaiġe. Do cuireaḋ i dtír ag calaiṫ an ċuain sin é agus do fágaḋ ansan é. Ḃí a ḋóṫin daoine muintearṫa i gCorcaiġ aige. Níor ḃ'ḟada an ríġneas a ḋein sé eatarṫa. D'imṫiġ sé óṫuaiḋ go Ceann Cora. Níor ḃ'ḟada go ḃfeacaiḋ sé an ríġḋaṁna, Murċaḋ. Ṫaisbeáin sé an leitir dó, agus d'inis sé an sgéal go léir dó, tríd síos.